Osclóidh seo an príomhroghchlár

Changes

No change in size, 1 bhliain ó shin
Is gnách trí thréimhse a aithint ar stair na Sean-Ghréigise: an tréimhse ársa (ón 9ú go dtí an 6ú haois RC), an tréimhse Chlasaiceach (ón 5ú go dtí an 4ú haois RC) agus tréimhse an Heilléanachais (tréimhse an ''Koiné'', ´go dtí an 4ú haois AD). Is ionann Gréigis na tréimhse ársa agus Gréigis Hóiméir. Maidir leis an tréimhse Chlasaiceach, b'ansin a breacadh síos saothair mhóra liteartha na sibhialtachta Gréagaí a chuaigh go domhain i bhfeidhm ar an tsibhialtacht Iartharach go léir, ach tá sé tábhachtach a thuiscint nach raibh aon chaighdeán amháin i bhfeidhm san am. Ba í canúint na hAtaice ba mhó a d'úsáidtí sa phrós, ach san am chéanna bhí canúintí eile á saothrú le haghaidh cuspóirí liteartha éagsúla: ba í an chanúint Dhórach teanga na gcór sna traigéidí, mar shampla.
 
De thoradh na gconcas a rinne Alastar Mór, chuaigh an Ghréigis in úsáid i bhfad thar theorainneacha na Gréige féin, agus ansin cruthaíodh canúint nua - ''é koiné dialektos'' nó an Chanúint Choitianta, canúint mheasctha mhadrúil, cé gurbh í canúint na hAitice ba mhó a d'fhág a sliocht uirthi. Is í an ''Koiné'' canúint an Nua-Thiomna mar shampla. Go bunúsach ba í an ''Koiné'' caint na ndaoine san am, agus theastaigh ó na luath-Chríostaithe an creideamh a chraobhscaoileadh i dteanga a bheadh intuigthe go coitianta, cé go raibh lucht na hardliteartha ag saothrú sheanchanúint na hAitice ina gcuid scríbhinní i gcónaí, agus ba bheag a meas ar "bhéarlagair" an daoscarshlua.
 
==An Ghréigis taobh amuigh den Ghréig==