Osclóidh seo an príomhroghchlár

Changes

1,217 bytes added ,  1 bhliain ó shin
no edit summary
 
De thoradh na gconcas a rinne Alastar Mór, chuaigh an Ghréigis in úsáid i bhfad thar theorainneacha na Gréige féin, agus ansin cruthaíodh canúint nua - ''é koiné dialektos'' nó an Chanúint Choitianta, canúint mheasctha mhadrúil, cé gurbh í canúint na hAitice ba mhó a d'fhág a sliocht uirthi. Is í an ''Koiné'' canúint an Nua-Thiomna mar shampla. Go bunúsach ba í an ''Koiné'' caint na ndaoine san am, agus theastaigh ó na luath-Chríostaithe an creideamh a chraobhscaoileadh i dteanga a bheadh intuigthe go coitianta, cé go raibh lucht na hardliteartha ag saothrú sheanchanúint na hAitice ina gcuid scríbhinní i gcónaí, agus ba bheag a meas ar "bhéarlagair" an daoscarshlua.
 
==Gréigis na Meánaoise==
 
Ba í Gréigis na Meánaoise an cineál Gréigise a bhí á shaothrú in Impireacht na Biosáinte go dtí gur tháinig deireadh léi sa bhliain 1453. Sa Bhiosáint a thosaigh débhéascna na Gréigise i gceart. Is éard is ciall leis an téarma "débhéascna" ná go n-úsáidtear dhá theanga sa tsochaí, an ceann acu san litríocht ardealaíonta, an ceann eile le haghaidh gnóthaí laethúla. Sa chás seo ba leaganacha éagsúla den Ghréigis iad. Bhí an leagan ard bunaithe ar an leagan Clasaiceach de chanúint na hAitice, ach má bhí, teanga shaorga ar fad a bhí ann faoin am seo nach raibh ó dhúchas ag aon duine. Timpeall ar an mbliain 1100 thosaigh na chéad scríbhneoirí ag breacadh síos ábhair sa leagan íseal, is é sin i gcaint na ndaoine. Ba é an scéal laochais ''Digenis Akritas'' nó "Tiarna Teorainne na Fola Measctha" an chéad saothar tábhachtach i gcaint na ndaoine.
 
Chuaigh an chuid is mó de na canúintí Clasaiceacha in éag faoi thionchar an ''Koine'', amach ó chanúintí beaga sna coilíneachtaí (an Ghréigis Phontach agus an Ghréigis Chapadócach). An chuid is mó de chanúintí na Gréigise inniu is as an ''Koiné'' a d'fhorbair siad.
 
 
==An Ghréigis taobh amuigh den Ghréig==