An difríocht idir athruithe ar: "An Ghréigis"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 26:
 
Chuaigh an chuid is mó de na canúintí Clasaiceacha in éag faoi thionchar an ''Koine'', amach ó chanúintí beaga sna coilíneachtaí (an Ghréigis Phontach agus an Ghréigis Chapadócach). An chuid is mó de chanúintí na Gréigise inniu is as an ''Koiné'' a d'fhorbair siad.
 
==An Nua-Ghréigis==
 
Is gnách a rá gur sa bhliain 1453, nuair a chuir ionradh na dTurcach deireadh leis an mBiosáint, a thosaigh stair na Nua-Ghréigise. Na forbairtí teangeolaíocha a rinne Nua-Ghréigis den teanga, thosaigh siad i bhfad roimhe sin, agus cuid mhaith acu le haithint sa ''Koiné''. Tá Gréagach an lae inniu in ann adhmad éigin a bhaint as an ''Koiné'', ach is beag a thuigfeadh sé de na canúintí Clasaiceacha gan oideachas ar leith a tharraingt air féin.
 
Maidir leis an débhéascna, mhair sé beo go dtí le déanaí sa Nua-Ghréigis féin, nó bhí lucht na teanga idir eatarthu faoin gcineál Gréigis ba chóir dóibh a úsáid sa litríocht. Ní raibh sé réalaíoch an tSean-Ghréigis a athbheochan mar theanga liteartha, ach sa 19ú haois d'oibrigh an náisiúnaí Adamantios Korais (1748–1833) amach a leagan féin den Ghréigis, a bhí idir eatarthu idir caint na ndaoine agus an Ghréigis sheanársa. Is gnách Gréigis íonghlanta nó ''katharevousa'' a thabhairt ar an leagan seo.
 
Ba í an ''katharevousa'' an teanga oifigiúil sa Ghréig nuair a bhain an tír amach a neamhspleáchas. San am chéanna ba í an Ghréigis Choiteann, an ''dimotiki'', ba mhó a bhí á saothrú ag na scríbhneoirí agus ag na filí comhaimseartha. Sa bhliain 1976, i ndiaidh do ''junta'' míleata na Gréige titim as a chéile, d'ordaigh an rialtas daonlathach nua teanga oifigiúil a ghairm de chaint na ndaoine. Chuaigh an ''katharevousa'' as úsáid, cé go maireann iarsmaí áirithe de in úsáid liteartha an ''dimotiki'' féin.