An difríocht idir athruithe ar: "Teangacha Cugasacha"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 1:
[[Image:Caucasus-ethnic.jpg|thumb|350px|Grúpaí eitnea-teangeolaíchtaeitneatheangeolaíocha sai réigiún Cugasachna sléibhte Cugasacha]]
 
Grúpa mór ilghnéitheach de theangacha is ea iad na '''teangacha Cugasacha''', agus iad á labhairt ag corradh is deich milliún duine sna Sléibhte Cugasacha, ar theorainn na h[[An Eoraip|Eorpa]] agus na h[[An Áise|Áise]], idir an [[An Mhuir Dhubh|Mhuir Dhubh]] agus an [[An Mhuir Chaisp|Mhuir Chaisp]]. Ní [[fine teangacha|fine]] cheart teangacha iad na teangacha Cugasacha dáiríre, nó níl gaol gach teanga acu le chéile deimhnithe ná dearbhaithe ar aon nós, cé gur féidir a rá go bhfuil foghrúpai ann a bhfuil na teangacha iontu gaolmhar le chéile. (Mar shampla, tá gaol ag an tSeisnis agus ag an Iongúisis le chéile gan aon dabht, agus iad fiú intuigthe ag cainteoirí a chéile.) Tá an "fhine Chugasach" bunaithe ar riachtanaisí praiticiúla an taighde, nó cé nach bhfuil cuid de na teangacha seo gaolmhar le chéile, bíonn comhthréithe acu i ndiaidh na gcéadta bliain a d'imir siad tionchar ar a chéile. Mar sin, bíonn sé ciallmhar staidéar a dhéanamh ar theangacha an ghrúpa seo in éineacht nó iad a chur i gcomparáid le chéile.
 
Is í an t[[Seoirsis]] an teanga is tábhachtaí acu seo mar theanga chultúrtha. Ceann de na teangacha Cugasacha Deiscearta í, agus í gaolmhar leis na teangacha eile sa chraobh seo, mar atá, an teanga Margaluri (Mingréilis), an teanga Svaneti agus an teanga Laz. Teangacha iad seo atá thar a bheith difriúil leis an tSeoirsis ó thaobh na gramadaí agus an fhoclóra de, ach mar sin féin, dearcann na Seoirsigh orthu mar chanúintí de chuid a dteanga féin, ó úsáideann a gcainteoirí dúchais an tSeoirsis liteartha mar theanga chultúrtha - is é sin, má tá teacht acu ar an tSeoirsis: an chuid is mó de chainteoirí na teanga Laz, tá cónaí orthu sa Tuirc, agus iad ag scríobh as Tuircis.
Tá na '''teangacha Cugasacha''' ina ngrúpa mór ilghnéitheach de theangacha a labhrann níos mó ná deich milliún duine iad sa réigiún Cugasach in oirthear na h[[An Eoraip|Eorpa]] agus iarthar na h[[An Áise|Áise]], idir an [[An Mhuir Dhubh|Mhuir Dhubh]] agus an [[An Mhuir Chaisp|Mhuir Chaisp]]. Ní [[fine teangacha]] ceart é seo, nó níl gaol gach teanga acu le chéile deimhnithe ná dearbhaithe ar aon nós, cé gur féidir a rá go bhfuil foghrúpaí ann a bhfuil na teangacha iontu gaolmhar le chéile. Tá an "fhine Chugasach" bunaithe ar riachtanaisí praiticiúla an taighde, nó cé nach bhfuil na teangacha seo gaolmhar le chéile ach ar éigean, bíonn comhthréithe acu i ndiaidh na gcéadta bliain a d'imir siad tionchar ar a chéile. Mar sin, bíonn sé praiticiúil staidéar a dhéanamh ar theangacha an ghrúpa seo in éineacht nó iad a chur i gcomparáid le chéile.
 
Foghrúpa eile de na teangacha Cugasacha is ea iad na teangacha Caspacha nó na teangacha Nacha-Dhagastánacha - na teangacha Cugasacha Oir-Thuaisceartacha. Is iad an tSeisnis agus an Iongúisis na teangacha is tábhachtaí acu seo. Teangacha eile sa chraobh seo iad an teanga Lak, an teanga Avar, an teanga Lezgi, an teanga Tabasaran, agus an teanga Dargwa. Is teangacha liteartha iad seo, ach thairis sin, tá cuid mhaith eile acu ann nach bhfuil caighdeán scríofa ar bith acu.
Is í an t[[Seoirsis]] an teanga is tábhachtaí acu seo mar theanga chultúrtha.
 
Is iad na teangacha Cugasacha Iar-Thuaisceartacha, nó na teangacha Pontacha, nó na teangacha Abkhaz-Adyge, an tríú foghrúpa atá ina fhíor-fhine teangacha. Is í an Chabairdis an teanga is líonmhaire cainteoirí dúchais acu. Teangacha eile iad an teanga Adyghe, a bhfuil gaol dlúth aici leis an gCabairdis - is minic a dhearctar ar an mbeirt acu mar chanúint aon teanga amháin - agus na teangacha Abkhaz agus Abaza, agus iad níos cosúla le chéile ná leis an gCabairdis nó leis an teanga Adyghe. Bhí a leithéid de theanga ann agus Ubykh freisin, ach fuair an cainteoir deireanach dúchais bás sa bhliain 1992. Bhí an teanga Ubykh níos cosúla leis an teanga Abkhaz agus leis an teanga Abaza, ach b'í an teanga Adyghe a mharaigh í.
 
[[Catagóir:Fine Teangacha|Cugasacha]]