An difríocht idir athruithe ar: "Teangacha Cugasacha"

Content deleted Content added
Líne 21:
*Teangacha Ind-Eorpacha. Tá go leor teangacha Ind-Eorpacha le cloisteáil i réigiún na Cugaise. Is í an Airméinis an ceann is suimiúla acu, is dócha, nó is craobh inti féin í i gcrann ginealais na dteangacha Ind-Eorpacha. Tá cupla teanga Iaránach ann freisin, go háirithe an Óiséitis, ach thairis sin, labhraítear an teanga Talysh in áiteanna san Asarbaiseáin. Thuas sna sléibhte Cugasacha, cónaíonn Giúdaigh na Cugaise, agus iad ag labhairt Tat, teanga Iaránach eile. Ar ndóigh, teanga Ind-Eorpach í an Rúisis fosta, agus í coitianta go maith sa réigiún.
 
*Teangacha Turcacha (nó "teangacha Tuircice"). Is í an Asarbaiseáinis an ceann is tábhachtaí acu, agus í an-chosúil leis an Tuircis a labhraítear sa Tuirc féin. Tá teangacha eile de chuid den ghrúpa seo á labhairt sa réigiún freisin, ar nós na teanga Karachay-Balkar, na teanga Nogai, agus na teanga Kumyk.