An difríocht idir athruithe ar: "Jeanne d'Arc"

Content deleted Content added
Chaco (plé | dréachtaí)
No edit summary
Líne 118:
=== Athshlánú ===
Ba é Philippe-Alexandre Le Brun de Charmettes an chéad staraí a scríobh stair iomlán Jeanne d’Arc in 1817. Iarracht a bhí ann bata agus bóthar a thabhairt don cháil a bhí aici mar eiriceach atite. Sa tráth a bhí suim á léiriú aige in Jeanne bhí an Fhrainc fós ag iarraidh an t-aitheantas nua a bhí aici tar éis na Réabhlóide agus [[cogaidh Napoleon]] a dheimhniú. Bhí laochra neamhchonspóideacha ag teastáil a bheadh ag teacht leis an éiteas náisiúnta. Ba shiombail inghlactha do na monarcaithe í Jeanne d’Arc mar ba mhór a thacaigh sí leis an Rí agus an tír. Mar thírghráthóir agus iníon tuathanach, measadh í a bheith ina dea-shampla d’óglaigh na hísealaicme (na soldats de l'an II) a throid go buach ar son na réabhlóide sa Fhrainc in 1802. Dá bharr sin, bheadh na Réabhlóidigh in ann a mhaíomh gur dhuine dá gcuid í Jeanne. Mar mhairtíreach reiligiúnach, ba dhuine í a raibh meas mór uirthi i measc an phobail Chaitlicigh freisin. Ba é a bhí san Orleanide le De Charmette, atá ligthe i ndearmad sa lá atá inniu ann den chuid is mó, ná iarracht eile chun an t-éiteas náisiúnta a chur chun cinn mar a rinne scríbhneoirí ar nós [[Virgil]] (an Aeneid), nó [[Camoens]] (an Lusiad) ar son na Róimhe agus na Portaingéile.
[[Íomhá:Joan of arc burning at stake.jpg|mion|Loisceadh ag an stáca í ar an 30 Bealtaine 1431,  ]]
 
== Cogadh an Chéad Bliain ==
Line 127 ⟶ 128:
Ba as sráidbhaile gan iomrá í Jeanne d’Arc agus bhí aithne i bhfad is i gcéin uirthi nuair nach raibh inti ach duine an-óg fós in ainneoin gur thuathánach gan oideachas í. Bhí sé dearbhaithe ag na ríthe Francacha agus Sasanacha go raibh an ceart acu an cogadh leanúnach a chur chun cinn. Thagair siad araon don [[dlí Saileach]] a bhí ann le míle bliain chun údar a thabhairt dá seasaimh agus ba dhifriúil an léirmhíniú a bhí acu ar an dlí sin. Achrann oidhreachta idir ríthe ba chúis leis an gcoimhlint. Rinne sí achomhairc a threisiú; cuir i gcás comharc scuibhéir Jean de Metz nuair a d'fhiafraigh sé: “Ar cheart an rí a dhíbirt ón ríocht; agus ar chóir dúinn bheith inár Sasanaigh?” Mar a dúirt Stephen Richey, “Ní raibh ann ar dtús ach scansáil leadránach idir ríthe nár tharraing suim phobail a bhí gafa lena mbochtanas féin. Ba í Jeanne d’Arc a chas an scansáil seo ina cogadh pobail arbh é an cuspóir a bhí leis ná saoirse náisiúnta a bhaint amach.” Cuireann Richey in iúl chomh mór agus a bhí sí i mbéal daoine sna blianta ina dhiaidh sin:
[[Íomhá:La Selle-en-Coglès (35) Vitrail 02.jpg|mion|Séipéal Saint-Pierre de La Selle-en-Coglès ]]
 
“B’iomaí caoi ar chuir na daoine a tháinig ina diaidh síos uirthi ó bhásaigh sí cúig chéad ó shin: deamhanta, fanaiceach, misteach spioradálta, duine soineanta a ndearna an lucht ceannais buntáiste a bhreith uirthi go tragóideach, an duine a chuir tús leis an náisiúnachas nua-aimseartha agus laoch dá chuid, banlaoch a bhfuil ardmheas uirthi, naomh. D’áitigh sí, fiú nuair a bagraíodh go ndéanfaí í a chéasadh agus nuair a bhíothas chun í a chur chun báis le tine, gurbh iad glórtha ó Dhia a bhí á stiúradh. Cibé acu gurbh ann do ghlórtha nó nárbh ann, cuireann a scéal iontas ollmhór ar gach duine a bhfuil cur amach aige air.”
 
Line 146 ⟶ 147:
== Taisí líomhanta Jeanne d’Arc díchruthaithe. ==
Sa bhliain 1867, thángthas ar phróca i gcógaslann i bPáras agus an méid seo scríofa air: “iarsmaí a fuarthas faoi stáca Jeanne d’Arc, maighdean d’Orléans.” Ba é a bhí sna hiarsmaí ná easna dhúloiscthe duine, adhmad carbónaithe, píosa línéadaigh agus féimear cait – bhí an nós ann cait dhubha a chaitheamh ar bhreocharn cailleach. Thug an Eaglais Chaitliceach aitheantas dóibh agus is i músaem in Chinon atá siad anois. Sa bhliain 2006, tugadh cead do [[Philippe Charlier]], eolaí fóiréinseach in [[Ospidéal Raymond Poincaré]] (Garches), na taisí a iniúchadh. Rinneadh [[tástáil Charbón-14|tástálacha Charbón-14]] agus [[speictriméadracht]] ar na hiarsmaí. Léiríonn na torthaí gur as [[seargán Éigipteach]] a tháinig siad idir an séú haois agus an tríú haois roimh Chríost. Ní dó is cúis leis an gcuma dhúloiscthe atá orthu ach na substaintí balsamaithe. De réir cosúlachta, ba chuid de chomhábhair leighis de chuid na Meánaoise é an seargán agus cuireadh lipéad eile ar an bpróca tráth a bhí an náisiúnachas go mór chun cinn sa Fhrainc.
 
== Tagairtí ==
{{Reflist}}
 
[[Catagóir:Básanna i 1431|Arc, Jeanne]]