Creidtear gurb é Curtis Lee Laws, agus é ag scríobh ar an bpáipéar úd ''Christian Watchman-Examiner'', ba túiscethúisce a bhain úsáid as an téarma ''bunúsaí'' (''Fundamentalist''), thiar sa bhliain 1920. Chualathas an téarma anseo agus ansiúd i dtús na bhfichidí, agus tagairt á déanamh dóibh siúd a bhí ag cosaint an leagan traidisiúnta den Chríostaíocht Phrotastúnach, mar mhalairt ar an "Liobrálachas". Thug an Baisteach John Roach Straton ''The Fundamentalist'' ar an bpáipéar a bhí sé a fhoilsiú sna [[1950idí|fichidí]]. Ní raibh gach duine sásta leis an téarma, áfach. Cé go raibh dearcadh bunúsaíoch ag an scoláire Preispitéireach úd Gresham Macken, ba leasc leis "bunúsaí" a thabhairt air féin, mar a bheadh reiligiún nua i gceist, seachas an seanchreideamh a bhí ann ó laethanta [[Íosa]] féin anuas, mar a tuigeadh dó féin é.