An difríocht idir athruithe ar: "Tobac"

Content deleted Content added
No edit summary
Líne 31:
Bhí an tobac á úsáid san Oileán Úr i bhfad roimh theacht na n[[An Eoraip|Eorpach]], ach ba nós do na bundúchasaigh Mheiriceánacha srianta éigin a chur leis an úsáid. Mar shampla, d'fhéadfadh an t-asarlaí nó an seaman siabhráin agus mearuithe súl a tharraingt air féin trína lán tobac a úsáid, agus é in ann na siabhráin a chiallú de réir a thuisceana reiligiúnaí féin, ach ní bhlaisfeadh na daoine eile den tobac, ó shílfidís go raibh draíocht ann. Agus ar ndóigh, ba nós le treibheacha áirithe [[píopa]] a chaitheamh le séala a chur ar an gconradh síochána.
 
Cibé scéal é, searmanas ar leith ab ea é tobac a chaitheamh, agus ba iad na hEorpaigh ba túiscethúisce a rinne nós laethúil de.
 
Tháinig borradh mór ar úsáid an tobac i ndiaidh do James Bonsack an meaisín rollta toitíní a chéadcheapadh sa bhliain 1880.<ref>http://www.britannica.com/facts/5/147744/James-A-Bonsack-as-discussed-in-cigarette</ref> Faoi lár na [[20ú haois|fichiú haoise]], áfach, chuaigh an tuiscint ar feadh an domhain go raibh an tobac thar a bheith dainséarach don tsláinte, agus de réir a chéile, thosaigh na daoine ag éirí as an nós.