An difríocht idir athruithe ar: "Bitheolaíocht"

Content deleted Content added
m Cúpla wikilinks curtha isteach
No edit summary
Líne 41:
=== Teoiric na hèabhlóide ===
 
Is é is brí leis an [[éabhlóid]] i gcúrsaí na bitheolaíochta ná an dóigh ar tháinig na beothaigh ardfhorbartha chun cinn ó na neacha simplí a bhí ann rompu, agus go ndeachaigh an bheatha chun castachta agus chun éagsúlachta in imeacht na milliún bliain. Ba é [[Charles Robert Darwin]] (12 Feabhra 1809 — 19 Aibreán 1882) ba túiscethúisce a chuir an tuiscint seo os comhair an tsaoil mhóir, nuair a d'fhoilsigh sé a leabhar cáiliúil ''On the Origin of Species by Means of Natural Selection'' ("An Dóigh a bhForbraíonn na Speicis tríd an Roghnú Nádúrtha"), sa bhliain 1859. Rinne an foilseachán seo athmhúnlú radacach ar na heolaíochtaí nádúrtha go léir, nó chuir sé an dearcadh dinimiciúil in áit na tuisceana stataí a bhí ag na daoine ar an mbeatha agus ar an saol go dtí sin. Is é sin, má chreid na heolaithe roimh lá Darwin go raibh an nádúr do-athraithe, is é an síor-athrú is bunchloch don tuiscint eolaíochtúil ar an nádúr agus ar an dúlra ina dhiaidh.
 
Ba é Darwin an chéad duine a bhuanaigh an éabhlóid mar theoiric, ó bhí sé in ann fórsa a tiomána, is é sin, an roghnú nádúrtha, a mhíniú go sásúil, ach glactar leis go raibh an-lámh ag [[Alfred Russel Wallace]] i bhforbairt na teoirice chomh maith. Nuair a fuair na bitheolaithe nua-aimseartha amach faoin ngéineolaíocht, faoin [[ADN]] agus faoi mhacasamhlú an ADN, chuir siad míniú breise leis an scéal, mar atá, fánaíocht na ngéinte.
Líne 89:
<!--
===Struchtúr na Beatha===
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
===Fiseolaíocht na n-organách===
 
 
 
 
===Éagsúlacht agus Éabhlóid na n-organách===