An difríocht idir athruithe ar: "José Rizal"

Content deleted Content added
Tyuiop (plé | dréachtaí)
Líne 15:
Fear ileolach a bhí ann agus suim aige sna healaíona agus sa léann araon, agus d'fhoghlaim sé deich dteanga a léamh is a scríobh, ar a laghad. Scríbhneoir bisiúil a bhí ann agus thosaigh sé ag scríobh an chéad [[úrscéal]], ''Noli Me Tangere,'' nuair a bhí sé ag cur faoi sa [[An Ghearmáin|Ghearmáin]]. Ba í an [[An Spáinnis|Spáinnis]] a theanga scríbhneoireachta ach is léir gur cuireadh Tagálaigis ar a chuid saothar go sciobtha. Is é is ábhar don chéad úrscéal ná an beag is fiú a rinne na coilínitheoirí Spáinneacha de mhuintir dhúchasach na nOileán. Lean sé leis an gcriticeoireacht shóisialta seo sa dara húrscéal, ''El filibusterismo''.
 
== PolataíochtPolaitíocht ==
[[Íomhá:Jose Rizal in Spain.jpg|clé|mion|238x238px|
sa Spáinn an chead uair
]]
[[Íomhá:Rizal-35.jpg|clé|mion]]
Nuair a d'fhill sé ón [[An Eoraip|Eoraip]] go dtí na h[[Na hOileáin Fhilipíneacha|Oileáin Fhilipíneacha]], bhunaigh sé ''La Liga Filipina'' nó An Conradh Filipíneach, eagraíocht a bhí dírithe ar fheabhas a chur ar shaol na bhFilipíneach trí leasuithe [[Síocháin|síochán]]<nowiki/>ta. Bhí Rizal go mór mór in aghaidh foréigin agus ceannairceoireachta.
 
Ní raibh muinín ag na húdaráis as a dhearcadh frith-fhoréigneach, áfach. Scoir siad an eagraíocht go sciobtha, nó ba é an meas a bhí acu ar Rizal gur reibiliúnach dainséarach a bhí ann, toisc go raibh a leithéidí d'úrscéalta scríofa aige.