An difríocht idir athruithe ar: "Akira Kurosawa"

Content deleted Content added
mNo edit summary
No edit summary
Líne 1:
[[Íomhá:Akirakurosawa-onthesetof7samurai-1953-page88.jpg|thumb|Akira Kurosawa sa bhliain 1953]]
[[Stiúrthóir scannáin|Stiúrthóir]] agus léiritheoir [[scannán]], scriptscríbhneoir agus ilcheardaí [[scannánaíocht]]a ón [[An tSeapáin|tSeapáin]] ab ea '''Akira Kurosawa'''. Rugadh ar an [[23 Márta]] [[1910]] i [[Shinagawa]], [[Tóiceo]] é, agus shíothlaigh sé ar an [[6 Meán Fómhair]] [[1998]] i Setagaya, Tóiceo.

Stiúir sé 30 scannán ar fad, agus chaith sé leathchéad bliain ina stiúrthóir scannán. Áirítear ar stiúrthóirí móra a linne é. Sa bhliain 1989, bronnadh [[Gradaim an Acadaimh|Duais an Acadaimh]]—"Oscar"—air as éacht a shaoil mar scannánaí.
 
== A shaol ==
Line 7 ⟶ 9:
 
Ní bochtáin a bhí iontu. Bhí athair Akira ina phríomhoide i scoil mhíleata, agus thairis sin, ba de shliocht na samúraithe é. Cé go raibh an tSeapáin ag tiontú in aghaidh an chultúir Iartharaigh agus [[an Dara Cogadh Domhanda]] ag teacht, bhí suim ag Isamu Kurosawa, an t-athair, sna scannáin Iartharacha, agus é suite siúráilte gur oideachas maith a bhí iontu dá chlann.
[[Íomhá:Shubun poster.jpg|clé|mion|Scandal (醜聞, Shubun, 1950).]]
 
Bhí bua ealaíne in Akira ó bhí sé óg, agus múinteoir maith aige ar scoil a spreag é chun pictiúir a tharraingt is a líniú. Bhí tionchar ag a dheartháireacha Heigo agus Tachikawa ar Akira óg mar ealaíontóir freisin. Ábhar éirimiúil ealaíontóra a bhí i Heigo Kurosawa a bhain amach a lán duaiseanna ina scoláire óg dó, ach bhí an dá Heigo ann - bhí taobh eile a charachtair cineál dorcha nó ciniciúil. Sa bhliain 1923, rinne talamhchrith mór - chuaigh sé in annála staire na Seapáine mar Thalamhchrith Mór Kanto - rinne sé an-léirscrios timpeall ar Thóiceo, agus fuair céad míle duine bás san olltubaiste seo. Nuair a bhí Heigo agus Akira ar a gcamchuairt sa chathair i ndiaidh an ródaigh mhóir, bhí daoine marbha le feiceáil ina gcairn ar fud na háite. B'fhearr le hAkira gan radharc a fháil ar na marbháin, ach d'ordaigh Heigo dó féachaint orthu mar sin féin. Ina dhiaidh sin, d'inis Akira Kurosawa gur ceacht tábhachtach a bhí ann do stiúrthóir scannán, ó d'fhoghlaim sé aghaidh a thabhairt go cróga ar an rud a chuirfeadh eagla air, gan a shúile a dhúnadh.
 
Sa deireadh, chuaigh Heigo le gnó na scannán - ar bhealach. Nó fuair sé post mar ''benshi'', is é sin, mar chineál fear inste a mhíníodh imeachtaí an scannáin thostaigh don lucht féachana. Bhí an cheird seo tábhachtach go maith sa tSeapáin roimh theacht na scannán le fuaimrian. Nuair a tháinig an fuaimrian, áfach, bhí port na m''benshi'' seinnte. D'eagraigh Heigo stailc na m''benshi'', ach ní raibh rath ar na stailceoirí. Faoi thionchar na stailce seo, áfach, chuir Akira spéis i gcúrsaí an lucht oibre agus scríobh sé cúpla alt d'iris radacach.
[[Íomhá:Zoku Sugata Sanshiro poster.jpg|clé|mion|Zoku Sugata Sanshiro (1943)]]
 
Chuir Heigo lámh ina bhás féin nuair a bhí Akira fiche éigin bliain d'aois, agus go gairid ina dhiaidh sin, d'éag an deartháir ba sine a bhí ag Akira. Ní raibh aon duine eile fágtha den chlann mhac ach é féin anois.
 
Line 31 ⟶ 33:
 
Bhí cur chuige ar leith ag Kurosawa ina chuid scannánaíochta. Ba nós leis lionsaí teileafótacha a úsáid - is é sin, lionsaí a chuir ar a chumas na ceamaraí a chur i bhfad ar shiúl ó na haisteoirí - nó ar an dóigh sin, chreid sé nach mbeadh na haisteoirí meabhrach ar an gceamara. Bhaineadh sé úsáid as níos mó ná aon cheamara amháin le radharc aicsin a scannánú, freisin. Nuair nach raibh a fhios ag na haisteoirí cén ceamara a bhí á scannánú, ní iompóidís i leith an cheamara ar leith a bheadh i gceist. Bhí Kurosawa tugtha don aimsir mar ghléas le cur le hatmaisféar an scannáin, cosúil leis an mbáisteach throm i dtús ''Rashomon''.
[[Íomhá:Seven Samurai poster2.jpg|clé|mion|Seven Samurai , 1954]]
 
Ar an láithreán scannánaithe, bhí Kurosawa cosúil le deachtóir, agus thugadh na haisteoirí ''Tenno'' - an tImpire - air, mar leasainm. Rachadh sé i dtuilleamaí gach sórt cleasaíochta leis an gcuma cheart a chur ar na himeachtaí. Ar ''Rashomon'', mar shampla, dhathaigh sé an "bháisteach" le dúch peannaireachta lena chinntiú go mbeadh cuma na fearthainne troime uirthi. Ar an scannán úd ''Ran'', tógadh caisleán iomlán ar shlios Shliabh Fuji - agus cuireadh an foirgneamh seo trí thine sa radharc is tábhachtaí.
 
Foirfeoir fanaiceach a bhí ann i gcúrsaí na gcultacha freisin. Bhí sé inbharúla nach raibh sé ciallmhar culaith úrdhéanta a chur ar an aisteoir, nó ní chreidfeadh an lucht féachana gur leis an gcarachtar an chulaith sin i ndáiríre. Theastaigh uaidh go mbeadh gach aisteoir tar éis a rólchulaith a chaitheamh le cúpla seachtain anuas roimh an scannánú, ionas nach mbeadh coimhthíos air roimpi. Nuair a bhí sé ag scannánú ''Seachtar Samúraithe'', d'ordaigh sé do na haisteoirí a bhí ag déanamh páirteanna na bhfeirmeoirí dearóile go mbeadh a gcuid rólchultacha ina mbratóga bochta sula dtosódh an scannánú.
[[Íomhá:Sevensamurai-movieposter1954.jpg|clé|mion|''Seven Samurai''.]]
 
Ba nós le Kurosawa a chuid scannán a chur in eagar (a ghearradh) gan duine ar leith a fhostú le haghaidh eagarthóireachta. Maidir leis an gceol, bhí sé den tuairim nár chóir ceol críochnaithe a chur le scannán. Ina áit sin, roghnódh sé aon eilimint amháin - abair, na drumaí - as píosa áirithe ceoil agus bhainfeadh sé úsáid aisti sin mar chúlra dá scannán. Ní bhíonn ceol críochnaithe le cloisteáil ar a chuid scannán ach go gairid roimh an deireadh.
 
Line 41 ⟶ 43:
 
Is iomaí cineál tionchar a d'imir ealaíontóirí éagsúla eile ar Akira Kurosawa. Is féidir plotaí William Shakespeare a aithint ar a lán scannán dá ndearna sé: tá imeachtaí ''Ran'' bunaithe ar ''King Lear'', agus bhain sé úsáid as plota ''Mhic Bheatha'' ar an scannán ''Kumonosu-jō'' ón mbliain 1957. (Is é is ciall le teideal Seapáinise an scannáin ná "Caisleán na dTéad Damhán Alla", ach is é an teideal Béarla a fuair an scannán ná ''Throne of Blood'', is é sin, "An Ríchathaoir Fola".) Is féidir eilimintí ó ''Hamlet'' a aithint ar an scannán ''Warui yatsu hodo yoku nemuru'' (''The Bad Sleep Well'', is é sin, "Bíonn codladh sámh ag na drochdhaoine"). Bhí scannáin eile le Kurosawa bunaithe ar shaothair le scríbhneoirí clasaiceacha Rúisise, cosúil le ''Hakuchi'' ón mbliain 1951 ("An tAmadán", nó ''The Idiot'' as Béarla, agus é bunaithe ar ''Идиот/Idiot'' le Fyodor Dostoyevskiy), ''Donzoko'' ón mbliain 1957 ("Thíos ar Íochtar", nó ''The Lower Depths'' as Béarla - ba é ''На дне/Na dne'', an dráma le Maxim Gorkiy, a thug inspioráid don cheann seo), agus fuair ''Ikiru'' (teideal Béarla: ''To Live'') ón mbliain 1952 spreagadh ón ngearrscéal fada ''Смерть Ивана Ильича/Smert' Ivana Il'icha'' ("Bás Ivan Il'ich") le Leon Tolstoy. Sa bhliain 1975, stiúir Kurosawa an scannán ''Dersu Uzala'', agus ba é an leabhar dírbheathaisnéise leis an taiscéalaí Rúiseach Vladimir Arsenyev bunús an scannáin seo.
[[Íomhá:Yoidore tenshi poster.jpg|clé|mion|1948, Drunken Angel (酔いどれ天使, Yoidore tenshi).]]
 
Maidir le ''Tengoku to jigoku'' ón mbliain 1963 (''High and Low'' an teideal Béarla, ach is é is brí leis an teideal Seapáinise ná "Neamh agus Ifreann"), bhí plota an scannáin sin bunaithe ar an úrscéal ''The King's Ransom'' ("Airgead Fuascailte an Rí") leis an scríbhneoir scéalta bleachtaireachta [[Ed McBain]]. Is féidir go raibh an scannán ''Yojimbo'' bunaithe ar ''Red Harvest'' ("Fómhar Fola") le [[Dashiell Hammett]], agus ar a laghad, ní deacair tionchar na scannán Meiriceánach faoin Iarthar Fiáin a aithint air. Bhí Kurosawa an-tugtha do shaothar [[Georges Simenon]] freisin, agus deireadh sé riamh gur iarracht a bhí i ''Nora inu'' (''Stray Dog'', "Madra seachráin") scannán a dhéanamh a chuirfeadh stíl scríbhneoireachta Simenon i gcuimhne don lucht féachana.