An difríocht idir athruithe ar: "Albain"

1 byte added ,  14 bliain ó shin
m
no edit summary
m (cuid mhaith mion-fheabhsacháin)
m
Is tír í '''Alba''' (i n[[Gaeilge na hAlban]] ''Alba''; i m[[Béarla]] agus asa [[Bhéarla Gallda]], ''Scotland'') a bhíodh ina ríocht neamhspleách uair in iarthuaisceart na h[[an Eoraip|Eorpa]], agus tá sí ar cheann de na ceithre náisiúin is mó atá san áireamh sa [[An Ríocht Aontaithe|Ríocht Aontaithe]]. Is in Albain atá an trian ó thuaidh d'oileán na [[an Bhreatain|Breataine]]. Ba [[treibh|threibh]] [[Gael|Gaelach]] in [[Éire|Éirinn]] iad na [[Scot|Scoit]], ach tar éis dóibh seilbh a ghlacadh ar chuid d'iarthar na hAlban, agus nuair a tháinig tionchar na nGael i gceannas ar an tír, ghlac siad an ainm ''Scoti'', agus thug an Laidin ''Scotia'' uirthi, agus is uaidh sin a thagann an t-ainm 'Scotland' sa Bhéarla.
 
Ghlac Alba páirt in [[aontas pearsanta]] le [[Sasana]] sa bhliain [[1603]], nuair a deineadh [[Séamus I Shasana]] de [[Séamus VI na hAlban]]. Tugadh aitheantas oifigiúil don aontas [[1 Bealtaine]] [[1707]] le [[Acht an Aontais 1707]]. Cuireadh deireadh le Parlaimint na hAlban ar [[Márta 26]], [[1707]]. D'aontaigh an t-aontas seo an dá ríocht, agus as seo tháinig [[Ríocht na Breataine Móire]] ar an saol, le Parlaimint nua amháin suite i [[Westminster]], [[Londain]]. D'fhan codanna áirithe d'institiúidí na hAlban, go háirithe an córas dlí, mar a bhí. Níos déanaí thóg an stát seo seilbh ar Éireann, agus ó 1932 ar aghaidh is [[Tuaisceart Éireann]] a bhí sa stát agus in ainm na Ríochta. I [[1999]], beagnach 300 bliain tar éis é a bheith curtha ar ceal, thogh pobal na hAlban [[parlaimint]] na tíre a thabhairt le chéile arís, de réir Rialtais na Breataine, faoin [[Acht Alban 1998]]. Tugadh cumhachtaí do [[Parlaimint na hAlban|Pharlaimint na hAlban]] an tír a riarú i ngnéithe a bhaineann le hAlban amháin, agus níl ach cumhachtaí teoranta aige le cáin a ardú.
1,676

edits