An difríocht idir athruithe ar: "Judit Polgar"

Content deleted Content added
Dmd3music (plé | dréachtaí)
Líne 8:
Is [[An Giúdachas|Giúdach]] í Judit Polgar, ó [[Búdaipeist]]. Maraíodh gaolta léi san [[Uileloscadh]].
 
Bhí Judit agus a beirt deirfiúracha níos sine (Zsuzsa agus Sofia) páirteach i dturgnamh [[Oideachas|oideachais]] dírithe ag a n-athair, László Polgar, a bhí ag iarraidh a thaispeáint go bhfuil páistí ábalta sár-éachtaí a bhaint amach má mhúintear iad in ábhar éigin ó bhíonn siad an-óg. Mhúin László agus a bhean Klara an tríurtriúr deirfiúr sa bhaile agus rinne siad saincheird den fhicheall. Bronnadh stádas ArdMháistir Fichille ar Judit agus Zsuzsa i 1991. Bronnadh stádas Máistir Idirnáisiúnta Fichille ar Sofia.
[[Íomhá:Judit polgar 03.08.2008.jpg|clé|mion|218x218px|2008]]
 
Cé go bhfuil a tuismitheoirí agus a deirfiúracha tar éis dul ar imirce, tá Judit fós ina cónaí san Ungáir. Tá sí pósta le treidlia darbh ainm Guzstav Fonts agus tá beirt clainne acu.
 
Líne 15:
 
Ba í a deirfiúr Zsuzsa a traenálaí nuair a bhí sí óg. B'fhearr le Judit bheith ag imirt i gcomortais oscailte i gcónaí - sheachain sí comórtais ban de ghnáth. Fuair sí an ceann is fearr ar ArdMháistir (Vladimir Kovacevic) don chéad uair nuair nach raibh sí ach 11 bhliain d'aois.
[[Íomhá:Judit Polgár 2013.jpg|mion|221x221px|2013]]
 
Tá buanna aici ar a lán imreoirí cáiliúla, [[Garry Kasparov|Kasparov]], [[Viswanathan Anand|Anand]] agus Topalov san áireamh.
 
I mí na Samhna 1995, bhain sí áit amach ar liosta grádaithe [[FIDE]] de na 10 bhficheallaí is airde ar domhain. Is í an t-aon bhean riamh chun bheith i measc an deichniúr ficheallaí is airde.
[[Íomhá:Judit Polgár 12 years.jpg|clé|mion|307x307px]]
 
I Meán Fómhair 2005 i San Luis, [[An Airgintín]] ba í an chéad bhean riamh a bhí páirteach i gcomórtas chun an curadh domhanda fichille a roghnú, ach níor éirigh go maith léi. Chríochnaigh sí san áit deireanach (8ú).
 
Líne 28:
Ar [[13 Lúnasa]] [[2014]], d'fhógair sí go raibh sí ag éirí as imirt i gcomórtais fichille.
 
== Tagairtí ==
{{Reflist}}
{{DEFAULTSORT:Polgar, Judit}}