An difríocht idir athruithe ar: "Cosslett Ó Cuinn"

412 bytes added ,  1 bhliain ó shin
no edit summary
 
Scoláire, [[Teangeolaíocht|teangeolaí]] agus [[sagart]] ba ea an t[[Ollamh]] Cosslett Ó Cuinn ([[27 Feabhra]] [[1907]] - [[6 Nollaig]] [[1995]]) ,
[[Íomhá:Thatched Cottages in Greencastle Street, Kilkeel - geograph.org.uk - 1465792.jpg|mion|Sráid Greencastle, Cill Chaoil <br />]]
 
== Saol ==
Rugadh Cosslett Ó Cuinn i nDoire Eachaidh, [[Contae Aontroma]]. Ba é Charles Edward Quin, reachtaire Dhoire Achaidh, a athair agus ba í Edith Isobel Wadell a mháthair. Bhí beirt deirfiúracha aige.
 
Bhí sé ar scoil i nGráinseach na Morna i g[[Contae an Dúin]] ó 1916-20. Chuaigh sé go dtí Coláiste Campbell, [[Béal Feirste]] agus ina dhiaidh go dtí [[Coláiste na Tríonóide]] i m[[Baile Átha Cliath]]. Fuair sé an chéim BD (Bachelor of Divinity) i 1940.
 
Cara leis sa Choláiste, Seoirse Mac Canna, a mhúscail a shuim sa Ghaeilge. Thug sé faoi staidéar a dhéanamh ar Ghaeilge Uladh agus is minic a bhíodh sé in Oileán Ghabhla agus sna [[Doirí Beaga]]. D’fhoilsigh sé ailt in ''Éigse'' ar chaint Reachlainn agus ar shampla de Ghaeilge Chill Chainnigh.
[[Íomhá:Regent House from Parliament Square - geograph.org.uk - 1741395.jpg|clé|mion|Coláiste na Tríonóide]]
 
Rinne deagánach de sa bhliain 1931 agus é ag obair i mBéalm[[Béal Feirste]] agus in [[Inis Eoghain]]. Fuair Ó Cuinn [[béaloideas]] ó sheanchainteoirí dúchais agus bhailigh ábhar i d[[Toraigh]] agus in [[Árainn Mhór]]. Ó 1940 amach bhí postanna aige ina lán áiteanna ar fud na hÉireann, agus ceapadh é ina chanónach de chuid Ardeaglais Phádraig i 1966. D’éirigh sé as an ministreacht sa bhliain 1971.
[[Íomhá:IMG Redcross742c.jpg|mion|Ó 1965 is sa Chros Dhearg, Co. Chill Mhantáin, a bhí sé ag obair, é ina reachtaire]]
 
== Saol acadúil ==
Ceapadh Ó Cuinn ina ollamh le Gréigis an Bhíobla i gColáiste na Tríonóide sa bhliain 1961. D’aistrigh sé ''Tiomna Nua ár dTiarna agus ár Slánaitheora Íosa Críost'' i 1970. D’fhoilsigh sé dánta in ''[[Comhar]]'' agus foilsíodh dán fada leis, ''Slánú an tSalachair'', sa bhliain 1978.
 
D’aistrigh Ó Cuinn leagan Béarla de ‘Cúirt‘[[Cúirt an Mheán Oíche’Oíche]]’ (''The Midnight Court: a New Translation'', 1982) agus de dhánta [[Seán Ó Ríordáin|Sheáin Uí Ríordáin]] (in ''The Pleasures of Gaelic Poetry'', Seán Mac Réamoinn,1982). D’aistríodh sé ábhar ó Spáinnis agus ó theangacha eile freisin.
 
==Tagairtí==
8,906

edits