An difríocht idir athruithe ar: "An Ostair-Ungáir"

Content deleted Content added
cmc
No edit summary
Líne 22:
|fonótaí=}}
 
Is éard a bhí i gceist leis an '''Ostair-Ungáir''' (nó Impireacht na hOstaireh[[An Ostair|Ostaire]] is na hUngáireh[[An Ungáir|Ungáire]], nó an Démhonarcacht, nó [[Monarcacht]] na [[An Danóib|Danóibe]], nó an Mhonarcacht Impiriúil Ríoga) ná an t-aontas bunreachtúil monarcach i lár na hEorpa a tháinig ar an bhfód de thoradh an ''Ausgleich'', nó Comhréiteach na bliana 1867. De réir an chomhréitigh seo, thoiligh Rítheaghlach Ostarach Hapsburg an chumhacht a chomhroinnt le rialtas na hUngáire, agus mar sin rinneadh tír ar leith de Ríocht na hUngáire a raibh an ceann stáit, cuid de na ranna rialtais agus forais áirithe i bpáirt aici leis an Impireacht Ostarach. Sin an chúis a dtugtaí monarcacht Impiriúil Ríoga ar an Ostair-Ungáir: thagair an chéad aidiacht acu do ról an rialtóra mar Impire san Ostair, agus an dara ceann acu bhí sé ag trácht ar a ról mar Rí san Ungáir.
 
Mhair an démhonarcacht bliain amháin thar an leathchéad. Tháinig deireadh léi sa bhliain 1918, nuair a briseadh an Chéad Chogadh Domhanda ar na Cumhachtaí Láir (Impireacht na Gearmáine agus an Démhonarcacht). Ba ansin a tháinig na gluaiseachtaí náisiúnta chun tosaigh i measc na náisiúntachtaí beaga a raibh an Impireacht comhdhéanta astu, agus bhunaigh siad stáit nua dóibh féin.
 
Ní mór an giorrúchán ''k.u.k.'' (''kaiserlich und königlich'', "Impiriúil agus Ríoga") a aithint thar an ngiorrúchán ''k.k.'' (''kaiserlich königlich'', "Impiriúil Ríoga"). Tagraíonn an chéad ghiorrúchán d'údaráis na tíre go léir, idir an Ostair agus an Ungáir. Maidir leis an dara giorrúchán, tráchtann sé ar údaráis na hOstaire, nó is amhlaidh go raibh an tImpire ag rialú Ríocht na Boihéime (inniu: Poblacht na Seice) mar rí, freisin. Tagraíonn an giorrúchán ''kgl. ung.'' (''königlich ungarisch'', ríoga Ungárach) d'údaráis na hUngáire (''m. kir.'' nó ''magyar királyi'' an leagan Ungáirise).
[[Íomhá:Coat of arms of Austro-Hungarian Empire 1846.png|clé|mion|Armas]]
 
== Struchtúr agus ainm na tíre ==
 
Na tailte a bhí á rialú ag an monarc Hapsburgach i ról [[Impire na hOstaire]]<ref name="title">{{cite web|url=http://www.firstworldwar.com/bio/franzjosef.htm |teideal=Who's Who - Emperor Franz Josef I |foilsitheoir=First World War.com |date= |accessdate=2009-05-05}}</ref>, ba iad na tailte thuaidh agus thiar, nó [[Impireacht na hOstaire]], an Tír ar an taobh abhus d'Abhainn Leitha (''Cisleithanien'') nó na Tailte le hIonadaíocht sa ''Reichsrat'' (''Die im Reichsrat vertretenen Länder'')<ref name="Britannica1911">[http://www.1911encyclopedia.org/Austria-Hungary Britannica 1911]</ref>. I ról Rí na hUngáire, bhí an monarc ag rialú [[Ríocht na hUngáire]], nó an Tír taobh thall d'Abhainn Leitha (''Transleithanien''), nó Tíortha Coróin Stiofáin Naofa<ref name="Britannica1911"/>. Is éard a bhí i gceist le Leitha ná craobh-abhainn de chuid na Danóibe, agus í ina teorainn, a bheag nó a mhór, idir an Ostair agus an Ungáir.
[[Íomhá:Austro-Hungarian Monarchy (1914).svg|link=https://ga.wikipedia.org/wiki/%C3%8Domh%C3%A1:Austro-Hungarian%20Monarchy%20(1914).svg|clé|mion]]
 
Nuair a bhí an Démhonarcacht ann, bhí [[Impireacht Naofa Rómhánach an Náisiúin Ghearmánaigh]] ann i gcónaí ó thaobh an dlí de. Ní raibh ach an Ostair suite taobh istigh de theorainneacha na himpireachta sin - bhí an Ungáir neamhspleách ar an Impireacht Naofa.
 
Line 37 ⟶ 38:
 
Ba iad [[Vín]] agus [[Búdaipeist]] an dá príomhchathair: Vín san Ostair agus Búdaipeist san Ungáir.<ref name="Britannica1911"/> Ba í an Ostair-Ungáir an dara tír is mó san Eoraip de réir an achair i ndiaidh [[Impireacht na Rúise]] (621.538 km², nó 239.977 míle chearnach sa bhliain 1905<ref>{{cite web|url=http://www.1911encyclopedia.org/Austria-Hungary |teideal=Austria-Hungary - LoveToKnow 1911 |foilsitheoir=1911encyclopedia.org |date= |accessdate=2009-05-05}}</ref>) agus í ar an tríú tír ó thaobh an daonra de (i ndiaidh na Rúise agus [[Impireacht na Gearmáine]]). Sa lá atá inniu ann, tá timpeall ar 69 milliún duine ina gcónaí sna tailte a bhain leis an Impireacht lena linn.
[[Íomhá:The Austro Hungarian Empire Before the First World War Q81810.jpg|clé|mion|Teaghlach ríoga: Archduke Franz Ferdinand, agus a bhean Sophie, Duchess of Hohenberg agus an chlann]]
 
==== Impireacht na h[[An Ostair|Ostaire]] is na hUngáire (1914) ====
Ós impireacht ilnáisiúnta agus mórchumhacht a bhí ann, bhí an Ostair-Ungáir thíos le teacht na ngluaiseachtaí náisiúnta sa naoú haois déag. Cuid lárnach de shaol pholaitiúil na tíre ab ea na héilimh a bhí ag na gluaiseachtaí seo agus na díospóireachtaí a spreag siad.
 
Line 43 ⟶ 46:
 
Is é an teideal a chuireadh an monarc lena ainm agus é ag síniú conarthaí idirnáisiúnta ná ''Kaiser von Österreich und Apostolischer König von Ungarn'', is é sin, Impire na hOstaire agus Rí Aspalda na hUngáire. Sa chaidreamh phearsanta, thugtaí ''Seine K. u. K. apostolische Majestät'', "A Mhórgacht Aspalda Impiriúil agus Ríoga" air.
[[Íomhá:Market place, Vienna, Austro-Hungary-LCCN2002708398.tif|clé|mion|áit an mhargaigh, Vín]]
 
==== Tailte na hOstaire ====
Line 62 ⟶ 66:
* Diúcacht [[Kärnten]] (príomhchathair: [[Klagenfurt]]. Ceann de stáit fheidearálacha na hOstaire é Kärnten inniu féin.)
 
*[[Íomhá:Golden gate, austro hungarian empire - panoramio.jpg|mion|Golden Gate]]Diúcacht Crain (príomhchathair: Laibach, inniubh: [[Liúibleána]] , príomhchathair na [[An tSlóivéin|Slóibhéine]]. ''Carniola'' an t-ainm Laidine agus Béarla ar Crain.)
 
* Diúcacht [[Salzburg (stát)|Salzburg]] (príomhchathair: [[Salzburg]]. Ceann desna stáit fheidearálacha san Ostair inniu féin é stát Salzburg.)
Line 77 ⟶ 81:
 
*[[Vorarlberg]] (príomhchathair: [[Bregenz]]. Ceann desna stáit fheidearálacha é Vorarlberg san Ostair inniu. Cuid de Chontae Dhiúcach na Tioróile a bhí i Vorarlberg ó thús, agus cé gur bronnadh sórt féinrialtais air sa bhliain 1861, bhí sé á riar mar chuid den Tioróil ina dhiaidh sin féin.)
 
[[Íomhá:The University, Vienna, Austro-Hungary-LCCN2002708401.tif|clé|mion|Ollscoil, Vín]]
 
==== Tailte na hUngáire ====
Line 85 ⟶ 91:
 
* [[Fiume]] - is é sin, an chathair úd Fiume agus na tailte ina timpeall. Inniubh, tugtar Rijeka ar Fiume, agus is cuid den Chróit í. Ciallaíonn an dá ainm "abhainn": focal Iodáilise é ''fiume'', agus focal Cróitise é ''rijeka''.
 
[[Íomhá:Hofburg, Vienna, Austro-Hungary-LCCN2002708397.tif|clé|mion|Hofburg, Vín]]
 
==== An Bhoisnia agus an Heirseagaibhéin ====
Line 121 ⟶ 129:
 
Ba iad an Ghearmáinis agus an Ungáiris na príomhtheangaí, nach san Ostair agus sna húdaráis impiriúla ríoga, cosúil leis na fórsaí armtha, bhí na húdaráis sásta stádas áirithe a ghéilleadh do na teangaí mionlaigh. Bhí móid dílseachta an tsaighdiúra i gcló sna teangaí éagsúla, mar shampla.
 
 
{| class="wikitable"
! Teanga
Line 194 ⟶ 200:
[[Catagóir:An Ungáir]]
[[Catagóir:Iar-thíortha na hEorpa]]
[[Catagóir:Impireachtaí]]