An difríocht idir athruithe ar: "Bitheolaíocht"

Content deleted Content added
No edit summary
Líne 39:
Le heolas géiniteach a choinneáil i dtaisce, baineann na horgánaigh bheo go léir úsáid as an dá mhóilín úd ADN agus ARN - an t-aigéad dí-ocsairibeanúicléasach agus an t-aigéad ribeanúicléasach. Prionsabal uilíoch eile is ea go bhfuil na neacha beo go léir (cé is moite de na [[Víreas|víris]]) comhdhéanta de [[Cill (bitheolaíocht)|chealla]]. Is féidir cosúlachtaí móra a aithint idir na próisis fhorbartha a bhíonn ag na beothaigh éagsúla chomh maith.
 
=== Teoiric na hèabhlóidehéabhlóide ===
 
Is é is brí leis an [[éabhlóid]] i gcúrsaí na bitheolaíochta ná an dóigh ar tháinig na beothaigh ardfhorbartha chun cinn ó na neacha simplí a bhí ann rompu, agus go ndeachaigh an bheatha chun castachta agus chun éagsúlachta in imeacht na milliún bliain. Ba é [[Charles Robert Darwin]] (12 Feabhra 1809 — 19 Aibreán 1882) ba thúisce a chuir an tuiscint seo os comhair an tsaoil mhóir, nuair a d'fhoilsigh sé a leabhar cáiliúil ''On the Origin of Species by Means of Natural Selection'' ("An Dóigh a bhForbraíonn na Speicis tríd an Roghnú Nádúrtha"), sa bhliain 1859. Rinne an foilseachán seo athmhúnlú radacach ar na heolaíochtaí nádúrtha go léir, nó chuir sé an dearcadh dinimiciúil in áit na tuisceana stataí a bhí ag na daoine ar an mbeatha agus ar an saol go dtí sin. Is é sin, má chreid na heolaithe roimh lá Darwin go raibh an nádúr do-athraithe, is é an síor-athrú is bunchloch don tuiscint eolaíochtúil ar an nádúr agus ar an dúlra ina dhiaidh.