An difríocht idir athruithe ar: "Jean Renart"

scríbhneoir Francach
Content deleted Content added
Leathanach cruthaithe le 'Ainm cléite ab ea '''Jean Renart''' (nó ''Jehan Renart'' nó ''Jean Renaut''). Do bhí an t-ainm cléite sin in úsáid ag scríbhneoir Francach a raibh saothair á g...'
(No difference)

Leagan ó 11:25, 16 Eanáir 2019

Ainm cléite ab ea Jean Renart (nó Jehan RenartJean Renaut). Do bhí an t-ainm cléite sin in úsáid ag scríbhneoir Francach a raibh saothair á gcumadh aige ag deireadh na 12ú haoise agus ag tús na 13ú haoise. Is cosúil gur rugadh insan Île-de-France é agus go raibh cónaí i dtigh Chunta Bhoulogne air. Do bhí an t-easpag Milon de Nanteuil ina chaomhnóir aige.

Tá trí cinn de shaothair againn sa lá atá inniubh ann a bhfuiltear cinnte dearfach gurb é Jean Renart a chum iad. Is iad saothair Jean Renart ná: L'Escoufle (Gaeilge: 'An Cúr'), a bhfuil 9,000 véarsaí ann; Le Lai de l'Ombre (Gaeilge: 'Laoi an Scátha' ), saothar cúirtéiseach a bhfuil 962 véarsaí ann; agus Le Roman de la Rose (Gaeilge: 'Rómáns an Róis'), saothar a thug an daonnachtaí Claude Fauchet Guillaume de Dole air insan 16ú haois, a bhfuil 5,656 véarsaí ann.