An difríocht idir athruithe ar: "Conon de Béthune"
Content deleted Content added
Felo de Me (plé | dréachtaí) Leathanach cruthaithe le '''Trouvère'' agus crosáidí ab ea '''Conon de Béthune'''. Do rugadh é in Artois thart ar an mbliain 1150 agus do fuair sé bás i gCathair Chonstaintín, nó i gCat...' |
Felo de Me (plé | dréachtaí) Naisc, srl. |
||
Líne 1:
''[[Trouvère]]'' agus [[crosáidí]] ab ea '''Conon de Béthune'''. Do rugadh
Tá cáil air as na hamhráin a chum sé fén ngrá agus fén gcrosáid. Mar chrosáidí, do ghlac sé páirt insan
== Saol ==
Do rugadh Conon thart ar an mbliain 1150. Dob é Conon an dara mac a saolaíodh do [[Robert V de Béthune]], tiarna Bhéthune agus ''[[Advocatus|advocatus ecclesiae]]'' le [[Mainistir Shan Vaast]] a bhí suite
Tar éis dó páirt a ghlacadh insan dTríú Crosáid, do ghlac Conan páirt insan gCeathrú Crosáid insan mbliain [[1202]], rud a dhein sé i dteannta a dhearthár Guillaume. Ag an am san, do bhí Conon ina óráidí ag [[Baudouin VI de Hainaut]]. Do mhol [[Geoffroi de Villehardouin|Geoffroi de Villhardouin]] Conan as a sholabharthacht, as a eagna, agus as a niachas; dúirt Geoffroi de Villhardouin fé Chonon gur mhaith an cniocht ab ea é, agus duine an-deaslabhartha a raibh siosmaid aige a bhí ann.<ref>''viz.'' 'Villehardouin le dit "bon chevalier et sage estoit et bien eloquens"' (Robert Sabatier, ''Histoire de la poésie française 1 : La Poésie du Moyen Âge'' [Páras: Éditions Albin Michel, 1975]).</ref> I ndiaidh choncas Chathair Chonstaintín, rud a tharla insan mbliain [[1204]], do bhí ról tábhachtach ag Conan i rialtas Bhaudouin, agus insna rialtais a tháinig ina dhiaidh (.i. rialtas [[Henri I Chathair Chonstaintín|Henri de Flandres]] agus rialtas [[Pierre I de Courtenay|Phierre I de Courtenay]]). Do bhí ról lárnach ag Conan insan athchairdeas a deineadh idir Baudouin agus [[Boniface I, Marcas Mhontferrat|Boniface I de Montferrat]], agus i
== Filíocht ==
Do mhúin Huon d'Oisy an fhilíocht do Chonon. Sa lá atá inniubh ann, níl ach ceithre dhán déag againn faoinár féidir linn a rá gur scríobh Conan iad - fiú i measc na ndán san, áfach, tá ceithre dhán ann agus níltear go hiomlán cinnte an raibh Conan é féin a chum iad nó ná raibh. Amhráin is ea na dánta a chum Conan agus tá an nodaireacht cheoil a bhaineann le deich gcinn desna dánta thuasluaithe againn fós.
Is é an grá ábhar an choda is mó desna hamhráin a chum Conan agus tá na hamhráin sin gearr go leor. Tá dhá dhán ann, áfach, atá níos faide ná na cinn eile; is í an chrosáid ábhar na n-amhrán siúd. Ba Chonan a thug íomhá an chrosáidí a bhfuil air slán a fhágáil lena ghrá geal isteach i seanrá an ''[[Filíocht chúirtéiseach|fhin amor]]'' (.i. seanrá an ghrá chúirtéisigh).
Do chum Conon aoir chun na daoine a bhain mí-úsáid as an airgead a bailíodh i gcomhair na gcrosáidí a cháineadh leis.
<br />
== Tagairtí ==
|