An difríocht idir athruithe ar: "Hélinand de Froidmont"

Content deleted Content added
Leathanach cruthaithe le 'File, ''trouvère'', croiniceoir, agus scríbhneoir eaglasta a mhair thart ar an dtréimhse idir 1160 agus 1229 ab ea '''Hélinand de Froidmont''' (Laidin: ''Helinand...'
(No difference)

Leagan ó 14:09, 25 Eanáir 2019

File, trouvère, croiniceoir, agus scríbhneoir eaglasta a mhair thart ar an dtréimhse idir 1160 agus 1229 ab ea Hélinand de Froidmont (Laidin: Helinandus Frigidimontis, nó Elinandus, Elynandus, srl.).

Beatha Is i bPronleroy nó in Angivillers, gar do Shaint-Just-en-Chaussée, atá suite i ndépartement Oise an lae inniubh, a rugadh Hélinand de Froidmont, rud a tharla thart ar an mbliain 1160. Do fuair sé a chuid oideachais i mBeauvais agus do bhí an gramadóir Raoul, fear a dhein a chuid staidéir féin fé stiúradh Phierre Abélard, mar mhúinteoir aige. Duine de shíol uasal ab ea Hélinand de Froidmont agus do chuir sé aithne ar neart tiarnaí agus prealáidí dá barr. Cara ab ea é de chuid Philippe de Dreux, Easpag Bheauvais agus col ceathair leis an rí Philippe Auguste.

Nuair a bhí sé ina throuvère, do chuireadh sé saothair dá chuid os comhair an phobail agus do chan sé os comhair an rí agus a chúirte fiú. Tar éis dó cáil a bhaint amach mar fhile, dhein sé an cinneadh éirí as an slí bheatha sin agus éirí i mbeatha manaigh. Do chuaigh sé isteach i Mainistir Chistéirseach Fhroidmont, a bhí suite i nDeoise Bheauvais. Cé gur manach a bhí ann ón am san amach, do lean Hélinand de Froidmont ar aghaidh leis an bhfilíocht. Do bhí sé ina thost ar feadh tamaill. Ina dhiaidh sin, áfach, idir an bhliain 1194 agus an bhliain 1197, do chum sé na véarsaí ar a dtugtar Vers de la Mort (Gaeilge: 'Véarsaí an Bháis').

Eiseamláir ab ea é den gcráifeacht agus de mhoirtniú na colainne tar éis dó dul isteach insan mainistir. Do chaith sé a chuid ama ar fad ag déanamh staidéir agus, tar éis dó a bheith oirnithe, ag urnaí agus ag scríobh.Do fuair sé bás ar an 3ú lá d'Fheabhra insan mbliain 1223, 1227, nó 1237. Do glacadh leis mar naomh i mBeauvais agus ba é an tríú lá d'Fheabhra lá a fhéile. Níor thug an Eaglais aitheantas dó mar naomh riamh, áfach.