An difríocht idir athruithe ar: "An Íoslainn"

Content deleted Content added
AdamLibh (plé | dréachtaí)
Cuir mé isteach eolas faoi Innéacs Forbartha (Socraithe don Éagothroime) na NA, toisc go bhfuil Íoslainn anois ar cheann an liosta. D'athraigh mé abairt a dúirt go raibh cánacha na tíre níos lú ná meán an OECD, toisc go raibh an seannasc briste agus an t-eolas láithreach ar féidir liom a fháil ag rá a mhalairte sin. D'athraigh mé í leis seo a rá, cé gur luaigh mé fós go bhfuil cánacha na tíre níos lú ná na tíortha Nordacha eile, agus chuir mé isteach na tagairtí dó seo.
AdamLibh (plé | dréachtaí)
→‎Neamhspleáchas: Tagairt agus nascanna
Líne 116:
Tháinig deireadh leis an socrú idir an Íoslainn agus an Danmhairg sa bhliain 1943, agus an bhliain ina dhiaidh sin vótáil 95% den phobal ar son bunreachta phoblachtaigh. Rinneadh poblacht den tír go foirmiúil ar 17 Meitheamh 1944.
 
D’fhág na Meiriceánaigh an Íoslainn sa bhliain 1946; chuaigh an tír iisteach NATOin [[Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh|ECAT]] sa bhliain 1949, rud ba chúis le hagóidí; sa bhliain 1951 síníodh comhaontú cosanta leis na [[Stáit Aontaithe Mheiriceá|Stáit Aontaithe]], tháinig saighdiúirí Meiriceánacha ar ais, agus níor imigh siad go dtí an bhliain 2006.
 
Neartaigh an geilleagar i ndiaidh an Chogaidh, a bhuíochas sin ar thionsclú na iascaireachta, ar chabhair Marshall, agus (dar le mórán) ar threisiú na trádála de bharr pholasaithe Keynes. Sna seachtóidí rinne an Íoslainn a limistéar iascaireachta a fhairsingiú, rud a tharraing fearg na Breataine uirthi agus ba chúis le “hAighneas na dTrosc”. Fairsingíodh an geilleagar féin tar éis don Íoslainn dul sa Limistéar Eacnamaíoch Eorpach sa bhliain 1992, agus i gceann tamaill, sa bhliain 2003, beartaíodh ar scód a ligean le saothrú an airgeadais; bhí an-bhrabach le baint as seo, ach ba mhór an babhta ar na bancanna géarchéim eacnamaíoch na bliana 2008. Baineadh an bonn ón ''króna'' agus mhéadaigh an fiach náisiúnta nó go raibh sé ocht n-uaire níos mó ná an olltáirgeacht intíre.
 
Tá cánacha na hÍoslainne níos troma ná an meán san OECD, cé go bhfuil siad níos lú ná mar atá sna tíortha eile Nordacha<ref>{{Lua idirlín|url=https://www.heritage.org/index/country/iceland|teideal=Iceland Economy: Population, GDP, Inflation, Business, Trade, FDI, Corruption|language=en|work=www.heritage.org|dátarochtana=2019-01-28}}</ref><ref>{{Lua idirlín|url=http://data.oecd.org/tax/tax-revenue.htm|teideal=Tax - Tax revenue - OECD Data|language=en|work=theOECD|dátarochtana=2019-01-28}}</ref> .Tá córas leasa shóisialaigh ann den saghas atá le fáil i dtíortha LochlannaLochlannacha eile, agus é ag soláthar cúram comhchoiteann sláinte agus meánoideachais atá saor in aisce.<ref>http://www.borg.hi.is/ChildWelfare</ref> Sa bhliain 2017, mheas ''Innéacs Forbartha Daonna Socraithe don Éagothroime'' na [[Na Náisiúin Aontaithe|Náisiún Aontaithe]] gurbh í an Íoslainn an tír is forbartha ar domhan, as 151 tír a mheasadh.<ref>{{Lua idirlín|url=http://hdr.undp.org/en/composite/IHDI|teideal={{!}} Human Development Reports|work=hdr.undp.org|dátarochtana=2019-01-28}}</ref>
 
== Polaitíocht ==