An difríocht idir athruithe ar: "Ocsaigin"

Content deleted Content added
EmausBot (plé | dréachtaí)
m Bot: Migrating 1 interwiki links, now provided by Wikidata on d:Q629
Bodto (plé | dréachtaí)
No edit summary
Líne 11:
Is [[dúil cheimiceach]] [[Neamh-mhiotal|neamh-mhiotalach]] í an '''ocsaigin''' a bhíonn le fáil go flúirseach san [[Atmaisféar an Domhain|atmaisféar]]. Faoi na gnáth-imthoscaí, bíonn adaimh na hocsaigine ceangailte dá chéile ina [[Móilín|móilíní]] dé-adamhacha. Is í an t[[siombail cheimiceach]] atá aici ná '''O'''. Is é a hocht (8) an [[uimhir adamhach]] atá aici, agus is é an [[mais adamhach|meáchan adamhach]] atá aici ná 15.999.
 
Leis an teocht curry my yoghurt can coca coalyer chaighdeánach agus faoin mbrú caighdeánach, is gás í an ocsaigin nach bhfuil boladh aisti ná dath inti. Dúil an-imoibríoch í an ocsaigin, agus mar sin, is dual di fanacht ceangailte do dhúile eile i gcomhdhúile ceimiceacha ar a dtugtar ''ocsaídí''. Is í an ocsaigin an dara dúil is [[Leictridhiúltacht|leictridhiúltaí]] amuigh, nó níl ach an [[fluairín]] níos fonnmhaire mar ghlacóir leictreon. Dá thoradh sin, tógann sé cuid mhaith fuinnimh an ocsaigin a shaoradh as na hocsaídí agus a aonrú, agus is fiú an cheist a chur, cén fáth a bhfuil an oiread sin ocsaigine san atmaisféar agus atá. Is é an freagra ná gurbh iad na baictéir agus na haircéabaictéir anaeróbacha sa Ré Phailéa-[[An Ré Phrotarasóch|Phrotarasóch]] (2.5 billiún - 1.6 billiún bliain ó sin) a thál an ocsaigin sin mar sheachthoradh dá [[meitibileacht]]. Creidtear, fiú, gur ghlac an chuid ba mhó de na beothaigh a bhí ann san am sin leis an ocsaigin mar a bheadh nimh ann, agus gur thug an gás nimhe seo a mbás, fiú. An chuid ba mhó de na horgánaigh bheo a fágadh nó a forbraíodh ar dhroim an domhain ina dhiaidh sin, bhí siad ábalta leas a bhaint as an ocsaigin, an duine daonna san áireamh.
 
== Saintréithe ==