An difríocht idir athruithe ar: "An Ghaeilge"

Content deleted Content added
Bodto (plé | dréachtaí)
Tegel (plé | dréachtaí)
m Cealaíodh athruithe Bodto (Plé); ar ais chuig leagan le 46.7.62.221
chlib amháin: Rollback
Líne 11:
|iso1=ga|iso2=gle|iso3=gle}}
{{DEFAULTSORT:Ghaeilge, An}}
Is ceann de na teangacha Gaelacha í '''Gaeilge na hÉireann''' (''nó 'an Ghaeilge' mar a thugtar uirthi go hiondúil in Éirinn''), a labhraítear in [[Carál Ní ChuilínÉire|Éirinn]]. Is í an teanga náisiúnta nó dhúchais agus an phríomhtheanga oifigiúil i b[[Poblacht na hÉireann]] í. Tá an [[An Béarla|Béarla]] luaite sa [[Bunreacht na hÉireann|Bhunreacht]] mar theanga oifigiúil eile. Tá aitheantas oifigiúil aici chomh maith i d[[Tuaisceart Éireann]], atá mar chuid den [[An Ríocht Aontaithe|Ríocht Aontaithe]]. Ar an [[13 Meitheamh]] [[2005]] d'aontaigh airí gnóthaí eachtracha an [[An tAontas Eorpach|Aontais Eorpaigh]] glacadh leis an nGaeilge mar theanga oifigiúil oibre san AE. Ón [[1 Eanáir (Lá Caille)|1 Eanáir]] 2007 cuireadh tús leis an stádas oifigiúil seo, agus ba é an tAire Nollaig Ó Treasaigh, T. D., an chéad aire Éireannach a labhair Gaeilge ag cruinniú de chuid Chomhairle na nAirí, an 22 Eanáir 2007.
 
Tá go leor ainmneacha eile réigiúnda nó stairiúla ar an teanga freisin: ''Gaedhealg'', ''Gaedhilge'' agus ''Gaedhilg'' (i g[[Conamara]]); ''Gaedhilic'', ''Gaeilic'' agus ''Gaeilig'' (in áiteanna i gCúige [[Cúige Uladh|Uladh]] agus [[Maigh Eo]]); ''Gaedhealaing'', ''Gaoluinn'' agus ''Gaeilinn'' (i bPort Láirge); ''Gaelainn'' (sa [[Cúige Mumhan|Mhumhain]]); ''Gaedhlag'' ([[Ó Méith]], [[Contae Ard Mhacha|Ard Mhacha]] agus [[Contae Lú|Lú]]); ''Gàidhlig'' (in [[Albain]]); ''Gaelg'' nó ''Gailck'' in [[Oileán Mhanann]]; agus ''Guithealg'' nó ''Goidelc'' (sa [[an tSean-Ghaeilge|Shean-Ghaeilge]]). Go minic, níl i gceist leo seo ach litrithe malartacha ar an bhfocal "Gaeilge" agus iad ag baint leis an tréimhse réamhchaighdeánach (féach thíos chun a thuilleadh eolais a fháil), ach tabhair faoi deara gurb iondúil inniu a úsáidtear an leagan Muimhneach d'ainm na teanga, Gaelainn, le tagairt a dhéanamh do chanúint an chúige ina gcluinfeá an t-ainm seo uirthi. D'fheicfeá ''Gaoluinn'', leis, toisc gur mar ''é'' fada a fhuaimnítear ''ao'' an litrithe sna [[canúint]]í deisceartacha.
Líne 27:
===Meán-Ghaeilge ===
 
De réir a chéile, tháinig meath ar thraidisiún scríofa na [[An tSean-Ghaeilge|Sean-Ghaeilge]], agus an [[An Mheán-Ghaeilge|Mheán-Ghaeilge]] ag teacht ina háit. [[Teangacha Ceilteacha|Teanga]] cineál measctha is ea an Mheán-Ghaeilge, nó is deacair aon [[An Caighdeán Oifigiúil|chaighdeán]] nó norm ceart a leagan amach di. Tá idir chaint na ndaoine agus [[Gramadach na Gaeilge|ghramadach]] chasta na Sean-Ghaeilge ag dul trí chéile sa Mheán-Ghaeilge, agus thairis sin, is féidir [[forcheartú]] a fheiceáil ansin—is é sin, iarrachtaí buidhe teipthe ar chloí le caighdeán na Sean-Ghaeilge nach bhfuil ceart de réir an chaighdeáin sin ''ná'' de réir chaint na ndaoine.
 
Tabhair faoi deara go dtugann téacsleabhair áirithe "Meán-Ghaeilge" ar an Nua-Ghaeilge Chlasaiceach freisin. Ní botún é seo go díreach, ach cleachtas a d'imigh as úsáid idir an dá linn.