An difríocht idir athruithe ar: "Toraigh"

Content deleted Content added
clib: Mobile edit Mobile web edit
clib: Mobile edit Mobile web edit
Líne 10:
Ó chaith an t-ealaíontóir Sasanach Derek Hill seal ar Thoraigh tá scaifte ealaíontóirí clúiteacha de chuid an oileáin féin tagtha ar an bhfód.
 
Is é Tor Mór an pointe is airde ar Thoraigh agus is cosúil gur air atá ainm an oileáin bunaithe. Ar nós oileán eile ar chósta na hÉireann ([[Na Blascaodaí|An Blascaod]] mar shampla) bhí agus tá a rí féin tofa ag muintir Thoraigh. Ba é Patsaí Dan Mac Ruairí an oileán sula fuair sé bás i 2018.
 
Is minic a bhíonn an t-oileán scartha ó thír mór le linn stoirmeacha an gheimhridh mar nach bhfuil aerfort ar bith ann, ach tá seirbhís fharantóireachta ag freastal air as cósta Thír Chonaill. Tá iarsmaí stairiúla agus [[seandálaíocht]]a ar Thoraigh agus méadú ag teacht ar thionscal na turasóireachta. Ba ar an iascaireacht a mhair na daoine ó thús ama, agus gliomaigh agus crúbóga is mó a dhéanann airgead do na hiascairí.