An difríocht idir athruithe ar: "Marco Polo"
Content deleted Content added
No edit summary |
Saol méadaithe |
||
Líne 1:
[[Íomhá:Marco Polo portrait.jpg|mion| Marco Polo.]]
<br />
== Saol ==
Rugadh Marco Polo sa Véinís sa bhliain 1254. Ceannaithe Veiníseacha ab ea a athair agus a uncail agus suíomhanna trádala acu timpeall an [[An Mheánmhuir|Mheánmara]]. Sa bhliain sara rugadh Marco, bhí a athair, Niccolò Polo, agus a uncail, Matteo Polo, imithe go [[Iostanbúl|Constantinopuil]] mar a raibh tithe acu óna mbídís ag trádáil le ceannaithe na [[An Mhuir Dhubh|Mara Duibhe]] agus an oirthir. D’imíodor uaidh sin soir nó go sroiseadar cúirt [[Cúbla Cán]] sa bhliain 1266, agus iarradh orthu filleadh go dtí an Róimh le teachtaireacht ó [[Cúbla Cán]] don bPápa. Sa bhliain 1269 bhí Niccolò agus Matteo thar n-ais sa Véinís, agus bhí Marco Polo cúig bliana déag.
B‘éigean dosna deartháracha Polo fanacht trí bliana chun leitir Cúbla Cán a shíneadh don bPápa, toisc [[Pápa Clement IV|an Róimh a bheith gan pápa idir 1268 agus 1271]], ach nuair a toghadh Pápa Griogoir X sa bhliain 1271 agus nuair a léigh leitir Cúbla Cán, beartaíodh go gceadófaí do bheirt mhisinéirí Doiminiceacha, Nicolau de Vincense agus Guilielme de Tripule, dul i dteannta na ndearthár thar n-ais go cúirt [[Cúbla Cán]]. Agus é seacht mbliana déag faoin am so, thug Niccolò Polo a mhac óg Marco Polo leis ar an dtarna turas soir seo.
== Tagairtí ==
|