An difríocht idir athruithe ar: "Éirí Amach na Cásca"

Content deleted Content added
mNo edit summary
Líne 34:
 
Cé gur baill d'[[Óglaigh na hÉireann]] a bhí ag troid, b'é [[Bráithreachas na Poblachta]] ([[IRB]]) a phleanáil an t-éirí amach. Nuair a phléasc an [[Chéad Chogadh Domhanda]] amach, tháinig ceannairí an Bhráithreachais le chéile, agus iad ag pleanáil an dóigh a mbainfidís leas as cruachás na Breataine Móire ar mhaithe le h[[Éire|Éirinn]]. Ar an séala seo, cheap reachtaire an Bhráithreachais, [[Tomás Ó Cléirigh]], Coiste Míleata ar leith leis an gceannairc a ullmhú. B'iad [[Pádraig Mac Piarais]], [[Éamonn Ceannt]], agus [[Seosamh Pluincéad]] a chuaigh ar an gCoiste ar dtús, agus ina dhiaidh sin, chuaigh an Cléireach féin agus [[Seán Mac Diarmada]] leo. Baill den Bhráithreachas ab ea iad ar fad, agus amach ón gCléireach, [[Óglaigh na hÉireann|Óglaigh]] a bhí iontu fosta. Ón lá a bunaíodh na hÓglaigh mar eagraíocht sa bhliain [[1913]], bhí an Bráithreachas á sealbhú de réir a chéile, agus iad ag cuidiú le chéile le céimíochtaí oifigigh a bhaint amach. Mar sin, nuair a tháinig bliain an Éirí Amach, bhí an chuid ba mhó d'oifigigh na nÓglach ag tacú le [[Poblachtánachas in Éirinn|Poblachtánachas]] na láimhe láidre. Ní raibh [[Eoin Mac Néill]], ceannaire na nÓglach, ar aon tuairim leo siúd, áfach. B'fhearr leisean staonadh ón reibiliún go dtí go mbeadh an cogadh críochnaithe, agus ansin, úsáid a bhaint as na hÓglaigh le brú a chur ar na Sasanaigh. Mar sin féin, bhí an Bráithreachas meáite ar é a chur ar mhalairt comhairle, sin nó droichead a dhéanamh de ar fad agus an t-éirí amach a thosú beag beann air. Níor éirigh go maith leo ceachtar den dá chomhairle sin a chur i gcrích.
[[Íomhá:Easter 1916 mural - panoramio.jpg|clé|mion|Béal Feirste]]
 
De thaisme, bhí [[Séamus Ó Conghaile]], an ceannaire [[Sóisialach]], ag bagairt éirí amach dá chuid féin faoin am seo. Bhí sé i gceannas ar an Arm Cathartha, dream armtha na gceardchumannaithe agus na Sóisialaithe, nach raibh ach dhá chéad duine ann. Ní neart go cur le chéile, a shíl an Bráithreachas - b'fhearr an dá iarracht seo a chomhordú, nó dá rachadh an tArm Cathartha chun ceannairce ina aonar, ní dhéanfadh sé ach iarracht na nÓglach féin a chur ó mhaith, agus na díormaí Sasanacha a tharraingeodh sé go dtí an chathair. Mar sin, shocraigh ceannairí an Bhráithreachais agus an Conghaileach le chéile go raibh siad le comhoibriú, agus go raibh an t-éirí amach le tosú ar an gCáisc.
[[Íomhá:Easter 1916.jpg|mion]]
 
I dtús Mhí Aibreáin, d'eisigh an Piarsach orduithe faoi "pharáidí" agus faoi "inlíochtaí" ar fud trí lá ó Dhomhnach na Cásca ar aghaidh. Ó bhí sé ina Stiúrthóir ar eagraíocht na nÓglach, bhí údarás aige a leithéid d'orduithe a thabhairt. Is é an smaoineamh a bhí aige ná go n-aithneodh na Poblachtánaigh láidre, go háirithe lucht an Bhráithreachais, i measc na nÓglach céard a bheadh i gceist leis na "paráidí", agus nach rithfeadh a dhath le hEoin Mac Néill ná leis na Sasanaigh. Mar sin féin, fuair Mac Mhic Néill boladh den rud a bhí sna fonsaí tógála, agus bhagair sé ar lucht leanúna an Phiarsaigh "gach aon rud ab fhéidir a dhéanamh, ach amháin glao gutháin a chur ar [[Chaisleán Bhaile Átha Cliath]], leis an scéim a stopadh". D'éirigh le Seán Mac Diarmada, ar dtús, malairt chomhairle a áitiú air, agus é ag tagairt don lastas armálacha a bhí ag teacht ón n[[Gearmáin]] le [[Ruairí Mac Easmainn]]. An lá arna mhárach, áfach, chrom Mac Mhic Néill ar ais ar a sheandearcadh diúltach, nó chuala sé gur tháinig na Sasanaigh ar long na n-armálacha agus gur ghabh siad an tEasmannach. Le tacaíocht ó cheannairí eile a bhí ar aon tuairim leis, go háirithe [[Bulmer Hobson]] agus [[Mícheál Seosamh Ó Rathaille]], d'eisigh sé frithordú leis an éirí amach a chur ar ceal. D'fhógair sé "nach mbeadh paráid ar bith" ar Dhomhnach na Cásca, ach nuair a tháinig an crú ar an tairne, ní dhearna sin ach moill lae a chur ar an gceannairce.
 
Líne 45:
Bhí ceithre chathlán sa rannán a bhí ag na hÓglaigh i mBaile Átha Cliath, agus gach cathlán acu faoi cheannas ceannfoirt a bhí dílis do Bhráithreachas na Poblachta. Cuireadh cathlán breise i dtoll le chéile as fir a fuarthas ar iasacht ó na cinn eile. B'é seo an cathlán a cuireadh i gceann [[Ardoifig an Phoist]], agus na ceannairí uile ag dul leis: [[Pádraic Mac Piarais]], a bhí ina Uachtarán agus ina Phríomh-Cheannfort; [[Séamus Ó Conghaile]]; [[Tomás Ó Cléirigh]]; [[Seán Mac Diarmada]]; [[Seosamh Pluincéad]]; agus captaen óg darbh ainm [[Mícheál Ó Coileáin]]. Idir an dá linn, ghabh an Chéad Chathlán foirgneamh na gCeithre gCúirteanna agus iarthuaisceart na cathrach faoi chomandracht [[Éamonn Ó Dálaigh|Éamoinn Uí Dhálaigh]]. Chuaigh [[Tomás Mac Donncha]] agus an Dara Cathlán ag sealbhú monarcha brioscaí Jacob ó dheas ó lár na cathrach. Bhí [[Éamon de Valera]] i gceannas ar an Tríú Cathlán a ghabh Muileann Uí Bheolain. Bhí [[Éamonn Ceannt]] i gceannas ar an gCeathrú Cathlán, agus fuair siad seilbh ar Aonacht Átha Cliath Theas, teach oibre in iardheisceart na cathrach. B'é an tArm Cathartha a ghabh [[Faiche Stiabhna]] agus Halla na Cathrach. Ó chuir an gabháltas seo an dlí agus an tsíocháin ar ceal, chuaigh na bochtáin ag creachadh na siopaí. D'ordaigh oifigeach amháin dá chuid Óglach urchair a scaoileadh leis na foghlaithe seo, ach ní raibh an Conghaileach, mar Shóisialaí, sásta leis seo, agus thug sé frithordú do na fir.
 
Ós rud é go raibh sé éirithe le Mac Mhic Néill an t-éirí amach a stopadh taobh amuigh den phríomhchathair, fágadh ardcheannasaíocht na reibiliúnach i bpáirc an áir faoin gConghaileach, a raibh sé de chlú air go raibh ciall mhaith aige don oirbheartaíocht. Goineadh go héag é, ach ina dhiaidh sin féin bhí sé in ann an cath a stiúradh is a dhíriú, agus a chuid fear á bhogadh ó áit go háit ina luí sa leaba dó. Mar ba dual don tSóisialaí, shíl sé nach mbeadh rialtas caipitlíoch Shasana fonnmhar maoin saolta dá gcuid féin a léirscrios le gunnaí móra airtléire, ach faraor géar, ní raibh an ceart aige ná geall leis.
[[Íomhá:Easter rising 1916.svg|mion|399x399px]]
Ar dtús, bhí ceannfort na bhfórsaí Sasanacha sa phríomhchathair, an Ginearál Lowe, bhí sé mall go leor ag teacht chuige féin, nó ní raibh aige féin ach míle agus dhá chéad fear sa chathair - is é sin, fear amháin in aghaidh gach Óglach - agus ní raibh sé cinnte, cé mhéad reibiliúnach a bhí ann. D'fhógair sé dlí an chogaidh, agus chrom a chuid fórsaí ar shúil a choinneáil ar na bealaí isteach go dtí Caisleán Átha Cliath agus ceanncheathrú na reibiliúnach in Ardoifig an Phoist a scaradh ó na hÓglaigh eile. Tháinig an bád gunnaí móra, HMS Helga, chun fortachta, agus fuarthas airtléire machaire ó gharastún Átha Luain. Suíodh na gunnaí móra ar an taobh ó thuaidh den chathair ag Sráid na Prúise, [[Baile Phib]] agus Bóthar na Cabraí. An chuid ba mhó den tseachtain, bhí na gunnaí seo ag lámhach lár na cathrach, agus chuaigh cuid nár bheag de trí thine. Bhí [[Halla na Saoirse]] ar an chéad fhoirgneamh a bhí thíos leis, ach siúd is go raibh an foirgneamh seo ina cheanncheathrú ag na ceardchumainn agus ag an Arm Cathartha, bhí sé tréigthe ag na reibiliúnaigh roimh an éirí amach, agus ní raibh ciall ná réasún le bheith á lámhach. Spéisiúil go leor, b'éigean don bhád gunnaí móra Helga éirí as an lámhach, ó bhí a cuid urchar ag bagairt Lóiste an Leasrí i b[[Páirc an Fhionnuisce]].
 
Tugadh tuilleadh fórsaí isteach ó Shasana, agus an Ginearál Maxwell i gceannas orthu. Bhí thart ar shé mhíle déag de shaighdiúirí dearga agus míle duine de [[Constáblacht Ríoga na hÉireann|shaighdiúirí dubha]] ann, le dul chun catha ar mhíle Óglach agus dhá chéad is caoga saighdiúir de chuid an Airm Chathartha. Is léir nach raibh na hÉireannaigh in ann an fód a sheasamh in aghaidh na sluaite síoraí seo.
Line 51 ⟶ 53:
 
Ní raibh mórán cogaíochta ar siúl timpeall na ceanncheathrún. Cuireadh na cathanna ba troime thart ar an gCanáil Mhór. Bhí cuid mhaith reibiliúnaigh seadaithe in áiteanna ansin agus iad ag iarraidh a gcuid suíomh a chosaint. San am céanna, bhí na Sasanaigh ag féachaint leis an gcanáil a ghabháil, ó bhí sí ag teastáil uathu le fórsaí fortachta a thabhairt isteach ó [[Dún Laoghaire|Dhún Laoghaire]]. Rinne na ''Sherwood Foresters'', reisimint de chuid [[Arm na Breataine]], iarracht an Chanáil a thrasnú ag [[Sráid an Mhóta]], ach fuair siad iad féin á lámhach ón dá thaobh níos mó ná uair amháin. Ní raibh ach dháréag Óglach ag seasamh an fhóid anseo, ach bhí siad in ann ascnamh na nGall a stopadh ar feadh i bhfad agus dhá chéad is dhá scór Sasanach a mharú nó a ghoin sa teagmháil. Maidir leis na hÓglaigh ag teach na hoibre (Aonacht Átha Cliath Theas), d'éirigh leo an-dochar a dhéanamh do na díormaí Sasanacha a bhí ag iarraidh a mbealach a dhéanamh go dtí an Caisleán. Goineadh [[Cathal Brugha]] go tromchúiseach i bpáirc seo an áir. De réir a chéile, áfach, b'éigean do na reibiliúnaigh an suíomh seo a thréigean, nó bhí an lón cogaidh ag rith gann, agus ní raibh maolú ar bith ag teacht ar an gcith sliogán. Maidir le [[Faiche Stiabhna]], d'fhág na reibiliúnaigh í, nuair nach raibh siad ábalta í a choinneáil a thuilleadh, agus na Sasanaigh ag cur snípéirí agus meaisín-ghunnadóirí ag obair sa chomharsanacht. Chúlaigh lucht cosanta Fhaiche Stiabhna - saighdiúirí de chuid an Airm Chathartha a bhí ann - faoi chomandracht [[Mícheál Ó Mulláin|Mhíchíl Uí Mhulláin]] go Coláiste Ríoga na Máinlianna, áit ar fhan siad go dtí gur ghéill siad iad féin do na Sasanaigh.
[[Íomhá:Easter Lily mural - panoramio.jpg|mion|377x377px]]
 
Is beag a tharla in Ardoifig an Phoist le linn an éirí amach. Ar dtús, léigh an Piarsach [[Forógra na Poblachta]] os ard do na daoine ó staighrí oifig an phoist, agus ansin, dhaingnigh seisean agus a chuid fear iad féin san fhoirgneamh. Ó nach raibh siad in ann an chith sliogán a fhreagairt ar aon dóigh éifeachtúil, thréig siad Ardoifig an Phoist agus bhunaigh siad ceanncheathrú nua i [[Sráid Moore]]. Ar an naoú lá fichead de Mhí Aibreáin, arbh é an chéad Satharn i ndiaidh na Cásca é, thug an Piarsach ordú do na hÓglaigh éirí as an gcogaíocht agus iad féin a ghéilleadh do na Gaill.
[[Íomhá:Easter Rising Mural - panoramio.jpg|mion|377x377px]]
 
Fuath ba mhó a bhí ag an gcosmhuintir ar na reibiliúnaigh le linn an Éirí Amach. B'iad na hÓglaigh ba mhó a bhí á milleánú ag muintir na háite sa léirscrios a rinneadh ar an gcathair, gan trácht a dhéanamh ar na céadta sibhialtach a fuair bás idir dhá thine Bealtaine. Básaíodh míle dhá chéad duine. Fuair ceathrar Óglach is trí scór bás sna cathanna, agus cuireadh seisear déag eile chun báis i bPríosún Chill Mhaighneáin i ndiaidh an éirí amach. Maraíodh céad is dhá scór saighdiúir Sasanach, agus goineadh trí chéad ochtar déag acu. Maidir le [[Constáblacht Ríoga na hÉireann]] agus póilíní na cathrach, fuair seachtar déag acu bás. B'é [[Mícheál Seosamh Ó Rathaille]] an t-aon cheannaire amháin de chuid na nÓglach a bhásaigh i bpáirc an áir.
 
Line 86 ⟶ 88:
 
== An Sóisialachas agus an tÉirí Amach ==
[[Íomhá:EASTER WEEKEND IN DUBLIN (JAMES CONNOLLY 5 JUNE 1868 - 12 MAY 1916)-112712 (25427678474).jpg|mion|James Connolly]]
Uaireanta, deirtear gurbh é Éirí Amach na Cásca an chéad réabhlóid Shóisialach s[[an Eoraip]]. Is deacair breithiúnas ceart a thabhairt ar an ráiteas seo. B'é an Conghaileach an t-aon duine amháin de na ceannairí a raibh dlúthbhaint aige le gluaiseacht idirnáisiúnta na Sóisialach. Cé gur thug an chuid eile acu le fios go raibh siad meáite ar stát Sóisialach a dhéanamh den Phoblacht, is é an chuma atá ar an scéal nach raibh ann ach cleas le tacaíocht an Chonghailigh a fháil don Éirí Amach. Réabhlóid i gcúrsaí an chultúir agus na polaitíochta a bhí ag teastáil uathu thar aon chineál réabhlóid eile.
 
Bhí an Piarsach suite siúráilte, mar shampla, nach n-éireodh leis an Éirí Amach cibé, agus mar sin, bhí an chaint saor aige. Bheadh sé chomh maith aige réabhlóid Shóisialach a ghealladh, nó ní chaithfeadh sé beart a chur le briathar. B'fhollasach nach raibh mórán muiníne ag an gConghaileach as a chuid comhchogaithe a fhad is a bhí a dtiomantas siúd don tSóisialachas i gceist. Bhí sé ullamh cogadh na n-aicmí a chur orthu a thúisce is a thiocfadh an Phoblacht ar an bhfód. Thairis sin, ní féidir a rá ar aon nós gur Sóisialach a bhí in Éamon de Valera, arbh é an duine ba mhó le rá agus ba mhó tionchair is cumhachta i saol na hÉireann acu siúd a tháinig slán as an Éirí Amach.
 
Uaireanta, deirtear gurbh é Éirí Amach na Cásca an chéad réabhlóid Shóisialach s[[an Eoraip]]. Is deacair breithiúnas ceart a thabhairt ar an ráiteas seo. B'é an Conghaileach an t-aon duine amháin de na ceannairí a raibh dlúthbhaint aige le gluaiseacht idirnáisiúnta na Sóisialach. Cé gur thug an chuid eile acu le fios go raibh siad meáite ar stát Sóisialach a dhéanamh den Phoblacht, is é an chuma atá ar an scéal nach raibh ann ach cleas le tacaíocht an Chonghailigh a fháil don Éirí Amach. Réabhlóid i gcúrsaí an chultúir agus na polaitíochta a bhí ag teastáil uathu thar aon chineál réabhlóid eile. Bhí an Piarsach suite siúráilte, mar shampla, nach n-éireodh leis an Éirí Amach cibé, agus mar sin, bhí an chaint saor aige. Bheadh sé chomh maith aige réabhlóid Shóisialach a ghealladh, nó ní chaithfeadh sé beart a chur le briathar. B'fhollasach nach raibh mórán muiníne ag an gConghaileach as a chuid comhchogaithe a fhad is a bhí a dtiomantas siúd don tSóisialachas i gceist. Bhí sé ullamh cogadh na n-aicmí a chur orthu a thúisce is a thiocfadh an Phoblacht ar an bhfód. Thairis sin, ní féidir a rá ar aon nós gur Sóisialach a bhí in Éamon de Valera, arbh é an duine ba mhó le rá agus ba mhó tionchair is cumhachta i saol na hÉireann acu siúd a tháinig slán as an Éirí Amach. Mar sin féin, nuair a tháinig na Boilséivigh i gceannas ar [[an Rúis]], thug siad aitheantas dioplómatúil don Phoblacht a bhí fógartha ag an bPiarsach agus curtha ar ceal leis [[Conradh Angla-Éireannach|an gConradh Angla-Éireannach]]. Bhí luiteamas ag [[Léinín]] leis an gConghaileach, agus nuair a bhí na Cumannaigh eile ag fáil lochta air siúd toisc gur chomhoibrigh sé le náisiúnaithe buirgéiseacha, cháin Léinín iad, agus é den tuairim go raibh an ceart ag an gConghaileach go hiomlán nuair a chuaigh seisean i gcomhghuaillíocht le haicmí míshásta eile. Bheadh comhghuaillíochtaí den chineál sin géar-riachtanach ag na Cumannaigh lena gcuspóirí a bhaint amach, arsa Léinín.
 
== Fir a cuireadh chun báis iad i ndiaidh an Éirí Amach ==
Line 112 ⟶ 118:
* '[[Cú Uladh]]', ''Bliain na hAiséirí'', Coiscéim, 1992.
 
== Tagairtí ==
{{Reflist}}{{Éirí Amach na Cásca}}
 
[[Catagóir:Éirí Amach na Cásca| ]]