An difríocht idir athruithe ar: "Aigéad dí-ocsairibeanúicléasach"

Content deleted Content added
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
mNo edit summary
No edit summary
Líne 2:
Is é an t-'''aigéad dí-ocsairibeanúicléasach''' (ADN nó DNA<ref>''Deoxyribonucleic acid'' an Bhéarla</ref> an [[móilín]] ina bhfuil [[Géineolaíocht|cód géiniteach]] na n-[[orgánach]] le fáil. Orthu siúd tá ainmhithe, plandaí, [[prótaisteach|prótaistigh]], [[aircéach|aircéaigh]] agus [[baictéar|baictéir]].
 
Tá ADN le fáil i ngach [[Cill (bitheolaíocht)|cill]] san [[Orgánach uatrófach|orgánach]] agus deir le cealla cén [[próitéin]]í is cóir dóibh a dhéanamh. [[einsím]]í is ea an chuid is mó de na próitéiní seo. Sin é an fáth a dtugann páistí feinitíopaí (tréithe) leo óna dtuismitheoirí, ar nós dhath an chraicinn, na gruaige agus na súl. Tá cuid de ADN gach tuismitheora le fáil i ngach duine.
 
Tá seichimh ADN “neamhchódúcháin” le fáil in ADN orgánaigh. Ní chódaíonn siad do sheichimh phróitéiní. Trascríobhtar cuid den ADN neamhchódúcháin i móilíní [[aigéad ribeanúicléasach|ARN neamhchódúcháin]], ar nós ARN traschuir, ARN ribeashómach agus ARN rialúcháin. Tá seichimh ann nach dtrascríobhtar ar chor ar bith agus nach fios cén fheidhm atá acu. Tá difríocht mhór idir an méid ADN neamhchódúcháin i spéicis dhifriúla. Mar shampla, ADN neamhchódúcháin is ea breis is 98% den ghéanóm daonna<ref>Elgar G. & Vavouri T. 2008. ‘Tuning in to the signals: non-coding sequence conservation in vertebrate genomes.’ ''Trends Genet''. '''24''' (7): 344–52. [http://www.cell.com/trends/genetics//retrieve/pii/S0168952508001510?_returnURL=http://linkinghub.elsevier.com/retrieve/pii/S0168952508001510?showall=true]</ref> agus níl ach timpeall 2% de ghnáthghéanóm baictéarach déanta d’ADN neamhchódúcháin.
Líne 20:
Ceithre chineál núicléitídí atá i nADN:
* [[adainín]] (A)
* [[tímín]] (T)
* [[cíotóisín]] (C)
* [[guainín]] (G)
Líne 29:
Íomhá:Tymina.svg|Tímín (T)
</gallery>
[[Íomhá:ADN animation.gif|mion]]
 
Tá rungaí an dréimire déanta de dhá bhun agus bun amháin ceangailte de gach cos. Tagann na bunanna le chéile sa lár: péireáiltear A agus T agus péireáiltear C agus G. Tá na bunanna ceangailte dá chéile ag naisc hidrigine.
 
Líne 35:
 
=== Crómaitin ===
Ceanglaítear an tADN ar chrómasóim le próitéiní darb ainm [[hiostóin]] chun [[crómaitin]] a dhéanamh. Tá baint ag an gcomhcheangal seo le h[[eipigéineolaíocht]]heipigéineolaíocht agus [[rialáil géinte]]. Dúisítear agus múchtar géinte agus an chill ag fás nó ag oibriú, agus is é an rialú seo is bun leis an gcuid is mó d’oibriú na gceall.
 
== Cóipeáil ADN ==
Tugtar ''[[macasamhlú ADN]]'' ar chóipeáil ADN. Bristear na naisc hidrigine a cheanglaíonn bunanna péireáilte agus déantar dhá leath den mhóilín: scartar cosa an dréimire. Fágann sé seo dhá dhual ar leith. Déantar dhuail nua trí na bunanna a “phósadh” arís (A le T agus G le C).
 
Ar dtús, scoilteann einsím darb ainm [[heileacáis ADN]] an tADN ina dhá leath trí na naisc hidrigine a bhriseadh. Ansin déanann móilín a dtugtar [[polaiméaráis ADN]] air dual nua arb ionann é is duail an ADN scoilte. Déantar gach móilín ADN, mar sin, de sheanmhóilín bunaidh agus de bhunanna nua.
 
=== Sócháin ===
Líne 58:
Innill bheaga sa chill darb ainm [[ribeasóm|ribeasóim]] a dhéanann próitéiní. Tá ribeasóin le fáil i gcorp na cille ach níl ADN le fáil ach i núicléas na cille. Cuid den ADN an cód géiniteach ach fanann an tADN go buan sa núicléas, agus dá bhrí sin déanann an chill cóip den seicheamh ADN in ARN. Tá sé siúd níos lú agus tig leis imeacht trí phoill i scannán an núicléis agus isteach sa chill.
 
Déanann próitéiní ar nós polaiméaráis ARN na géinte atá códaithe a thrascríobh ar an [[teachtaire-ARN]] (mRNA/tARN). Ansin úsáidtear tARN aibí mar theimpléad chun go sintéiseodh an ribeasóm próitéin. Léann ribeasóim códón (trí phéire bunanna) a deir leis cén t-aimínaigéad a chur leis an bpróitéin. Scanálann an ribeasóm an tARN chun an phróitéin a dhéanamh. Déanann ARN eile darb ainm [[Aigéad ribeanúicléasach|ARN tarchuir]] an t-aimínaigéad ceart a mheaitseáil le gach códón.
 
== Stair thaighde an ADN ==
[[File:Maclyn McCarty with Francis Crick and James D Watson - 10.1371 journal.pbio.0030341.g001-O.jpg|thumb|deas|260px|James D. Watson agus Francis Crick (ar dheis) le [[Maclyn McCarty]] (ar clé) ]]
 
An dóchtúir Eilbhéiseach Friedrich Miescher ba thúisce a bhain ADN as cealla. Rinne sé é i 1869 agus é ag iniúchadh baictéirí sa bhrachadh i mbindealláin mháinliacha. Fuarthas an móilín i núicléas na gceall agus thug sé “nuiclein” air.<ref>Dahm, R., ‘Friedrich Miescher and the discovery of DNA,’ ''Dev Biol'', Volume 278, Issue 2, 2005, lgh 274–88, PMID 15680349</ref>
Líne 70:
Sna 1950í fuair Erwin Chargaff amach<ref>Vischer E. & Chargaff E., ‘The separation and quantitative estimation of purines and pyrimidines in minute amounts’ [http://www.jbc.org/cgi/content/full/280/24/e21], ''J. Biol. Chem. '', Volume 176, 1948, lgh 703–714</ref> gurb ionann an méid tímín (T) i móilín ADN is an méid adaimín (A) atá ann, tríd is tríd. Fuair sé amach gurb é an scéal céanna ag guainín (G) agus ag cíotóisín (C) é. Tá an nochtadh seo achoimrithe i “rialacha Chargaff”.
 
I 1953 mhol [[James D. Watson]] agus [[Francis Crick]] an chéad samhail de struchtúr dé-héilicse an ADN a nglactar léi anois mar an leagan ceart, san iris ''Nature''.<ref>Watson J.D. & Crick F.H.C., ‘A structure for deoxyribose nucleic acid,’ [http://www.exploratorium.edu/origins/coldspring/printit.html] Volume 171, 1953, lgh 737–738</ref> Bhí a samhail bunaithe ar íomhá díraonacháin X-gha ("Photo 51") a thóg [[Rosalind Franklin]] agus [[Raymond Gosling]] i Mí na Bealtaine 1952.<ref>Franklin R.E. & Gosling R.G., ‘Molecular configuration in sodium thymonucleate, ''Nature'', 1953, Volume 171, lgh 740–741</ref>
 
Foilsíodh fianaise thrialach a threisigh le samhail Watson agus Crick i sraith cúig alt san eagrán céanna de ''Nature''.<ref>Nature Archives [http://www.nature.com/nature/dna50/archive.html Double Helix of DNA: 50 Years]</ref> Astu seo ba é alt Franklin agus Gosling an chéad pháipéar a foilsíodh faoina gcuid sonraí díraonacháin X-gha agus faoina modh anailíse agus é ag treisiú, morán, le samhail Watson agus Crick.<ref>http://osulibrary.oregonstate.edu/specialcollections/coll/pauling/dna/pictures/franklin-typeBphoto.html Original X-ray diffraction image, Osulibrary.oregonstate.edu</ref> Bhí alt eile le Maurice Wilkins agus beirt dá chomhghuaillithe faoi struchtúr an ADN, agus threisigh a n-anailís agus patrúin B-DNA ''in vivo'' freisin le samhail dé-héilicse Crickagus Watson. I 1962, tar éis bhás Franklin, fuair Watson, Crick agus Wilkins le chéile an [[Duais Nobel]] na [[Fiseolaíocht]]a nó an [[Leigheas|Leighis]].<ref>[http://nobelprize.org/nobel_prizes/medicine/laureates/1962/ The Nobel Prize in Physiology or Medicine 1962] Nobelprize .org</ref> Ar dhaoine beo amháin a bhronntaí an duais ag an am. Tá díospóireacht ann fós faoi na daoine ar chóir an fhionnachtain a chur ina leith.<ref> Brenda Maddox, ‘The double helix and the “wronged heroine”,' ''Nature'', Volume 421, 2003, lgh 407–408 [http://www.biomath.nyu.edu/index/course/hw_articles/nature4.pdf] PMID 12540909, doi 10.1038/nature01399 </ref>