An difríocht idir athruithe ar: "Éire (Poblacht na hÉireann)"
Content deleted Content added
m →Pobal |
|||
Líne 163:
=== Teangacha ===
: ''Príomhalt: [[Teangacha na hÉireann]]''
Is iad an [[Gaeilge|Ghaeilge]], an teanga Cheilteach dúchasach, agus [[Béarla|an Béarla]], a bhfuil stádas tánaisteach aige, teangacha oifigiúla na tíre. Tá éigeantas Gaeilge a fhoghlaim sa chóras oideachais, ach labhraítear Béarla den chuid is mó. Tá comharthaí poiblí dátheangacha go forleathan, agus tá Gaeilge sna meáin chumarsáide anois chomh maith. Níl ach roinnt pobal beag, [[Gaeltacht|Gaeltachtaí]], an chuid is mó acu ar chósta iartharach na tíre, ina labhraítear Gaeilge go forleathan.
[[File:Percentage stating they speak Irish daily outside the education system in the 2011 census.png|thumb|250px|Na céadatáin a labhraíodh Gaeilge go laethúil taobh amuigh den chóras oideachais, de réir Dhaonáireamh 2011]]
=== Creideamh ===
: ''Príomhalt: [[Creideamh in Éirinn]]''
Go hoifigiúil, is [[Caitliceachas|Caitlicigh]] iad 92% den daonra. Ach tá laghdú mór tagtha ar thacaíocht don chreideamh i measc Chaitlicigh na hÉireann. Idir [[1996]] agus [[2001]], laghdaigh gnáth-fhreastal, a bhí ag laghdú cheana, ó 60% go 48% (bhí sé níos mó ná 90% i [[1973]]), agus ní raibh ach dhá chliarscoil nach raibh dúnta, nó chun dúnadh i gceann tamaill bhig. Gortaíodh an eaglais go dona chomh maith sna nóchaidí, le sraith scannal gnéasach, agus le cúiseanna d'forcheilt i gcoinne an cliarlathais. I [[1995]], tar éis cosc a lean 58 bliana, shocraigh vótálaithe colscaradh a dhéanamh dleathach arís.
Is í [[Eaglais na hÉireann]], a bhí ag dul i laghad ar feadh an chuid is mó don fichiú aois, an dara creideamh is mó sa tír. Tá an Eaglais sin ag méadú arís anois, de réir daonra 2002, chomh maith le sainchreidimh [[Críostaíocht|Chríostaíocha]] eile agus [[Ioslam]]. Tá an pobal beag [[Giúdachas|Giúdach]] in Éirinn ag dul i laghad fós.
|