An difríocht idir athruithe ar: "An Hásais"

Content deleted Content added
Leathanach cruthaithe le 'Teanga Sheadach í an '''Hásais''' a labhraítear san Afraic Thiar. Sa bhliain 1991 bhí breis is seacht milliún is fiche ag labhairt na teanga, ach tá teacht ar fic...'
 
Líne 2:
 
Tá dhá inscne ghramadúla ag na hainmfhocail Hásaise, agus cuirtear an uimhir iolra in iúl le hiarmhíreanna ina n-eamhnaítear consan deiridh an tamhain: ''teebùr'' "bord, tábla", ''teeburoorii'' "boird, táblaí"; ''ƙoofàà'' "doras", ''ƙoofoofii'' "doirse". Tabhair faoi deara an dóigh a n-eamhnaítear an -r sa chéad fhocal agus an -f- sa dara focal acu. Maidir leis an mbriathar, tá a lán foirmeacha aige, ach ní chuirtear iar- ná réimíreanna leis an mbriathar féin, ach bíonn mír scoite ag teacht roimhe leis an bhfoirm a chur in iúl: ''yanàà tàfiyaa'' "tá sé ag siúl", ''yakàn tàfi'' "siúlann sé, bíonn sé ag siúl", ''yà tàfi'' "caithfidh sé siúl". Tabhair faoi deara an fhoirm eisceachtúil ''tàfiyaa'': is ainmfhocal briathartha é, cosúil le "siúl" na Gaeilge. Sna foirmeacha eile áfach úsáidtear ''tàfi'', arb é an fhoirm orduitheach é, cosúil le "siúil!" na Gaeilge.
 
[[Catagóir:Teangacha na hAfraice]]