An difríocht idir athruithe ar: "TG4"

Content deleted Content added
M.
M.
Líne 23:
 
== Modh oibre ==
[[ Íomhá: Ceol_na_nOilean_2_www.TG4.ie.jpg |thumb|border|left|240px|Samhaltán Ceol na nOileán ó [[2009]] ]]
Is iad na cláir Gaeilge atá ag croí TG4, agus craoltar sé uair den ábhar seo gach lá - mar shampla nuacht, spórt, ceol, cláir faisnéise agus rudaí eile. Chomh maith leis sin, taispeántar athchraoltaí de chláir éagsúla agus ansin cláir cháiliúla eile i mBéarla, cosúil le The O.C., Nip/Tuck agus cláir [[Stáit Aontaithe|Mheiriceánacha]] eile.
 
Líne 96:
{{main|Cláir TG4}}
 
[[ Íomhá: Glór_Tíre_Togha_&_Rogha_Presented_by_Dáithí_Ó_Sé-www.TG4.ie-6069512633_a97de94e2b_o.jpg |thumb|border|right| 240px|Samhaltán Glór Tíre le [[Dáithí Ó Sé]] ]]
Nuair a bunaíodh TG4 i dtús báire, ní bhíodh a lán cláir ar siúl, tháinig deireadh luath leis an gcraoladh gach aon lá agus bhíodh a lán cláracha Béarla ann freisin. Ó shin, tá sé tar éis dul ó neart go neart, ag mealladh lucht féachana mar thoradh ar a chláir ghairmeacha. Ar dtús ní raibh a lán airgid faoi réir acu agus bhí sé faoi smacht ag [[RTÉ]].
 
Bhuaigh an sraithdhráma grinn [[C.U. Burn]] “Spiorad na Féile”, An Fhéile Idirnáisiúnta Cheilteach Scannán & Teilifíse I 1997. D'údaraigh [[Teilifís na Gaeilge]] do Lios na Sí Teo <ref> [[Saol]], Imleabhar 10 * Uimhir 1 * Eanáir 1997</ref>. Sraithchlár sé mhír a sholáthar i dtosach báire, Ach bhí glactha chomh maith sin leis an tsraith go raibh beartaithe ag Lios na Sí sraith eile a dhéanamh. Mar sin, bhí 16 cláir craolta i [[1996]] agus i [[1997]].
 
[[ Íomhá: Gradam_logo_41572_140606255034_4415_n-www.TG4.ie-.jpg |thumb|border|left| 240px|Samhaltán "Gradam Ceoil TG4", i [[2011]] ]]
Sa bhliain [[1999]], athsheoladh an stáisiún faoin teideal TG4 (Telefís Gaeilge 4) faoi údarás TeleGael, cumann eile faoi stiúir ag RTÉ. Ó shin i leith, tugann RTÉ buiséad do TG4 chun caitheadh mar a thagair siad. Thosaigh siad ag craoladh níos mó cláracha dírithe ar daoine fásta, ag seoladh Séideán Staire agus [[Ardán]].
 
Líne 107:
 
Tá an teist tuilte ag TG4 gur stáisiún é a chruthaíonn cláir nuálacha, scannánaíocht, ealaín, dráma, cláir faisnéise agus spóirt. Mar shampla, chraol TG4 na cláir choitianta Mheiriceánacha ''Nip/Tuck'', ''Carnivàle'', ''Gossip Girl'', ''[[The Wire]]'', ''America's Next Top Model'', ''The O.C.'', ''One Tree Hill'', ''Lipstick Jungle'', ''Everwood'', ''Survivor'', ''Invasion'' agus ''Curb Your Enthusiasm'' sula raibh siad le feiceáil sa [[Ríocht Aontaithe]] agus tíortha eile. Chomh maith le sin, thaispeáin TG4 an comórtas leadóige [[Wimbledon]] agus an rás [[Tour de France]] beo ar an aer. Tugann TG4 aird do cluichí Éireannacha chomh maith, ar nós na cluichí [[peil Ghaelach]] agus [[iomáint|iománaíocht]], mar shampla na sraitheanna náisiúnta agus comórtas na gclubanna. Níl na héachtaí seo in ann lucht féachana ábhalmhór a bhaint amach, ach ní fhéadfaí a rá gur mó atá TG4 is lucht na Gaeilge siar ná aniar leis na hiarrachtaí seo, toisc go bhfuil leantóirí rialta díbhirceach fós i ndíograis leis an tseirbhís in alt na huaire seo. Craoltar scannáin mhóra-le-rá freisin, mar shampla scannáin buachaillí bó, i dteangacha eile, go háirithe as Fraincis, Gearmáinis agus Spáinnis.
[[Íomhá:TG4.jpg|mion240px|Lógó 2011]]
Ó thaobh cláir shiamsaíochta de, tá an seó cainte ''Ardán'' agus an clár ''[[Paisean Faisean]]'' ar an bhfód. Ar an [[31 Deireadh Fómhair]] [[2006]], craoladh an chéad eipeasóid den chlár ''[[Aifric]]'', clár grinn/dráma atá dírithe ar dhéagóirí. Ag freastal ar daoine níos sine agus na gnóthaí céanna sa treis aige, tá an clár nua ''Seacht'' a leanann na saolta seachtar mac léinn i m[[Béal Feirste]]. Ar an [[24 Meán Fómhair]] 2007, thosaigh TG4 ag taispeáint an chláir bheochana ''[[South Park]]'' as Gaeilge. Ní taise do ''Sesame Street'' é, a chraoltar faoin ainm ''Tar ag Spraoi Sesame''.
 
Líne 116:
Cuireann TG4 sruth beo ó [[Dáil Éireann|Dháil Éireann]] dhá lá sa tseachtain. Tá clár nuachta laethúil den chéad scoth go deo chomh maith, ''Nuacht TG4'' agus an clár [[Timpeall na Tíre]] (bailiúchán de na scéalta móra ar bhonn seachtainiúil) agus ''7 Lá'' (díospóireacht ar cúrsaí reatha). Is iad na cláracha faisnéise seo i dtaca le cúrsaí reatha a bhfuil ard-chaighdeán labhartha na Gaeilge acu, agus go deimhin tá dul faoi leith acu maise a chur ar do chuid Gaeilge go gasta, má chuireann tú cos as breathnú orthu go rialta.
 
[[Íomhá: Corp_anam_-www.TG4.ie-5781077138_36309c7261_z.jpg |thumb|border|right| 240px|Corp is anam, i [[2009]] ]]
Tá seirbhís theilithéacs ag TG4, ar a tugtar ''Téacs TG4''. I mí an Mheithimh na bliana 2006, thosaigh siad ag craoladh cláir go beo ar an suíomh idirlín tg4.tv.
== Tuaisceart Éireann ==
Líne 122:
 
== Aitheantas agus duaiseanna ==
[[Íomhá:Tg4logo.png|clé|mion240px|2011]]
Thuill dhá shaothar an-éagsúil mórdhuais agus aitheantas speisialta do TG4 ag comórtas tábhachtach Eorpach, Circom 2011, a tionóladh i Frederikstad san Iorua<ref>[http://www.tg4.ie/ie/corporate/news-releases/2011/120411.html Nuacht Ráitis » 2011 » 12.04 - Aitheantas Eorpach do shaothar TG4]. Is é Circom cónaidhm na stáisiún réigiúnach teilifíse san Eoraip, os cionn 300 stáisiún ar fad as 38 tír. Tá ard-mheas ar a chuid comórtas agus bíonn caighdeán an-ard i gceist gach bliain. </ref>. Thug an scannán An Píopa an phríomhdhuais Faisnéise leis agus tugadh aitheantas agus moladh speisialta don tsraith Gualainn le Gualainn, stair an rugbaí in Éirinn, sa duaisaicme do chláracha spóirt. Is í seo an ceathrú uair le deich mbliana a bhfuair cláracha TG4 duaiseanna agus aitheantas ó Circom.