An difríocht idir athruithe ar: "Conradh na Gaeilge"

Content deleted Content added
No edit summary
clib: Mobile edit Mobile web edit
No edit summary
clib: Mobile edit Mobile web edit
Líne 1:
== Máirtíreacht Mhíchíl Uí Ící ==
 
Thosaigh an dara cogadh oideachais sa bhliain [[1905]], nuair a d'eisigh Conradh na Gaeilge rún, inar cáineadh aonteangachas Béarla na n-ollscoileanna. Lochtaigh an Conradh curaclam ró-Ghallda Mhaigh Nuad freisin, rud a chuir an-fhearg ar na heaspaig, nó bhí siad den bharúil nár chóir do na tuataí a ladar a chur i gcúrsaí inmheánacha an tseimineáir [[Caitliceachas|Chaitlicigh]].
 
Thuig na Conraitheorí nár mhór duine de chuid na hEaglaise féin a earcú leis na heaspaig a chur ar athrú comhairle. Bhí an tOllamh le Gaeilge i [[Maigh Nuad]], [[Mícheál Ó hÍcí]], sásta comhoibriú leo. Ag druidim chun deiridh don bhliain [[1908]], thosaigh sé ag cur brú ar na heaspaig le litreacha príobháideacha, agus é ag lochtú pholasaí Gallda Mhaigh Nuad go poiblí, fiú. Níor thaitin a leithéid sin leis na heaspaig, áfach. Tugadh bata agus bóthar dó as Maigh Nuad, agus fágadh ar an mblár fholamh é. Fuair sé bás i gceann cúpla bliain, i ndiaidh dó laethanta deireanacha a shaoil a chur amú ag iarraidh a phost a fháil ar ais. Is féidir a rá gurbh eisean an chéad mhairtíreach a thug a shaol ar son na Gaeilge.
 
== Timirí agus Múinteoirí Taistil ==