An difríocht idir athruithe ar: "Jack the Ripper"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 29:
Tugadh corpán Annie Chapman faoi deara timpeall ar a sé a chlog ar maidin Dé Sathairn [[8 Meán Fómhair]] [[1888]] in aice leis an cúldoras ag 29 Sráid Hanbury, [[Spitalfields]]. Bhí an scornach gearrtha faoi dhó, mar a bhí ar Nichols. Bhí an bolg scortha suas go hiomlán, agus ní ba deireanaí cuireadh cronú san útaras. Nuair a bhí an cróinéir ag déanamh a fhiosrúcháin féin, dúirt finné amháin go bhfaca sé Chapman timpeall ar a leathuair i ndiaidh a cúig ar maidin agus fear dubh "leath giobach, leath galánta" ina cuideachta.
 
Maraíodh Stride agus Eddowes go moch ar maidin, Dé Domhnaigh, [[30 Meán Fómhair]] [[1888]]. Thángthas ar chorpán Stride timpeall ar bhuille a chlog ar maidin in Dutfield's Yard, in aice le Sráid Berner (inniu, Sráid Henriques), [[Whitechapel]]. Ba é ba thrúig bháis di ná gearradh glan amháin sa phríomhartaire ar an taobh clé dá muineál. Ní raibh an ghnáth-drochíde le feiceáil ar íochtar a boilg, áfach, agus mar sin tá siad ann nach bhfuil cinnte gur chóir í a áireamh ar duinedhuine d'íospartaigh Jack.
 
Na finnéithe a shíl go raibh siad tar éis Stride a aithint i gcuideachta fir roimhe sin, ní raibh siad ar aon fhocal faoi éagasc an fhir, nó bhí cuid acu ag áitiú gur fear geal gléigeal a bhí ann, an chuid eile den tuairim gur fear dubh duairc a bhí i gceist; cuid acu dúirt siad gur gioblachán bocht a bhí ann, an chuid eile barúlach go raibh sé ag caitheamh culaith ghalánta.
Líne 41:
* [[Mary Jane Kelly]]
 
== Tagairtí ==
{{Reflist}}{{síol}}
 
[[Catagóir:Sraithmharfóirí]]