An difríocht idir athruithe ar: "Leonid Brezhnev"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 33:
 
Sa bhliain [[1942]], nuair a bhí an Úcráin forghafa ag na Gearmánaigh, cuireadh Brezhnev go dtí na [[Sléibhte Cugasacha]] mar leas-cheannasaí an riaracháin pholaitiúil ar an bhfronta Tras-Chugasach. I Mí Aibreáin 1943, cuireadh i gceannas ar riarachán polaitiúil an ochtú harm déag é. Níos deireanaí sa bhliain chéanna, chuaigh an t-arm sin le Fronta na hÚcráine, agus an tArm Dearg ag fáil an lámh in uachtar arís agus ag ascnamh anoir tríd an Úcráin.
[[Íomhá:Brezhnev-color.jpg|mion|1967]]
 
B'é [[Nikita Khrushchev]] an coimeasár polaitiúil ab airde céim ar an bhFronta, agus bhí sé ag cabhrú le Brezhnev dul chun cinn a dhéanamh sa pháirtí. Nuair a tháinig deireadh leis an [[An Dara Cogadh Domhanda|Dara Cogadh Domhanda]] san [[An Eoraip|Eoraip]], bhí Brezhnev ina Ard-Choimeasár Polaitiúil ar Cheathrú Fronta na hÚcráine. B'iad saighdiúirí an Fhronta seo ba thúisce a shealbhaigh [[Prág]] i ndiaidh ghéilleadh na nGearmánach.
 
Líne 40:
 
Casadh Brezhnev agus Khrushchev ar a chéile an chéad uair sa bhliain 1931, go gairid tar éis do Bhrezhnev dul sa Pháirtí. Roimh i bhfad, bhí sé ina dhalta coimirce ag Khrushchev, agus é ag déanamh a bhealaigh suas i gcóras an Pháirtí. Bhí sé ina Chéad Rúnaí Páirtí i [[Poblacht Shóivéadach na Moldóive|bPoblacht Shóivéadach na Moldóive]] ón [[3 Samhain]] 1950 go dtí an [[16 Aibreán]] 1952.
[[Íomhá:Brezhnev 1974.jpg|clé|mion|286x286px|1974]]
 
Fuair Stailín bás i Márta [[1953]], agus nuair a rinneadh atheagrú ar an bPáirtí ina dhiaidh sin, cuireadh deireadh leis an bPraesaidiam agus tháinig an sean-Bhiúró Polaitiúil ar an bhfód arís. Cé nach bhfuair Brezhnev suíochán sa Bhiúró Polaitiúil nua, cuireadh i gceannas ar riarachán polaitiúil an Airm agus an Chabhlaigh é, agus bronnadh céimíocht an Leifteanant-Ghinearáil air. Is dócha gurbh é [[Nikita Khrushchev|Khrushchev]] a shocraigh an chéim suas seo dó. Faoin am seo, bhí Khrushchev ina Ard-Rúnaí ar an bPáirtí cheana féin. Ar an [[7 Bealtaine]] [[1955]], rinneadh Chéad Rúnaí an Pháirtí i [[Poblacht Shóivéadach na Casacstáine|bPoblacht Shóivéadach na Casacstáine]] de Bhrezhnev.
 
I Mí Feabhra [[1956]] fuair Brezhnev ordú filleadh go [[Moscó]]. Anois, bhí sé ina iarrthóir le haghaidh ballraíocht sa Bhiúró Polaitiúil, agus cuireadh i gceannas na n-armálacha, thionscadal an spáis agus na tionsclaíochta troime. Anois, bhí sé ar duinedhuine de na cúlaistíní ba tábhachtaí a bhí ag Khrushchev, agus i Meitheamh [[1957]], thacaigh sé le Khrushchev nuair a bhí seisean ag cur catha ar na sean-Stailínigh, an "faicsean frith-Pháirtí", a raibh daoine ar nós [[Vyacheslav Molotov]], [[Georgy Malenkov]] agus [[Lazar Kaganovich]] i gceannas air. Nuair a bhí an drong seo cloíte, bhain Brezhnev amach ballraíocht iomlán sa Bhiúró Polaitiúil.
[[Íomhá:Pahlavi meets Brezhnev in 1970.jpg|mion|Shah Mohammad Reza Pahlavi, Farah Pahlavi, Leonid Brezhnev, Moscó 1970]]
 
Sa bhliain 1952, bronnadh céim Dhara Rúnaí an Lárchoiste ar Bhrezhnev, agus, i Mí Bealtaine 1960, rinneadh Uachtarán Phraesaidiam na Sóivéide Uachtaraí, is é sin, bhí sé ina cheann stáit anois, ó thaobh an ainm de. Cé go raibh an fhíorchumhacht dílsithe do Khrushchev, mar Rúnaí Páirtí, chuir an chéim seo ar chumas Bhrezhnev taisteal a dhéanamh thar lear. San am seo a thug sé taithneamh d'éadaí galánta agus ghluaisteáin an Iarthair, rud a thabhaigh cuid mhór míchlú dó sna laethanta a bhí le teacht.
 
Líne 51:
Ar an 14 Deireadh Fómhair, agus Khrushchev ar saoire, d'imir na comhcheilgeoirí a gcleas. Chuaigh Brezhnev agus Podgornyi i bhfianaise an Lárchoiste ag lochtú Khrushchev faoi dhrocheacnamaíocht, thíorántacht (is é an téarma a cheap siad le tagairt d'ansmacht Khrushchev ná ''voluntarizm'') agus dhrochbhéasaíocht. Ceapadh Brezhnev ina Chéad Rúnaí ar an bPáirtí, b'é Kosygin a d'iompaigh ina Phríomh-Aire, agus rinneadh Uachtarán d'Anastas Mikoyan. (Sa bhliain 1965, d'éirigh Mikoyan as, agus tháinig Podgornyi ina áit.)
 
Nuair a bhí Khrushchev ina neart, bhí Brezhnev ag tacú leis an bpolasaí a bhí aige tíorántacht Stailín a nochtadh agus a phoibliú, éiric a mbrise a thabhairt do na hiar-phríosúnaigh agus an saol cultúrtha agus intleachtúil a thabhairt chun liobrálachais. Ag dul i gceannas ar an stát dó, áfach, chuir Brezhnev deireadh leis an bhforbairt agus thosaigh sé ag casadh an chloig ar ais. D'éirigh sé an-choimeádach ina dhearcadh. In óráid a thug sé i Mí Bealtaine 1965, agus fichiú cothrom lae an bhua ar an nGearmáin sa Dara Cogadh Domhanda á cheiliúradh, rinne sé an chéad tagairt chairdiúil do Stailín. I Mí Aibreáin 1966, ghlac sé air céim an Rúnaí Ghinearálta, an chéim a bhí ag Stailín go dtí an bhliain 1952. Sa bhliain 1966, freisin, gearradh príosúnacht fhada don bheirt scríbhneoirí úd Yuli Daniel agus Andrey Sinyavskiy. B'é seo an chéad mhórthriail taispeántais den chineál seo i ndiaidh bhás Stailín, agus is é an chiall a baineadh aisti go raibh an tAontas Sóivéadach ag cromadh ar ais ar an gcineál ansmacht a bhí á imirt ar na scríbhneoirí agus ar na hintleachtóirí faoi Stailín. Faoi cheannas Yuri Andropov, fuair na seirbhísí rúnda - [[KGB|Coiste na Slándála Stáit, nó KGB]] - ar ais cuid mhór den chumhacht a bhí acu faoi Stailín, ach, míle buíochas le Dia, níor tháinig purguithe móra na dtríochaidí agus na ndaichidí ar ais. [[Íomhá:Ford signing accord with Brehznev, November 24, 1974.jpg|mion|Le [[Gerald Ford]] - 1974]]
 
Sa bhliain 1968, bhuail an chéad ghéarchéim rialtas Bhrezhnev. Ansin, bhí ceannairí Cumannacha na Seicshlóvaice, faoi cheannas [[Alexander Dubček]], ag iarraidh an córas Cumannach a liobrálú ("[[Earrach Phrág]]"). I Mí Iúil, chuir Brezhnev i leith na Seiceach go raibh siad ag féachaint leis an gCumannachas a "athbhreithniú", go raibh siad ag dul le "frith-Shóivéadachas", agus, i Mí Lúnasa, chuir sé gairm shlógtha ar thíortha Chonradh Vársá an tSeicshlóvaic a ionsaí agus rialtas Dubček a chloí. Chuaigh na heasaontóirí ag agóidíocht sna sráideanna i gcathracha Sóivéadacha. B'é an freagra a thug Brezhnev go raibh an tAontas Sóivéadach i dteideal ladar a chur i gcúrsaí inmheánacha na dtíortha Sóisialacha eile le tarrtháil a thabhairt don tSóisialachas. B'é seo "foirceadal Bhrezhnev", mar a bhaist na hiriseoirí Iartharacha air, ach le fírinne, ní raibh ann ach seanpholasaí Sóivéadach, nó bhí ceannairc eile den chineál chéanna cloíte ag Khrushchev san Ungáir sa bhliain 1956.
 
 
[[Íomhá:Ford signing accord with Brehznev, November 24, 1974.jpg|mion|Le [[Gerald Ford]] - 1974]]
 
==Tagairtí==
{{reflist}}