An difríocht idir athruithe ar: "Karel Čapek"

Content deleted Content added
Leathanach nua: Áirítear '''Karel Čapek''' (9 Eanáir 1890 – 25 Nollaig 1938) ar scríbhneoirí móra na Seicise. Bhí sé ar cheannródaithe an fhicsin eolaíochta lena chuid saothar, agus d'i...
 
Rang +IV +Naisc +Íomhá
Líne 1:
Áirítear '''Karel Čapek''' ([[9 Eanáir]] 1890 – [[25 Nollaig]] 1938) ar scríbhneoirí móra na [[An tSeic|Seicise]]. Bhí sé ar cheannródaithe an fhicsin eolaíochta lena chuid saothar, agus d'imir sé an-tionchar ar scríbhneoirí éagsúla ó [[George Orwell]] go Brian Aldiss. B'eisean, nó b'fhéidir a dheartháir Josef, a bhí ina scríbhneoir ann féin, a chéadcheap an focal "róbat". B'é Karel Čapek, áfach, a bhain an chéad úsáid as ina dhráma "R.U.R."
 
[[Íomhá:Karel Capek monument.JPG|thumb|Leacht cuimhneacháin - Prág]]
Saolaíodh i Malé Svatoňovice é, agus chuaigh sé ag freastal ar an meánscoil i Hradec Králové, nó Königgrätz, mar a bhí ar an áit go hoifigiúil san am, ós rud é nach raibh sa tSeic ach cúige de chuid [[an Ostair|na hOstaire]] san am. Ghlac Karel óg páirt in agóidíocht fhrith-Ostarach, agus ruaigeadh as an scoil é, ionas gurbh éigean dó dul go Brno (Brünn) leis an gcuid eile den mheánscoil a chur isteach. I ndiaidh na meánscoile, rinne sé staidéar ar fhealsúnacht i [[Prág|bPrág]], i [[Beirlín|mBeirlín]] agus i [[Páras|bPáras]].
 
Bhí drochshláinte air, agus mar sin, níor glacadh leis in Arm na hOstaire le haghaidh [[an Chéad Chogadh Domhanda]]. I ndiaidh an chogaidh, chuaigh sé le hiriseoireacht agus le hamharclannaíocht, agus casadh aisteoir óg mná air, Olga Scheinpflugová. Bhí siad ag dul amach ar feadh i bhfad, ach níor phós Čapek í ach go gairid roimh a bhás féin. Shíothlaigh sé i ndiaidh Chomhdháil München, agus [[an Ghearmáin]] ag cúngú go bagrach ar an tSeicshlovaic.
 
{{síol}}
[[Catagóir:Scríbhneoirí|Capek, Karel]]
[[Catagóir:Daoine a rugadh i 1890|Capek, Karel]]
[[Catagóir:Básanna i 1938|Capek, Karel]]
 
[[be:Карэл Чапэк]]
[[be-x-old:Карэл Чапэк]]
[[bg:Карел Чапек]]
[[ca:Karel Čapek]]
[[cs:Karel Čapek]]
[[da:Karel Čapek]]
[[de:Karel Čapek]]
[[en:Karel Čapek]]
[[et:Karel Čapek]]
[[es:Karel Čapek]]
[[eo:Karel Čapek]]
[[fa:کارل چاپک]]
[[fr:Karel Čapek]]
[[ko:카렐 차페크]]
[[hr:Karel Čapek]]
[[it:Karel Čapek]]
[[he:קארל צ'אפק]]
[[ka:ჩაპეკი, კარელ]]
[[nl:Karel Čapek]]
[[ja:カレル・チャペック]]
[[no:Karel Čapek]]
[[nn:Karel Čapek]]
[[pl:Karel Čapek]]
[[pt:Karel Čapek]]
[[ro:Karel Čapek]]
[[ru:Чапек, Карел]]
[[sk:Karel Čapek]]
[[fi:Karel Čapek]]
[[sv:Karel Čapek]]
[[tr:Karel Čapek]]
[[uk:Чапек Карел]]