An difríocht idir athruithe ar: "Dùn Èideann"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 30:
* [[Dail Mheinidh]]
* [[Ráthach, Dún Éideann|Ráthach]]
 
== Geilleagar ==
Is é Dún Éideann an cathair is láidire taobh amuigh de Londain ó thaobh an gheilleagair de. Chomh maith leis sin, is daoine gairmiúla iad 43% de mhuintir Dhún Éideann, an céatadán is airde sa Ríocht Aontaithe. Ainmníodh Dún Éideann mar an mórchathair is iomaíche sa Ríocht Aontaithe.
 
Sa 19ú aois, bhí clú agus cáil ar gheilleagar Dhún Éideann mar gheall ar bhaincéireacht, foilsitheoireacht agus grúdaireacht. Sa lá atá inniu ann, tá an geilleagar bunaithe go príomha ar sheirbhísí airgeadais, taighde eolaíoch, ardoideachas agus turasóireacht. I Mí an Mhárta 2010, ba é an leibhéal dífhostaíochta sa chathair ná 3.6%, figiúir atá measartha íseal. Bíonn an leibhéal dífhostaíochta i nDún Éideann níos ísle ná an meán náisiúnta i gcónaí, is é sin 4.5%. Is é Dún Éideann an cathair is mó a thugann turasóirí cuairt air sa Ríocht Aontaithe i ndiaidh Londain.
 
Bunchloch an gheilleagair is ea í an bhaincéireacht ar feadh os cionn 300 bliain, ó bhunaíodh Banc na hAlban (Bank of Scotland) in 1695. Is mar gheall ar an earnáil shéirbhísí airgeadais gurb é Dún Éideann an dara lárionad airgeadais is mó de chuid na Ríochta Aontaithe. D'oscail Royal Bank of Scotland ceanncheathrú idirnáisiúnta nua in iarthar na cathrach i 2005. Chomh maith leis sin, tá ceanncheathrúna eile suite i nDún Éideann, ar nós Virgin Money, Tesco Bank, TSB Bank agus Sainsburys Bank.
 
Imríonn turasóireacht tionchar mór ar an gheilleagar sa chathair chomh maith. Mar Láithreán Oidhreachta Domhanda, tugann turasóirí cuairt ar áiteanna ar nós Caisleán Dhún Éideann, an tSeanbhaile agus an Nuabhaile. Tagann borradh ar leith ar líon na dturasóirí gach bliain i Mí Lúnasa le linn fhéilte Dhún Éideann. Meallann na féilte sin 4.4 milliún turasóir chuig an chathair agus saothraíonn siad os cionn £100 milliún don gheilleagar áitiúil.
 
Is é Dún Éideann lárionad chóras rialtais na hAlban agus de bharr sin, tá ról lárnach ag an earnáil phóiblí i ngeilleagar na cathrach. Tá cuid mhór de ranna rialtais na hAlban suite sa chathair. Fostóirí suntasacha is ea iad NHS agus an rialtais áitiúil.
 
 
{{Cathracha in Albain}}