An difríocht idir athruithe ar: "An Cabhán"

14 bytes added ,  13 bliain ó shin
m
m (robot Adding: lt:Kavanas)
[[Íomhá:Cavan cathedral.jpg|mion|150px|deas|Ardeaglais Phádraig agus Fhelim, an Cábhán]]
==Stair==
Thóg clann Uí Raghallaigh, ainm a mhaireann sa dúiche, caisleán sa bhaile go déanach sa 13ú Aois. Tógadh mainisir Proinsiasach sa bhaile timpeall an ama chéanna. Sa 15ú Aois, chuir an taoiseach áitiúil, Eoin Ua Raghaillligh, margadh ar bun, a tharraing ceannaithe as [[Baile Átha Cliath]] agus as Droichead Átha. Thug [[Séamus VI|Rí Séamus I]] cáirt don bhaile i [[1610]]. Go luath sa 19ú Aois, thóg muintir Farnham, tiarnaí talún áitiúla, sráid nua leathan ar a bhfuil a n-ainm i gcónaí. Tógadh tithe breátha, foirgnimh poiblí ar nós teach na cúirte 1825, agus eaglaisí ar an sráid.
 
Go déanach sa 19ú Aois, ba cheangal tábhachtach idir línte traenach láir na tíre agus an iarthair agus an Northern Railway an Cabhán. Tá ardeaglais an Chill Mhóir trí mhíle siar ón mbaile. Sa 12ú Aois a tógadh doras na h-eaglaise. Tá Farnham House siar aduaidh as baile an Chabháin ar na tithe is mó sa chontae. Tógadh mórthimpeall 1810 é, agus ba é [[Francis Johnston]], [[ailtireacht|ailtire]] as [[Baile Átha Cliath]], a dhear é. Dhíol muintir Farnham é le gairid, agus táthar á iompú ina theach ósta agus ceantar scíth.
 
==Gnó agus Trácht==