An difríocht idir athruithe ar: "Gaoth Dobhair"

Content deleted Content added
Ag cur grianghraf sa bhreis air.
Uasdatú ar Pobalscoil Ghaoth Dobhair le foinsí.
Líne 16:
'''Gaoth Dobhair''' (''Gweedore'' i m[[Béarla]]): ceantar [[Gaeltacht]]a i g[[Contae Dhún na nGall]], [[Éire]]. Anseo atá oifig réigiúnach sheirbhís [[Raidió na Gaeltachta]], agus is é Gaoth Dobhair an paróiste Gaeltachta is mó in [[Éirinn]] (daonra 4,065). Is iad na príomhbhailte fearainn ná [[Croithlí]], [[Dún Lúiche]], [[An Bun Beag]], [[Doirí Beaga]] agus Cnoc Fola. Tá Gaoth Dobhair faoi scáth [[an Earagail|na hEaragaile]], an cnoc is airde i gContae Dhún na nGall.
 
Tá clú ar Ghaoth Dobhair mar go bhfuil an traidisiún Gaelach beo go fóill i measc na ndaoine aitiúla, idir sean-nósanna, ceol traidisiúnta, drámaíocht, cluichí Gaelacha agus an Ghaeilge. Meallann seo agus radharcra an cheantair cuid mhór turasóirí ó achan chearn den tír, go háirithe ó [[Tuaisceart Éireann|Thuaisceart Éireann]].<ref>http://www.irishabroad.com/Travel/Features/gweedore.asp</ref> Tá Gaoth Dobhair suite idir [[Na Rosann]] ó dheas agus [[Cloch Cheann Fhaola]] ó thuaidh, cuirtear ''na trí paróistí'' orthu agus cruthaíonn siad réigiún cultúrtha agus sóisialta ar leith, áit ina bhfuil Gaoth Dobhair mar phríomhcheantar do tionscal agus saol oíche.
 
== Ainm ==
Líne 37:
Chuir [[Plandáil Uladh]] casadh ar stair an pharóiste sa bhliain [[1609]]. B'éigean do dhaoine Ghaelacha talamh torthúil s'acu a fhágáil sa Lagáin agus imeacht go dtí iarthar [[Contae Dhún na nGall|Dhún na nGall]], agus shroich cuid mhaith acu Gaoth Dobhair. Ag an am chéanna thosaigh lonnaitheoirí [[Sasana]]cha agus [[Albain|Albanacha]] a theacht, agus d'athraigh siad an talamh go barúntachtaí. De réir chosúlachta ní raibh mórán de dhaonra sa pharóiste suas go dtí an [[17ú haois]]. Chónaigh na daoine ar na hoileáin agus ar imeall na farraige i ngráigeanna, thóg siad na tithe in aice a chéile i bpócaí beaga.
 
Ní raibh daonra mór ann suas go dtí an [[19ú haois]] agus tuigtear go raibh caidreamh measartha maith idir na tionóntaí agus na tiarnaí talún. Tháinig laghdú mór ar chaighdeán an tsaoil le linn theacht na dtiarnaí talún úra san [[19ú haois]], go háirithe an Tiarna George Hill (1801-1879) agus a mhac Arthur. Threoraigh an sagart Seán Mac Pháidín muintir na háite agus iad ag troid leis na tiarnaí talún seo nuair a bunaíodh [[Conradh na Talún]] agus an Plean Feachtais. Ba é eachtra ''Marú an Mháirtínigh'' (An Cigire Dúiche William Martin) taobh amuigh de theach pobail [[Dhoirí Beaga]] buaicphointe Chogadh na Talún i nGaoth Dobhair.<ref>{{Lua idirlín|url=http://crannog.ie/gaoth-dobhair/stair/|teideal=Stair {{!}} Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair|language=en-GB|dátarochtana=2019-07-16}}</ref>
 
Tá léar leabhar staire foilsithe faoi stair Ghaoth Dobhair. Ba í Cáit Nic Giolla Bhríde (nach maireann) duine de na staraithe ba chlúití sa cheantar.
Líne 49:
== Oideachas ==
[[Íomhá:Doiribeaga.jpg|300px|thumb|An bóthar R257 a théann fríd Ghaoth Dobhair, le feiceáil anseo i nDoirí Beaga.]]
Tá cúig bhunscoil i nGaoth Dobhair, sna bailte fearainn seo a leanas: Doirí Beaga, An Bun Beag, Mín an Chladaigh, Dobhar agus An Luinneach. Is í [[Pobalscoil Ghaoth Dobhair]] an t-aon mheánscoil sa pharóiste. Bunaíodh ían sascoil bhliaini [[1977]]1973. arBhí an Luinnigh,scoil idir dhá fhoirgnimh (Ard Scoil Mhuire agus isAn Gairm Scoil) go dtí 1980 nuair a tógadh scoil úr ar an Luinnigh. Is é NoelSéamus Ó GallchóirBriain atá ina phríomhoide inti, agus tá suas le 400 scoláire ag freastal ar faoi latháir. Cuirtear an t-oideachas seo uilig ar fáil fríd mheán na [[Gaeilge]] agus déanann na mic léinn na scrúduithe stáit i nGaeilge.<ref>{{Lua idirlín|url=https://www.psgd.ie/ar-scoil/culra-na-scoile/|teideal=Cúlra na Scoile|language=wp-dev-ga|work=Pobalscoil Ghaoth Dobhair|dátarochtana=2019-07-16}}</ref>

Sa bhliain [[2004]] d'oscail [[Ollscoil na hÉireann, Gaillimh]] ionad ''Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge'' le hoideachas tríú leibhéal a chur ar fáil fríd mheán na Gaeilge do mhuintir na háite.<ref>http://acadamh.ie/acadamh/ionaid/gaothdobhair/</ref>
 
== Gnéithe fisiceacha ==
Line 55 ⟶ 57:
Tá Gaoth Dobhair cáiliúil mar gheall ar a áilleacht mara agus tíre. Is dócha gurb í [[an Earagail]] os cionn Loch Dhún Lúiche an ghné is so-aitheanta sa cheantar. Is é an sliabh is airde é i g[[Contae Dhún na nGall]]. Thart ar Ghaoth Dobhair tá gleanntáin fhairsinge, ina measc tá Gleann Nimhe, Caisleán Ghleann Bheatha agus Páirc Náisiúnta Ghleann Bheatha, an pháirc náisiúnta is mó sa tír. Radharc suntasach eile i nGaoth Dobhair ná 'Bád Eddie', bád iascaigh a chuaigh ar ancaire i mbá Mhachaire Chlochair sna [[1970idí]] agus atá ann go fóill.
 
Ar chósta Ghaoth Dobhair tá cuid mhór tráigheanna agus aillte le fáil, chomh maith le hoileáin cosúil le [[Toraigh]] agus [[Gabhla]] agus na caoráin atá forleathan timpeall na háite. Taobh le Gabhla tá na hoileáin Iomphainn, Inis Meán agus Inis Oirthear.
 
== Iompar ==
Line 67 ⟶ 69:
== Na healaíona ==
[[Íomhá:Hiudaibeag.jpg|220px|thumb|Teach tábhairne Hiúdaí Beag, An Bun Beag.]]
Tá aird [[An Domhan|an domhain]] tarraingthe ag ceoltóirí Ghaoth Dobhair ar an pharóiste. Cruthaíodh an grúpa ceoil [[Clannad]] sa bhliain [[1970]], agus ó shin tá breis agus 20 milliún ceirnín díolta acu. Thosaigh an grúpa [[Altan]] i nGaoth Dobhair fosta, agus tagann an príomhamhránaí [[Mairéad Ní Mhaonaigh]] ó Chois Claidí. Is dócha gurb í Eithne Ní Bhraonáin, nó [[Enya]] ab fhearr aithne uirthi, an ceoltóir is clúití ó Ghaoth Dobhair, thosaigh sí ar stáitse Amharclann Ghaoth Dobhair le linn a hóige agus anois tá níos mó ná 75 milliún ceirnín díolta aici. Tá clú agus cáil ar cheoltóirí eile on pharóiste, is iad [[Aoife Ní Fhearraigh]], Brídín Brennan, Maria McCool, Gearóidín Breathnach, [[Na Casaidigh]], Proinsias Ó Maonaigh, agus Seamus McGee. Bhí nasc mór ag Gaoth Dobhair leis an ghrúpa [[Skara Brae]] fosta. Tá dhá chór ghníomhacha sa pharóiste, Cór Mhuire Dhoirí Beaga (faoi stiúr Mháire 'Baba' Bn. Uí Bhroanáin agus Eibhlín Nic Suibhne) agus Cór Thaobh a' Leithid (faoi stiúr [[Doiminic Mac Giolla Bhríde|Doimnic Mac Giolla Bhríde]]). Tá albaim eisithe ag an dá dhream.
 
Bíonn ''[[Scoil Gheimhridh Frankie Kennedy]]'' ar siúl gach bliain úr i nGaoth Dobhair in ómós don cheoltóir aithnidiúil Frankie Kennedy ó [[Bhéal Feirste]] ó dhúchas, a bhí pósta ar [[Mhairéad Ní Mhaonaigh]] go dtí go bhfuair sé bás le hailse in [[1994]].
 
Scríobh Phroinsias Ó Maonaigh an t-amhrán "''[[Gleanntáin Ghlas' Ghaoth Dobhair]]''", atá anois ina aintiún do mhuintir na háite sa bhaile agus i gcéin.
 
Tá traidisiún fada aisteoireachta sa phobal agus bhí an-cháil ar Aisteoirí Ghaoth Dobhair agus ar [[Amharclann Ghaoth Dobhair]] ar feadh na mblianta.
 
== Grianghraif ==