An difríocht idir athruithe ar: "Jeanne d'Arc"

Content deleted Content added
No edit summary
Holder (plé | dréachtaí)
m corr using AWB
Líne 135:
“B’iomaí caoi ar chuir na daoine a tháinig ina diaidh síos uirthi ó bhásaigh sí cúig chéad ó shin: deamhanta, fanaiceach, misteach spioradálta, duine soineanta a ndearna an lucht ceannais buntáiste a bhreith uirthi go tragóideach, an duine a chuir tús leis an náisiúnachas nua-aimseartha agus laoch dá chuid, banlaoch a bhfuil ardmheas uirthi, naomh. D’áitigh sí, fiú nuair a bagraíodh go ndéanfaí í a chéasadh agus nuair a bhíothas chun í a chur chun báis le tine, gurbh iad glórtha ó Dhia a bhí á stiúradh. Cibé acu gurbh ann do ghlórtha nó nárbh ann, cuireann a scéal iontas ollmhór ar gach duine a bhfuil cur amach aige air.”
 
Sa bhliain 1452, le linn an imscrúdaithe i leith a básaithe a rinneadh i ndiaidh an chogaidh, d’fhógair an Eaglais go measfaí dráma reiligiúnach ina ómós in Orléans a bheith ina oilithreacht a thuillfeadh logha. Ba shiombail í ar an [[Léig Chaitliceach]] san 16ú haois. Ba é Moinsíneoir [[Felix Dupanloup,]], Easpag Orléans ó 1849 go 1878, a chuir tús leis an bhfeachtas go n-ainmneofaí Jeanne mar dhuine beannaithe. Bhásaigh sé sular tharla sin áfach.
 
Ar deireadh, ainmníodh Jeanne d’Arc mar dhuine beannaithe sa bhliain 1909. Tharla seo díreach tar éis an dlí Francaigh a tháinig i bhfeidhm sa bhliain 1905 chun na heaglaisí agus an Stát a dheighilt óna chéile. Measadh ag an am gur bhuille tubaiste é an dlí seo don Eaglais Chaitliceach sa Fhrainc. Ainmníodh mar naomh í ar an 16 Bealtaine 1920. Is ar an 30 Bealtaine atá a lá féile. Agus í ina Naomh Jeanne d’Arc, tá sí ar dhuine de na naoimh is mó le rá san Eaglais Chaitliceach.