An difríocht idir athruithe ar: "Cogadh Cathartha na hÉireann"

Content deleted Content added
Holder (plé | dréachtaí)
m corr using AWB
Líne 88:
=== Tús ===
[[Íomhá:cathalbrugha.JPG|clé|180px|thumb|[[Cathal Brugha]]]]
Ní féidir a rá nach mbeadh trioblóidí agus scirmisí de chineál éigin ar obair idir na Saorstátairí agus na Neamhrialtaigh le píosa maith ama cheana féin, ach b'é bombardú na gCúirteanna i mBaile Átha Cliath a chuir an cogadh ar siúl go deifinideach . Mhair an bombardú go dtí an tríochadú lá de Mhí an Mheithimh, ach ansin, ghabh na Saorstátairí an foirgneamh, agus ghéill na frith-conraitheoirí iad féin dóibh. Mhair cathanna Bhaile Átha Cliath roinnt laethanta ina dhiaidh sin, nó ghlac Óglaigh frith-Chonartha de chuid Bhriogáid Átha Cliath, agus [[Oscar Mac Tréinfhir]] mar cheannfort orthu, [[Sráid Uí Chonaill]] i lár na cathrach.
 
Chaith siad conablach seachtaine ag cur troda ar na Saorstátairí, ach tháinig deireadh leis an gcogaíocht sráide ar an 5 Iúil. Fuair cúigear Óglach déag agus dhá scór bás sna cathanna seo, agus creidtear gur maraíodh dhá chéad go leith de shibhialtaigh de thaisme. B'é Cathal Brugha an duine ba mhó le rá a básaíodh sa teagmháil seo. Fágadh goin ar ochtar Óglach is fiche, agus chimigh na Saorstátairí breis agus leathmhíle de Phoblachtánaigh.