An difríocht idir athruithe ar: "Tuaisceart Éireann"

Content deleted Content added
AdamLibh (plé | dréachtaí)
→‎Tíreolas: Contae Ard Mhacha
clib: Mobile edit Mobile web edit Advanced mobile edit
AdamLibh (plé | dréachtaí)
clib: Mobile edit Mobile web edit Advanced mobile edit
Líne 57:
===Contae Thír Eoghain===
 
Is contae sléibhtiúil í [[Tír Eoghain]] den chuid is mó, cé go bhfuil ceantair machairí sa chontae fosta, go háirithe ar bhruach Loch nEathach, i gceantar na hAbhann Móire i ndeisceart an chontae, agus san iarthuaisceart, ar [[an Fheabhail]]. Tá na [[Speiríní]] suite i dtuaisceart an chontae, ar an teorainn le [[contae Dhoire]]. Is iad an tríú sliabhraon is airde i gCúige Uladh, i ndiaidh na Beanna Boirche agus na Sléibhte Dhoire Bheatha, agus tá an sliabh is airde i dTír Eoghain, an Mullach Clochach (634m), suite ansin. Is é Loch nEathach, an loch is mó sna hOileáin Bhriotanacha (388 km²/150 mílte cearnacha) an phríomhghné in oirthear an chontae, agus comhdhéanann sé teorainn thoir an chontae. Is í an Fheabhail agus a craobh-aibhneacha, an Mhorn, Abhainn na Deirge, Abhainn Coille, agus an Shruthail, na príomhaibhneacha in iarthar an chontae. Is í an Abhainn Mhór an phríomhabhainn sa deisceart, agus comhdhéanann sé an teorainn le [[Contae Mhuineacháin|Muineachán]] agus [[Contae Ard Mhacha|Ard Mhacha]] sula sruthaíonn sí isteach i Loch nEathach.
 
===Contae Ard Mhacha===
 
Tá cáil ar [[Contae Ard Mhacha|Ard Mhacha]] mar 'úllord na hÉireann', agus fástar a lán torthaí ann i gcónaí. Ba iad na plandóirí a chuir fúthu sa 17ú haois a chuir na húlloird ar dtús. Imrítear leagan de chluiche babhlaí in Ard Mhacha nach bhfaightear aon áit eile ach i [[Contae Corcaigh|gCorcaigh]]. Tá traidisiún láidir [[peil Ghaelach|peile Ghaelaí]] sa cheantar agus bhuaigh foireann Ard Mhacha [[Craobh na hÉireann]] i 2002.
 
Tá Ard Mhacha theas, is é sin an ceantar tuaithe in aice na teorann le [[Contae Lú]] sa [[Poblacht na hÉireann|Phoblacht]], sách náisiúnach. [[Caitliceachas]] an príomh-reiligiún. Fuair a lán saighdiúrí Briotanacha bás ann i rith na [[na Trioblóidí|dTrioblóidí]].
 
===Contae Aontroma===
 
Meallann [[Glinntí Aontroma]] na mílte turasóir chun an chontae achan bhliain agus is suíomh Oidhreachta Dhomhanda de réir UNESCO é [[Clochán an Aifir]] (nó Clochán na bhFórmorach mar a thugtar air fosta) ar an chósta thuaidh. Tá clú ar Mhuileann na Buaise as an uisce bheatha atá á dhéanamh ann leis na céadta bliain, agus aithnítear [[Port Rois]] mar an lonnaíocht mhara is cáiliúla i dTuaisceart Éireann ó thaobh líonn na gcuairteoirí air de, áit atá ann ina mbíonn craic ar dóigh de ló is d'oíche de réir tuarascála. Tá an chuid is mó de [[Béal Feirste|Bhéal Feirste]], an chathair is mó i dTuaisceart Éireann, lonnaithe sa chontae, agus an chuid eile di i [[Contae an Dúin|gContae an Dúin]]. De réir an tseanchais is ar Shliabh Mis i dtuaisceart an chondae a chaith [[Pádraig Naofa]] bunús a shaoil óig.
 
== Daonra ==