An difríocht idir athruithe ar: "An Béarla"

Content deleted Content added
Holder (plé | dréachtaí)
m corr using AWB
Holder (plé | dréachtaí)
m corr using AWB
Líne 71:
 
Is deacair a rá, an féidir dearcadh ar an mBéarla mar theanga náisiúnta na [[An Ríocht Aontaithe|Ríochta Aontaithe]] a thuilleadh, ós rud é go bhfuil sé sealbhaithe ag uasal agus íseal fud fad an domhain mhóir. Tá sé sábháilte a rá go bhfuil níos mó cainteoirí líofa neamhdhúchais ná cainteoirí dúchais ann, agus deir cuid de na [[Teangeolaíocht|teangeolaithe]] nach bhfuil sé faoi na cainteoirí dúchais a thuilleadh, cad é atá i ndán don Bhéarla agus cén cineál athruithe a thiocfaidh air feasta. Maidir leis na cainteoirí dúchais, is Meiriceánaigh iad a bhformhór mór—beirt as gach triúr, go bunúsach—agus is é Béarla na Stát Aontaithe an leagan den teanga is mó a labhraítear.
[[Íomhá:World map percentage english speakers by country.png|mion|333x333px|Béarlóirí agus % aonteangaigh ]]
Is dócha gurb iad na longa a rinne a leithéid de mhórtheanga den Bhéarla, níos mó fós ná an impireacht a choilínigh na Sasanaigh. Nuair a fuair Sasana an lámh in uachtar ar bhealaí farraige an domhain, b'í teanga na Sasanach a chuaigh i ngnáthúsáid ar fud na seacht n-aigéan. Bhí an Béarla chun tosaigh ar na teangacha eile i measc lucht na farraige i bhfad sular bhain sé amach an forlámhas atá aige inniu i gcúrsaí léinn agus eolaíochta, sna meáin chumarsáide agus araile.