An difríocht idir athruithe ar: "C. S. Lewis"

Content deleted Content added
No edit summary
Holder (plé | dréachtaí)
m corr using AWB
Líne 37:
[[Íomhá:C S Lewis statue, Belfast - geograph.org.uk - 1747358.jpg|clé|mion|288x288px|Dealbh, bóthar Upper Newtownards, Béal Feirste]]
Na scoláirí a bhfuil saothair scríofa acu faoi shaol Lewis, níl siad ar aon fhocal faoi cén cineál cairdeas a bhí ann. Tá cuid acu ag áitiú go raibh caidreamh collaí ag Lewis le Siobhán. Ní raibh an fear féin sásta an tsreang a bhaint den mhála faoin scéal seo, ach is é an rud a dúirt sé gur chuidigh Siobhán leis a chuid mothúchán a aithint is a admháil. B'é tuairim A. N. Wilson, a scríobh beathaisnéis Lewis, go raibh sé suite siúráilte go raibh a leithéid de chaidreamh acu le chéile nuair a bhí Lewis ag fáil leighis óna chuid cneánna cogaidh, ach is dealraitheach nach bhfuil de bhunús aige leis seo ach cupla litir nár bhain sé an chiall cheart astu. Maidir le Walter Hooper, ar fhág Lewis a oidhreacht liteartha faoi, b'é a bharúil siúd go raibh a leithéid de chaidreamh incheaptha, ach ní raibh aithne ag Hooper ar Lewis nuair a bhí sé óg. George Sayer, arís, bhí aithne aige ar Lewis sna blianta seo, nó bhí Lewis mar oide agus mar chara aige, agus dhiúltaigh Sayer amach is amach don chineál seo ráflaí. Cibé faoi chúrsaí craicinn, is léir go raibh Lewis agus Siobhán iontach mór le chéile. I Mí na Nollag sa bhliain [[1917]], chuir Lewis litir chuig Arthur Greeves, a bhí mar chara aige ó bhí sé ina pháiste, inar scríobh sé gurb iad Siobhán agus Greeves féin "an bheirt is measa le mo chroí ar an saol seo".
[[Íomhá:The Lion, the Witch . . . - geograph.org.uk - 317441.jpg|mion|277x277px|Bóthar Holywood, Béal Feirste (ó 1998) Lewis, mar Digory Kirke, as Narnia ]]
I ndiaidh an chogaidh, sa bhliain [[1918]] nó [[1919]], bhí Lewis agus Siobhán ina gcónaí in aontíos, cé go raibh seomraí dá chuid féin ag Lewis ina choláiste. Sa bhliain [[1930]], chuir Siobhán, Lewis agus Warnie, deartháir C. S. Lewis, fúthu i dteach ''The Kilns'' i Risinghurst, Headington, in aice le hOxford. D'íoc gach duine den triúr a chuid féin de phraghas an tí. B'é Warren "Warnie" Lewis an duine acu ba deireanaí a fuair bás, sa bhliain [[1973]]. Thit an teach le hiníon Shiobhán Uí Mhórdha ansin.