An difríocht idir athruithe ar: "Stair Bhaile Átha Cliath"

Content deleted Content added
Holder (plé | dréachtaí)
m corr using AWB
Holder (plé | dréachtaí)
m corr using AWB
Líne 63:
 
In 1840, rinne [[Thomas Drummond]], Fo-Rúnaí d’Éirinn den [[An Páirtí Liobrálach|Pháirtí Liobrálach]], an tAcht Bardais a rith, gníomh a d’athraigh an rialtas áitiúil in Éirinn go hiomlán. De thoradh na gníomhartha sin, cuireadh deireadh leis an seanchóras [[Saincheadúnas|saincheadúnais]] i mBaile Átha Cliath ina dtugadh vóta d’úinéirí maoine Protastúnacha agus do bhaill gild Protastúnacha amháin, agus, ina ionad sin, tugadh an vóta de na húinéirí maoine uile a raibh luach níos airde ná deich bpunt sa bhliain ar an maoin a raibh acu. D’fhág sé sin gur tharla go raibh tromlach ag na Caitlicigh ann ar chóimheas 2 : 1, tar éis bac a bheith curtha orthu dul isteach sa rialtas áitiúil ó na 1690í go dtí sin. De thairbhe an bhua sin, toghadh Dónall Ó Conaill ina [[Ard-Mhéar Bhaile Átha Cliath|Ard-Mhéara]] den chathair in 1841, sa chéad toghchán a ritheadh faoin gcóras saincheadúnaigh nua. <ref>[http://www.theirishstory.com/2011/01/20/loyal-dublin-the-dublin-protestant-operative-association/ Loyal Dublin – The Dublin Protestant Operative Association, The Irish Story]</ref>
[[Íomhá:Daniel_O'Connell_-_defending_the_rights_of_his_countrymen_in_the_courts_of_Dublin,_Feb._4,_1844_LCCN2003665022.tif|mion|Dónall Ó Chonaill ag cosaint cearta muintir na hÉireann sna cúirteanna i mBaile Átha Cliath, 4 Feabhra, 1844 ]]
Chuaigh Ó Conaill i mbun feachtais eile, nár éirigh leis, chun féinriara reachtacha a athbhunú in Éirinn - “'''[[Gluaiseacht na hAisghairme|Aisghairm an Aontais]]'''”, mar a dtugadh air. D’eagraigh sé slógaí ollmhóra ar a tugadh “Ollchruinnithe” (nó ''“Monster Meetings”'' i mBéarla) orthu d’fhonn brú a chur ar rialtas na Breataine chun géilleadh agus Parlaimint na hÉireann, arna gcuireadh críoch leis faoi Acht an Aontais in 1801, a athbhunú. Bhíothas ag súil le slógadh a thionóil i g[[Cluain Tarbh]], beagáinín ó thuaidh ón gcathair, mar bhuaicphointe an fheachtais. Roghnaíodh an suíomh sin mar gheall ar an tábhacht shiombalach a bhí inti de bharr [[Cath Chluain Tarbh|Chath Cluain Tarbh]] a thit amach ann in [[1014|1014.]] Bhíothas ag súil go bhfreastalófaí na mílte daoine ar an gcruinniú sin, ach chuir rialtas na Breataine cosc air agus slógadh trúpaí ann chun na críche sin. Chúlaigh Ó Chonaill agus tháinig scoilt san eagraíocht ar chuir sé ar bhun agus cailleadh an móiminteam a raibh inti.<ref>Patrick Geoghegan, Liberator, The Life and Death of Daniel O'Connell, 1830–1847, p163</ref>