An difríocht idir athruithe ar: "Charles Manson"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 20:
Daoradh Manson chun báis ar dtús, ach sa bhliain 1972, cuireadh an pionós báis ar ceal i gCalifornia, agus tiontaíodh na breitheanna báis go léir ina mbreitheanna príosúnachta saoil. Chuaigh an pionós báis in úsáid i gCalifornia in athuair ina dhiaidh sin, ach ní raibh an t-athrú seo aisghníomhach, agus mar sin, níor cuireadh Manson chun báis riamh. Faoi láthair, tá sé ag cur a shaoil de i b[[Príosún Stáit Corcoran]], in aice le [[Hanford, California]].
 
== A ShaolSaol ==
[[Íomhá:Charles Manson mugshot FCI Terminal Island California 1956-05-02 3845-CAL.png|clé|mion|1955]]
 
=== A Chéad Óige ===
 
Saolaíodh do chailín óg sé bliana déag é i Cincinnati. [[Kathleen Maddox]] a bhí ar an ngirseach, agus is é an chéad ainm a cuireadh sna rollaí dó ná "gan ainm Maddox". Trí seachtaine i ndiaidh a bhreithe, áfach, luaigh an teastas breithe an t-ainm úd Charles Milles Maddox leis. Fuair sé an sloinne úd Manson ón bhfear a phós a mháthair ina dhiaidh sin, ach dealraíonn sé gur fear darbh ainm Colonel Scott ab athair do Charles óg i gceart. Is dócha gur ainm nó leasainm a bhí i gceist le "Colonel", nó ní coirnéal ná captaen a bhí ann ar aon nós ach sclábhaí nó spailpín - fear oibre taistil - a bhí ag obair ar láithreán tógála damba in aice le Cincinnati. De réir foinsí áirithe, ba [[Afra-Mheiriceánach]] é "Colonel Scott", is é sin, fear gorm, ach shéan Manson féin an ráiteas seo.
Line 31 ⟶ 32:
 
Níor fhan sé ansin ach ceithre lá. D'éalaigh sé leis i gcuideachta buachalla eile, agus ag triall ar uncail an bhuachalla eile dóibh, rinne siad dhá robáil armtha.
[[Íomhá:Manson1968.jpg|clé|mion|1968]]
 
Rugadh ar Charles agus é i mbun buirgléireachta, agus nuair a bhí sé trí bliana déag d'aois, cuireadh go scoil cheartúcháin eile é, mar atá, ''Indiana School for Boys''. Dúirt Manson ní ba deireanaí gur tugadh gach cineál droch-íde dó ansin, agus sa bhliain 1951, theith sé as an scoil seo freisin, in éineacht le beirt bhuachaillí eile.
 
Line 37 ⟶ 38:
 
I Mí Dheireadh Fómhair 1951, de réir mar a mhol a shíciatraí, cuireadh Charles Manson go Natural Bridge Honor Camp, áit nach raibh chomh dian leis an scoil cheartúcháin i Washington. Bhí na húdaráis ag ceapadh scaoileadh saor le Charles ar parúl, ach i Mí Feabhra 1952, sula bhfuair sé éisteacht os comhair an choiste a bhí leis an gcinneadh seo a ghlacadh, d'ionsaigh sé buachaill eile go gránna agus thug sé droch-íde chollaí dó. Anois, ní raibh trácht ar bith ar an bparúl a thuilleadh. Glacadh leis go raibh sé dainséarach, agus cuireadh go scoil cheartúcháin eile arís - i b[[Petersburg, Virginia]]. Ní raibh sé á iompar go sibhialta san áit seo ach an oiread, agus d'aistrigh na húdaráis go scoil cheartúcháin eile arís é le teacht an Fhómhair. Bhí an scoil nua i [[Chillicothe, Ohio|Chillicothe]], [[Ohio]], agus smacht i bhfad ní ba déine i bhfeidhm ansin ná sna scoileanna eile.
[[Íomhá:Charles-mansonbookingphoto.jpg|mion|1971]]
 
=== An Pósadh ===
Line 45 ⟶ 47:
 
Nuair a bhí Manson ag cur a théarma príosúnachta de, tháinig a mhac chun saoil, Charles Óg. Sa chéad bhliain a chaith sé sa phríosún, bhíodh a bhean chéile agus a mháthair ag teacht ar cuairt chuige, ach ansin, staon a bhean ón gcuartaíocht seo, agus i Márta 1957, d'inis a mháthair do Charles go raibh fear eile ag a bhean chéile anois. Bhí parúl ar na bacáin, agus Manson le héisteacht a fháil mar ullmhúchán don chinneadh. Níos lú ná coicís roimh an éisteacht, áfach, ghoid Manson gluaisteán agus é ag iarraidh éalú. Baineadh an bhearna de, agus diúltaíodh faoi pharúl é.
[[Íomhá:Manson-March-2009.jpg|mion|2009]]
 
=== An Dara Pósadh ===
 
Sa deireadh, ligeadh ar parúl cúig bliana é. Scaoileadh saor é i [[Meán Fómhair]] [[1958]]. Sa bhliain chéanna, fuair a bhean colscaradh uaidh. Bhí sé thar barr ag glacadh buntáiste ar mhná óga, áfach. Bhí sé ina [[Máistir striapach|mháistir]] ag striapach sé bliana déag, agus san am chéanna, bhí sé ag baint leasa as cailín saibhir. Fuair sé é féin i bhfianaise an dlí arís i Meán Fómhair [[1959]]. An uair seo, ba é an t-ábhar a bhí i gcaingean ná go ndearna sé iarracht seic brionnaithe státchiste a shóinseáil. D'admhaigh Manson go raibh sé ciontach, ach mar sin féin, scaoileadh saor ar parúl é, ó bhí striapach óg darbh ainm Leona - "Candy Stevens" a dtugadh sí uirthi féin agus í ag dul le striapachas - ag impí ar na breithiúna go raibh sí dúnta i ngrá le Manson agus go bpósfadh sí é dá bhfaighfí cead a chos aige. Phós siad ceart go leor, ach nuair a bhí sé ag trasnú theorainn California le Candy agus bean eile a thabhairt go [[Nua-Mheicsiceo]] le haghaidh striapachais, cheap na póilíní é le haghaidh ceastóireachta. Is amhlaidh a bhí Manson ag sárú "[[Acht Mann]]", an t-acht feidearálach a chuireann cosc ar iompar na mban ó stát go stát le haghaidh striapachais. Níor caitheadh Manson i dtóin phríosúin an turas seo, ach shíl sé go raibh fiosrú éigin ar siúl ina aghaidh, agus chuaigh sé ar a theitheadh ón dlí. Bhí an ceart aige go raibh fiosrú ar bun, agus nuair a chaill na húdaráis radharc air, d'eisigh siad barántas binse air. In Aibreán 1960, rinneadh díotáil air as an sárú a rinne sé ar Acht Mann. Nuair a rugadh ar striapach dá chuid-sean i Laredo, Texas i Mí an Mheithimh 1960, tháinig na húdaráis ar rian Manson féin, agus gabhadh é. Tugadh ar ais go dtí Los Angeles é. Ó bhí sé tar éis chuntair a phromhaidh a shárú, chaithfeadh sé iomlán na ndeich mbliana príosúnachta a chur de a bhí gearrtha dó as brionnú an tseic státchiste.
[[Íomhá:CharlesManson2014.jpg|clé|mion|2014]]
 
I Mí Iúil 1961, tugadh Manson ó [[Príosún Contae Los Angeles|Phríosún Contae Los Angeles]] go [[Peannadlann]] na Stát Aontaithe i McNeil Island ([[Oileán Mhic Néill, Washington|Oileán Mhic Néill]]) i Stát Washington. Níor bacadh le sárú Acht Mann. Ba é brionnú an tseic ba phríomhchúis leis an bpríosúnacht seo, agus ós coir fheidearálach a bhí ann, mar a deirtear sna Stáit - coir in aghaidh dhlí na Stát go léir, seachas aon Stát amháin - chaithfeadh sé an téarma a chur de i bpeannadlann fheidearálach, seachas príosún áitiúil. Sa tuairisc bhliantúil a thug foireann na peannadlainne ar Mhanson i Meán Fómhair 1961, dúradh go raibh Manson i gcónaí ag iarraidh súil na ndaoine eile a tharraingt air féin - gur theastaigh uaidh a bheith ina phocaide i lár an aonaigh. Sin é an breithiúnas a tugadh air i dtuairisc eile ón mbliain 1964. Sa bhliain 1963, fuair Leona, "Candy Stevens", colscaradh ó Mhanson. D'áitigh sí gur saolaíodh mac di arbh é Manson a athair, agus gurbh é an t-ainm a bhaist sí ar an leanbh ná Charles Luther Manson.
 
Line 55 ⟶ 58:
 
Dúirt Manson gur chuir sé suim i gcóras feidhmithe a intinne féin san am sin, agus gur theastaigh uaidh tuilleadh a fhoghlaim faoi na daoine agus faoi na creidimh éagsúla. Chuir sé suim san [[Eoleolaíocht]] ach go háirithe, nó phioc sé suas uraiceacht na fealsúnachta seo ó fhear a bhí ag cur isteach a théarma príosúnachta sa chillín chéanna. Nuair a d'fhiafraigh foireann na peannadlainne de, cén reiligiún a bhí á chleachtadh aige, is é an freagra a thug sé san am seo gur Eoleolaí a bhí ann féin. Ní raibh an fhoireann ag aontú leis, áfach. Dúirt siad ina gcuid tráchtaireachta féin nach raibh Manson ábalta cloí le haon chreideamh ach ar feadh tamaill ghairid, agus nach raibh sé in ann mórán leasa a bhaint as aon cheann acu. Iar-Eoleolaí a bhí in Bruce Davis freisin, fear a bhí ina chomhchoirí ag Manson i bhfad ní ba deireanaí: chaith Davis seal sna hEoleolaithe i Londain sna blianta 1968-69, ach tugadh bata agus bóthar dó go luath, ó bhí sé ag plé le drugaí.
[[Íomhá:MansonB33920 8-14-17 (cropped).jpg|mion|2017]]
 
Sa bhliain 1966, haistríodh Manson go [[Terminal Island]], príosún feidearálach i Los Angeles. Bhí sé le cead a chos a fháil go luath ina dhiaidh sin. Ó bhí sé tar éis níos mó ná leath a shaoil a chaitheamh i bpríosúin éagsúla, d'iarr sé ar na húdaráis go gcoinneofaí istigh é fiú i ndiaidh dó a théarma a chríochnú, ach diúltaíodh dó.
 
Line 71 ⟶ 74:
 
=== An Chosair Easair ===
[[Íomhá:Never Learn Not to Love by The Beach Boys, 1968.jpg|mion|''Never Learn Not to Love'' le The Beach Boys nó ''Cease to Exist'', le Charles Manson]]
 
Faoin am seo, tháinig [[The Beatles (albam)|Albam Bán na m''Beatles'']] amach. Bhí dúil nimhe ag Manson i saothar na m''Beatles'' roimhe sin féin, ach má bhí féin, chuaigh an ceirnín seo sa smior aige. Shíl sé gurb é cogadh na gciníocha ba bhrí le teideal an amhráin úd ''Helter Skelter'', agus thosaigh sé ag scéalaíocht faoin ''helter skelter'', faoin gcosair easair, a dhéanfaí de na Stáit Aontaithe nuair a d'éireodh an cine gorm amach. Chuir sé béim ar an ngeit a bhain dúnmharú [[Martin Luther King|Mhartin Luther King]] as na Gormaigh, agus é suite siúráilte go sílfeadh na Gormaigh gur tháinig deireadh le bealach na síochána le bás King agus go raibh sé in am acu dul chun cogaidh. Mhínigh sé dá mhuintir go raibh scéal an chogaidh seo le léamh i liricí an Albaim Bháin ag an té a raibh an tuiscint aige - ag Manson féin, gan dabht.
 
Line 79 ⟶ 82:
 
I dTeach an Fhomhuireáin Bhuí, bhí Muintir Mhanson ag staidéar na mapaí agus ag déanamh a gcuid téisclime lena n-éalú a dhéanamh i dtús na Cosrach Easrach. Bhí siad ag ullmhú an cheoil freisin a thaifeadfaidís le tús a chur leis an gcogadh. Bhí sé socraithe ag Manson go dtiocfadh Terry Melcher, an léiritheoir ceoil, go Teach an Fhomhuireáin Bhuí le cluas a thabhairt don cheol. Níor tháinig, rud a bhain mealladh as Manson. Is dócha gurbh é an mealladh seo a chuir ag déanamh a chuid dúnmharuithe é.
[[Íomhá:2007 03 Old Noblesville jail-once home to Charles Manson.jpg|mion|priosún Old Noblesville]]
 
Ar an [[23 Márta]] [[1969]], rinne Manson treaspás ar an réadmhaoin i m[[Benedict Canyon, Los Angeles|Benedict Canyon]] ag [[10050 Cielo Drive]]. Shíl seisean gur le Melcher an áit, ach le fírinne bhí Melcher tar éis aistriú go teach eile cúpla mí roimhe sin. Anois, bhí Polański agus Tate i ndiaidh an teach a fháil ar cíos ó Rudy Altobelli. Chuir an grianghrafadóir Sharokh Hatami, cara le Tate, sonrú i Manson agus chuaigh ag cur forráin air. Bhí Hatami ansin le grianghraif a thógáil de Tate roimh a turas go dtí an Róimh ar an eitleán an lá arna mhárach. Chonaic Hatami ar an bhfuinneog go raibh fear éigin amuigh os comhair an tí, agus chuaigh sé féin amach ar an bpóirse os comhair an tí le bleid a bhualadh ar an gcuairteoir aisteach seo. D'fhiafraigh sé de Mhanson, cén gnó a bhí aige san áit, agus d'inis Manson gurbh é Melcher a bhí ag teastáil uaidh, ach ní raibh Hatami eolach ar an mbaint a bhí ag Melcher leis an áit, is dócha: dúirt sé le Manson gur chóir dó triail a bhaint as an teach beag aíochta taobh thiar den teach mhór. Níor tháinig Manson ar Melcher ansin, agus b'éigean dó filleadh abhaile.
 
Line 95 ⟶ 98:
 
Níos déanaí, agus é ag caint leis na hiriseoirí, dúirt Bobby Beausoleil go ndeachaigh sé chuig Hinman le hairgead a éileamh air, toisc go raibh daoine de Mhuintir Mhanson tar éis drugaí a cheannach ó Hinman nach raibh siad sásta leo. D'áitigh Beausoleil freisin nár tháinig na cailíní leis ach le dul ar cuairt chuig Hinman agus nach raibh a fhios acu an gnó a bhí aige féin chuig an bhfear. Ón taobh eile de, dúirt [[Susan Atkins]] sa dírbheathaisnéis a bhreac sí síos sa bhliain 1977 go bhfuair sise, Beausoleil agus Brunner ordú soiléir ó Mhanson Hinman a mharú agus a oidhreacht a ghoid.
[[Íomhá:Sharon Tate in Eye of the Devil trailer 2.jpg|mion|Sharon Tate]]
 
==== Dúnmharú Sharon Tate ====
Line 107 ⟶ 111:
 
Ansin, chuaigh Tex Watson isteach tríd an bhfuinneog agus lig sé isteach na cailíní trí dhoras mhór an tí. Nuair a bhí siad ag cogarnach le chéile, dhúisigh duine de mhuintir an tí, Wojciech Frykowski, cara Polannach de chuid fhear an tí. Thug Tex cic sa chloigeann dó, agus nuair a d'fhiafraigh Frykowski cérbh é féin, is é an freagra a fuair sé ná: "Is mise an diabhal, agus tháinig mé anseo le diabhlaíocht a dhéanamh."
[[Íomhá:Tate family grave.JPG|clé|mion|Muintir Tate]]
 
De réir is mar a d'ordaigh Tex, chuaigh Susan Atkins ar lorg an triúir eile a raibh cónaí orthu sa teach agus thug sí go dtí an parlús iad. Ba iad Sharon Tate, agus í ag iompar clainne le hocht mí go leith, Jay Sebring, iar-leannán de chuid Tate a raibh clú air mar ghruagaire a chuireadh caoi ar fhoilt na ndaoine cáiliúla, agus Abigail Folger, banoidhre óg saibhir a raibh cumann grá aici le Frykowski. Bhí Roman Polański, fear an tí, i Londain ag obair ar scannán nua.
 
Line 127 ⟶ 131:
 
An oíche i ndiaidh dhúnmharú Sharon Tate agus a chairde, chuir Charles Manson scuad nua dúnmharfóirí le chéile. Bhí sé míshásta leis an dóigh a ndearnadh an ródach i dteach mhuintir Tate, agus theastaigh uaidh "ceacht" a mhúineadh dá chuid cúlaistíní - "an dóigh cheart" a thaispeáint dóibh. Ar an scuad seo, bhí an ceathrar a bhí páirteach sna dúnmharuithe tigh Tate, chomh maith le Leslie Louise Van Houten agus Steve Dennis "Clem" Grogan. Bean de na cailíní i háram Mhanson ab ea ise. Maidir le "Clem" Grogan, bhí aithne éigin aige ar Dennis Wilson ó na ''Beach Boys''. Thairis sin, bhí sé á iompar mar a bheadh sé ar chiall na bpáistí, ach is é an dearcadh a bhí ag a lán de Mhuintir Mhanson nach raibh sé ach á ligean air féin.
[[Íomhá:Charles Manson signature2.svg|mion|333x333px]]
 
Sa deireadh, stop gluaisteán Mhanson agus a mhuintire ag 3301 Waverly Drive. Ansin a bhí cónaí ar Leno LaBianca, bainisteoir ollmhargaidh, agus a bhean chéile Rosemary, comhúinéir siopa éadaí. Bhí an áit suite i gceantar Los Feliz, Los Angeles|Los Feliz]], agus in aice leis, bhí teach ina raibh cóisir fhiáin ag Muintir Mhanson an bhliain roimhe sin.
 
Line 135 ⟶ 139:
 
{{DEFAULTSORT:Manson, Charles}}
 
[[Catagóir:Coirpigh]]
[[Catagóir:Daoine a rugadh i 1934]]
[[Catagóir:Daoine beo]]
[[Catagóir:Rac-cheol]]
[[Catagóir:Coirpigh Mheiriceánacha]]