An difríocht idir athruithe ar: "Whitey Bulger"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 1:
[[Íomhá:James Bulger 1994.jpg|thumb|upright|Whitey Bulger sna 1990í]]
Ba mháistir coiriúlachta [[SAM|Meiriceánach]] é '''James Joseph "Whitey" Bulger, Jr. ''' ([[3 Meán Fómhair]] [[1929]] – [[30 Deireadh Fómhair]] [[2018]]).<ref>{{Lua idirlín|url=https://www.examinations.ie/tmp/1581725260_1151577.pdf|teideal=AN TAOBH DORCHA DE GHAEL-MHEIRICEÁ|údar=examinations.ie|dáta=2006|foilsitheoir=Sa leabhar, Paddy Whackedː The Untold Story of the Irish American Gangster, ríomhann an t-údar T. J. English scéal agus stair na gcoirpeach Gael-Mheiriceánach ó aimsir an Ghorta go dtí ár linn féin.|dátarochtana=2020}}</ref> Rugadh é i n[[Dorchester]], comharsanacht de [[Bostún|Bhostún]], [[Massachusetts]]. Bhí Bulger i gceannas ar an Winter Hill Gang, drong coirpeach lonnaithe i [[Somerville]], Massachusetts. Bhí sé réitithe go dtabharfadh sé faisnéis don [[FBI]] i dtaobh choirpeach eile, gan aon chur isteach ag an FBI ar a chuid coireanna féin. Cuireadh náire ar an mbiúró sa bhliain [[1997]] nuair a nocht an páipéar nuachta ''[[The Boston Globe]]'' an réitiú sin eatarthu os comhair an tsaoil.
Ar [[19 Lúnasa]] [[1999]], cuireadh Bulger ar liosta an deichniúr coirpeach is mó tóir orthu ag an FBI. Tá cambheartaíocht, 19 dúnmharú, sracaireacht airgid, níochán airgid, comhcheilg, agus dáileadh drugaí támhshuanacha curtha ina leith. Tar éis 16 bliana a bheith caite ag Bulger ar a theitheadh, gabhadh eisean agus a chailínchara ar [[23 Meitheamh]], [[2011]] in [[Santa Monica, California|Santa Monica]], [[California]] ag an árasán a raibh siad ina gcónaí ann. Bhí Bulger 81 bliain d’aois ag am a ghabhála.