An difríocht idir athruithe ar: "Mairéag Ní Chonchúir Fhailí"

Content deleted Content added
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
Leathanach cruthaithe le 'Tugann an banuasal '''Mairéag Ní Chonchúir Fhailí''' (fl. 1553) léargas ar an lámh a bhí ag mná i gcúrsaí polaitíochta agus sóisialta in Éirinn sa 16ú hao...'
 
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
mNo edit summary
Líne 1:
Tugann an banuasal '''Mairéag Ní Chonchúir Fhailí''' (fl. 1553) léargas ar an lámh a bhí ag mná i gcúrsaí polaitíochta agus sóisialta in Éirinn sa 16ú haois. D’éirigh léi dul i ndáil chomhairle le Banríon Shasana ar son a hathar agus é de bhuntáiste aici go raibh cairde gaoil aici i Sasana agus (rud nár ghnách le huaisle de shliocht na nGael) go raibh eolas aici ar an mBéarla.
 
B’iníon le Brian mac Chathaoir Uí Chonchúir Fhailí ba ea MaigréagMairéag. Bhí a hathair ar na tiarnaí a thacaigh le Tomás Mac Gearailt (Tomás an tSíoda) tar éis dó éirí amach i gcoinne [[Anraí VIII Shasana]]. Ordaíodh d’athair Thomáis, Gearóid Mac Gearailt, Fear Ionaid na hÉireann, teacht chun Londan, agus chuala Tomás gur básaíodh Gearóid agus go leanfadh Tomás féin é. Chun teacht roimhe seo chuaigh Tomás go [[Baile Átha Cliath]] agus céad is daichead marcach leis a raibh frainse síoda ar a gclogaid, rud a d’fhág “Tomás an tSíoda” air mar leasainm. Theip air caisleán Bhaile Átha Cliath a ghabháil in 1534 ach lean sé air ag troid. Ghéill sé faoi dheireadh nuair a gealladh trócaire dó, ach básaíodh é féin agus cúigear uncailí leis ag Tyburn in 1537.<ref name=”history”>History Files: https://www.historyfiles.co.uk/KingListsBritain/GaelsUiFailghe.htm</ref>
 
Ciontaíodh Brian i dtréas ach tugadh pardún dó agus rinneadh Barún Uíbh Fhailí de in 1538.<ref name=”history”/> Mar sin féin, deir na hAnnála gurbh éigean dá iníon Mairgréag dul go Sasana in 1553 chun Brian a iarraidh ar [[Máire I Shasana|an mBanríon Máire I]] agus gur fágadh bránna (i.e. gialla) eile ina áit.