An difríocht idir athruithe ar: "Bunreacht na Beilge"

Content deleted Content added
Chruthaigh mé an leathanach seo.
(No difference)

Leagan ó 16:00, 3 Márta 2020

Is ó 1831 Bunreacht na Beilge (Ollainnis: Belgische Grondwet, Fraincis: Constitution belge, Gearmáinis: Verfassung Belgiens). Ó shin i leith, tá an Bheilg ina monarcacht pharlaiminteach lena gcuirtear i bhfeidhm prionsabail na freagrachta airí as beartas an rialtais agus Trias Politica i bhfeidhm. Leis an mBunreacht, bunaíodh an Bheilg mar stát aonadach láraithe. Ó 1970, áfach, trí athchóirithe stáit comhleanúnacha, d'éirigh an Bheilg chun bheith ina stát feidearálach.

Rinneadh an t-athrú radacach deireanach ar an mBunreacht in 1993 agus foilsíodh é ina dhiaidh sin i leagan athnuaite d'Iris Oifigiúil na Beilge. Ceanna de na hathruithe is tábhachtaí a rinneadh ná tabhairt isteach na Cúirte Eadrána ar síneadh a n-iniúlachtaí trí dhlí speisealta ó 2003 chun Teideal II (Airteagail 8 go 32), agus Airteagail 170, 172 agus 191 den Bhunreacht a chumhdach. Ar an gcaoi sin, forbraíodh an Chúirt chun bheith ina cúirt bhunreachtúil agus i mBealtaine 2007 athainmníodh í mar "Chúirt Bhunreachtúil". Tá an t-údarás ag an gCúirt a scrúdú an bhfuil dlí nó foraithne ag comhlíonadh Theideal II agus Airteagail 170, 172 agus 191.