An difríocht idir athruithe ar: "Bunreacht na Beilge"

Content deleted Content added
No edit summary
Líne 129:
In Airteagal 106, cinntear nach bhfuil aon fheidhm ag gníomh ar bith de chuid an Rí ach amháin má chomhshíníonn aire é agus, nuair a dhéanann an t-aire amhlaidh, glacann sé nó sí air nó uirthi féin freagracht as an ngníomh sin. Ciallaíonn sé sin nach é an Rí atá freagrach as na gníomhartha sin ach is é an t-aire. Is é sin toradh díreach ar dhosháraitheacht phearsa an Rí, a bhunaítear le hAirteagal 88, agus ar phrionsabal na freagrachtaí airí, a bhunaítear le hAirteagal 1010.
 
====Comhphobail agus Réigiúin====
''Féach freisin: [[Comhphobail, réigiúin agus limistéir teanga na Beilge]]''
 
I gCaibidil IV, a bhfuil ''Na Comhphobail agus Na Réigiúin'' mar theideal uirthi, tá Airteagail 115 go 140. Tá sí roinnte ina dhá roinn, agus tá an dá roinn sin foroinnte ina dhá fhoroinn. Tá ''Na Comhlachtaí'' mar theideal ar Roinn I agus bunaítear léi comhlachtaí na gComhphobal agus na Réigiún agus an bealach ina bhfeidhmíonn siad. Tá sí foroinnte ina dhá fhoroinn a bhaineann leis an gComhphobal agus na Parlaimintí Réigiúnacha agus an Comhphobal agus na Rialtais Réigiúnacha, faoi seach. Tá ''Na hInniúlachtaí'' mar theideal ar Roinn II agus sainítear léi tuilleadh inniúlachtaí agus freagrachtaí na gComhphobal agus na Réigiún. Tá sí foroinnte ina trí fhoroinn a bhaineann le hinniúlachtaí na gComhphobal, inniúlachtaí na Réigiún agus forálacha speisialta maidir leis na hinniúlachtaí sin, faoi seach.
 
Le hAirteagal 115 de Roinn I, bunaítear Parlaimint an Chomhphobail Phléimeannaigh, ar a dtugtar an Pharlaimint Phléimeannach, Parlaimint Chomhphobal na Fraincise agus Parlaimint Chomhphobal na Gearmáinise. Foráiltear leis tuilleadh go mbeidh ag gach Réigiún parlaimint, as ar tháinig Parlaimint na Vallúine agus Parlaimint na Bruiséile. Feidhmíonn Parlaimint Fhlóndras inniúlachtaí Pharlaimint an Chomhphobail Phléimeannaigh agus Pharlaimint Réigiún Fhlóndras araon. In Airteagal 116, sonraítear go bhfuil na parlaimintí comhphobail agus réigiúnacha comhdhéanta de bhaill thofa. Ní mór baill de pharlaimint chomhphobail a bheith tofa go díreach chuig an bparlaimint chomhphobail sin nó chuig parlaimint réigiúnach, arb amhlaidh atá i gcás Pharlaimint Chomhphobal na Fraince, agus baineann an rud céanna leis na parlaimintí réigiúnacha.
 
Toghtar baill na bparlaimintí comhphobail agus réigiúnacha ar feadh tréimhse oifige 5 bliana agus, i gcomhréir le hAirteagal 117 den Bhunreacht, ní mór na toghcháin sin a chomóradh tráth a chomórtar na toghcháin chuig Parlaimint na hEorpa, ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt le dlí speisialta. Le hAirteagal 119, foráiltear nach féidir le ball de pharlaimint chomhphobail nó réigiúnach a bheith ina bhall nó ball den Pharlaimint Fheidearálach ag an am céanna. Is é an t-aon eisceacht a ghabhann leis an riail sin ná na Seanadóirí Comhphobail a dhéanann ionadaíocht do pharlaimint a gComhphobail nó a Réigiúin sa Seanad. Le hAirteagal 120, tugtar an díolúine pharlaiminteach chéanna do na baill de pharlaimintí comhphobail agus réigiúnacha leis an díolúine atá ag baill na Parlaiminte Feidearálaí.
 
Le hAirteagal 121, bunaítear Rialtas Fhlóndras, Rialtas Chomhphobal na Fraincise agus Rialtas Chomhphobal na Gearmáinise agus foráiltear leis go mbeidh ag gach réigiún rialtas freisin. Is é atá i Rialtas Fhlóndras an rialtas ar an gComhphobal Pléimeannach agus ar Réigiún Fhlóndras araon. Toghtar baill gach rialtais comhphobail nó réigiúnaigh gach a bparlaimintí faoi seach.
 
I Roinn II, cinntear inniúlachtaí agus freagrachtaí na gComhphobal agus na Réigiún. Le hAirteagal 127 d'Fhoroinn I, foráiltear go bhfuil Parlaimint Fhlóndras agus Parlaimint Chomhphobal na Fraincise freagrach as cúrsaí cultúrtha agus as oideachas ach, mar sin féin, níl na Comhphobail, a mhéid a bhaineann leis an oideachas, freagrach as cinneadh a dhéanamh maidir leis an aois ag a dtosaíonn agus ag a gcríochnaíonn oideachas éigeantach, na híoscheanglais le haghaidh céimeanna a bhronnadh agus pinsin. In Airteagal 128, sonraítear go bhfuil Parlaimint Fhlóndras agus Parlaimint Chomhphobal na Fraincise freagrach as ábhair a bhaineann leis an duine aonair. De bhreis air sin, tá Parlaimint Fhlóndras agus Parlaimint Chomhphobal na Fraincise freagrach freisin as an gcomhar idir na comhphobail agus tá an chumhacht acu conarthaí a dhéanamh i dtaca lena n-inniúlachtaí.
 
I gcomhréir le hAirteagal 129, tá Parlaimint Fhlóndras agus Parlaimint Chomhphobal na Fraincise freagrach freisin as reachtaíocht a bhaineann le húsáid na dteangacha i riarachán agus i seoladh gnó oifigiúil, san oideachas agus i gcaidreamh idir fostóirí agus a bpearsanra, laistigh de theorainneacha áirithe. Ní féidir leo reachtaíocht a rith maidir le húsáid na dteangacha i dtaca le cásanna ina bhfuil an fhreagracht ag an bParlaimint Fheidearálach, bardais a bhfuil cumais teanga acu , seirbhísí áirithe agus institiúidí feidearálacha agus idirnáisiúnta.
 
Le hAirteagal 130, bunaítear inniúlachtaí Pharlaimint Chomhphobal na Gearmáinise. Sonraítear ann go bhfuil Parlaimint Chomhphobal na Gearmáinise freagrach as cúrsaí cultúrtha, ábhair a bhaineann leis an duine aonair, oideachas, laistigh de na teorainneacha céanna leis na parlaimintí comhphobail eile, an comhar idir na comhphobail agus comhar idirnáisiúnta, lena n-áirítear an chumhacht chun conarthaí a dhéanamh i dtaca lena n-inniúlachta, agus úsáid na dteangacha san oideachas. Murab ionann is na comhphobail eile, ní bhíonn tromlach speisialta sa Pharlaimint Fheidearálach ag teastáil i leith na ndlíthe maidir le hinniúlachtaí Chomhphobal na Gearmáinise.
[[Catagóir:An Bheilg]]
[[Catagóir:Bunreachtanna]]