An difríocht idir athruithe ar: "Nynorsk"

Content deleted Content added
Líne 19:
==Caighdeánú na teanga==
 
Nuair a thosaigh daoine eile ag baint úsáide as an ''Landsmål'', tháinig easaontas ar an bhfód ina measc chomh maith. Is léir go raibh siad claonta chun an-urraim a thabhairt do bharúil Aasen, ach san am chéanna bhí a mbarúlacha féin acu: an file [[Aasmund Olavsson Vinje]], an prós-scríbhneoir [[Arne Garborg]] agus an t-iriseoir [[Olaus Fjørtoft]] ach go háirithe. Ba é Fjørtoft an duine ba radacaí acu, i gcúrsaí teanga agus i gcúrsaí polaitíochta araon, nó bhí sé ar duine de na chéad Sóisialaithe san Iorua. Bhí sé inbharúla go gcaithfí tús áite a thabhairt don chanúint bheo, agus dá réir sin chleachtaíodh sé teanga scríofa a bhí an-chosúil le canúint cheantar a dhúchais. Maidir le Garborg (a thug cur síos liteartha ar Fjørtoft san úrscéal úd ''Bondestudentar'', "Mic Léinn ón Tuath"), dhréachtaigh seisean a chaighdeán féin don Landsmål, ''Midlandsnormalen'' nó Caighdeán Lár na Tíre.
 
Cé go raibh leaganacha éagsúla den teanga scríofa ag teacht ar an bhfód mar sin, bhí chéad chaighdeán oifigiúil an ''Nynorsk'' bunaithe ar shaothar Aasen don chuid ba mhó. Níor athraigh sin ach nuair a thosaigh ligeadóirí agus casadóirí an chaighdeáin ag iarraidh an dá theanga scríofa a thabhairt in araicis a chéile, agus an cuspóir acu go gcumascfaí an dá theanga scríofa in aon cheann amháin, an ''Samnorsk'' mar a thugtaí uirthi. Ba é an scoláire béaloidis [[Moltke Moe]] ba mhó a bhí ag cur chun cinn an pholasaí seo. Thar aon rud eile theastaigh uaidh an ''Bokmål'' a dhéanamh ní ba chosúla leis an Ioruais labhartha agus an chuid ba mhó den "Danmhargachas" a bhaint den teanga sin, ach san am chéanna bhítí ag iarraidh an ''Nynorsk'' a shimpliú agus a dhéanamh ní ba shofhoghlamtha acu siúd a bhí ag cleachtadh an ''Bokmål''.
 
Rinneadh athchóiriú ar litriú an ''Landsmål'' sa bhliain 1910 agus ar litriú an dá theanga sa bhliain 1917. Ní raibh athrú mór i gceist go fóill, agus fágadh faoi na scríbhneoirí féin an ghné ba radacaí den athchóiriú a úsáid nó droim láimhe a thabhairt di. Cruthaíodh an ''Nynorsk'' nua-aimseartha leis na hathchóirithe a chuaigh i bhfeidhm sa bhliain 1938 agus, ina dhiaidh sin, sa bhliain 1959.