An difríocht idir athruithe ar: "Béal Átha na Sluaighe"

no edit summary
Baile in oirthear [[Contae na Gaillimhe|Chontae na Gaillimhe]] le daonra thart ar 6,000 is ea '''Béal Átha na Slua'''. Tá sé ar an mbóthar N6 as [[Gaillimh]] go [[Baile Átha Luain]] agus [[Baile Átha Cliath]], i lár na h[[Éire]]ann. Stopann traein na Gaillimhe ar a bealach go Baile Átha Cliath sa bhaile freisin. Tá an baile suite ar [[An tSuca]], agus ceaptar gur mar gheall ar an oiread daoine a bheith ag trasnú na habhann ag an bpointe sin a thuill sé a ainm. Tá aonach mór, "Aonach na gCapall", ar an mbaile ón 18ú Aois, agus tá sé ar na haontaí capall is faide ar bun san Eoraip. Bíonn féile agus aonach fós ar bun ag an am chéanna gach bliain.
 
Tá aithne ar an mbaile mar go bhfuil dhá ospidéal ann, Ospidéal Phortiuncula, ar ospidéal ginearálta é, agus Ospidéal Naoimh Bríde, ospidéal [[meabhairghalar|meabhairghalair]]. Tá [[Ospidéal Naoimh Bríde]] ar tí dúnadh de réir mar a aistrítear othair mheabhairghalair go dtí cúram clinicí lasmuigh den [[ospidéal]], agus go minic go tithíocht a chuireann an stát ar fáil. Bhí monarcha ag comhlacht pinn [[SAM|Meiriceánach]] [[A. T. Cross]] sa bhaile, ach tá sé tar éis dúnadh, mar aon le monarcha bróg Dubarry agus monarcha FourSquare. Cé go bhfuil Gaillimh ag fás, is beag dul ar aghaidh atá le sonrú i mBéal Átha na Sluaighe féin, mar gheall ar an gcailliúint oibre tar éis monarchana a dhúnadh le blianta beaga anuas.
 
==Stair==
90

edits