An difríocht idir athruithe ar: "Dónall Ó Conaill"

Content deleted Content added
Líne 42:
Cuireadh [[dlí]] nua i bhfeidhm i dtreo go mbeadh cead ag an gConallach a shuíochán a ghlacadh mar bhí eagla ar an [[rialtas]] go mbeadh [[Réabhlóid|éirí amach]] eile ann in Éirinn.<ref>{{Luaigh foilseachán|title=O'Connell: The Life of Daniel O'Connell, 1775-1847|url=https://books.google.fr/books/about/O_Connell.html?id=GEywkgEACAAJ&redir_esc=y|publisher=Weidenfeld and Nicolson|date=1991|language=en|author=Oliver MacDonagh}}</ref>
 
Ritheadh an t[[AchttAcht Faoisimh do Chaitlicigh]] sa bhliain 1829 nuair a bhí [[Arthur Wellesley, an chéad Diúc Wellington|Arthur Wellesley]] (an chéad Diúc Wellington) ina [[Príomh-Aire|phríomh-aire]]. Tugadh aontú an rí ar an [[13 Aibreán]] [[1829]]. Thug an t-Acht cead d'fhir Chaitliceacha a bhí ábalta vótáil dul isteach i b[[Teach Theachtaí na Ríochta Aontaithe|Parlaimint Shasana]] agus post a bheith acu i seirbhís an stáit nó sna [[fórsaí armtha]]. Bhí a aidhm bainte amach ag an gConallach ansin.
[[Íomhá:Daniel O'Connell2.jpg|clé|mion|Alfred M. Hoffy (1790-1860)]]
 
Líne 54:
Cuireadh saighdiúirí agus longa breise go [[Baile Átha Cliath]] agus chuir príomh-aire na Breataine, [[Robert Peel|Sir Robert Peel]], cosc ar an gcruinniú. Níor ghlac an Conallach le foréigean, nó níor theastaigh uaidh cogadh a chothú. Mar sin, bhí sé sásta an cruinniú a chealú. De bharr an chineál seo géilliúlachta, áfach, thosaigh an Conallach ag cailleadh na gnaoi a bhí ag muintir na hÉireann air go dtí sin.
 
Gabhadh an Conallach, cuireadh tréas ina leith air agus gearradh bliain príosúnachta air. Scaoileadh saor é nuair a bhí trí mhí caite aige sa phríosún, áfach .[[Íomhá:Daniel O'Connell, defending the rights of his countrymen.jpg|288x288px220x220px|thumb|An Conallach ag cur in aghaidh [[Acht an Aontais]].|alt=]]
 
== Ó Conaill sa bhéaloideas, agus an Ghaeilge ==
Líne 73:
 
=== Scéal tipiciúil béaloidis faoin gConallach agus an Ghaeilge ===
[[Íomhá:O'Connell Monument to Daniel O'Connell at O'Connell Avenue, Limerick City.jpg|mion|288x288px220x220px|Cuimhneacháin, [[Luimneach]]|alt=]]
Fuair Dónall Ó Conaill cuireadh dinnéir i Londain agus cuireadh nimh ina chupán. Ach bhí cailín ó Éirinn ann agus bhí Gaeilge aici. Bhí a fhios aici go raibh an nimh curtha ina chupán agus theastaigh uaithi gaoth an fhocail a thabhairt do Dhónall. Bhí Dónall ann agus é ar chlíothán an bhoird, agus tháinig an cailín agus gach aon ní aici á chur ar an mbord i gcóir an dinnéir; agus bhí stíobhard ag socrú an bhia - a phláta féin agus a chupán féin aige á chur ar a aghaidh amach. Ghabh an cailín isteach agus labhair sí:
 
Líne 92:
Is é an míniú is minicí a thugtar ar an mBéarlóireacht seo ná go raibh sé ag díriú ar na nuachtáin[tagairt?]. Is é sin, ní raibh gá leis an nGaeilge, ó bhí na Gaeilgeoirí bochta ag tacú leis cheana féin, ach san am céanna, bhí gá leis an mBéarla, ó chaithfeadh sé lucht léite na nuachtán a chur ar athrú comhairle faoi chúis na gCaitliceach. Ba é oighear an scéil, áfach, ná gur thosaigh cainteoirí dúchasacha na Gaeilge ag ceapadh gurbh é an Béarla teanga na polaitíochta, ó nach raibh ach Béarla á labhairt ag fear a n-ionadaíochta féin.
 
[[Íomhá:OConnellMonument.JPG|thumb|200px304x304px|Dealbh chuimhneacháin i m[[Baile Átha Cliath]] ar [[Sráid Uí Chonaill|Shráid Uí Chonaill]], le John Henry Foley|alt=]]
 
== Bás agus Oidhreacht ==
Líne 106:
=== Tionchar ===
Athchóiriú chóras na deachúna a ghearrtaí ar dhaoine nach raibh ina mbaill d'[[Eaglais na hÉireann]] chun tacú léi, agus Aisghairm an Aontais idir Éire agus an Bhreatain Mhór, an dá chúis mhóra polaitíochta ar thug sé fúthu. D'éirigh leis sa chéad cheann go pointe áirithe ach theip ar an dara feachtas
[[Íomhá:Burdett, Peel, O'Connell and Wellington Wellcome L0049028.jpg|link=https://ga.wikipedia.org/wiki/%C3%8Domh%C3%A1:Burdett,%20Peel,%20O'Connell%20and%20Wellington%20Wellcome%20L0049028.jpg|alt=|mion|220x220px|Burdett, Peel, an Conallach agus [[Arthur Wellesley, an chéad Diúc Wellington|Wellington]] "in aghaidh an Bhunreachta" (ar an [[Urlár|úrlár]])]]
 
Bhí tuairimí polaitíochta forásacha ag an Conallach, den chuid is mó, go mór mór maidir le ceisteanna [[An Domhan|domhanda]] ar nós chealú na [[Sclábhaíocht|sclábhaíochta]], nó le ceisteanna intíre ar nós an leasaithe thoghchánaigh [[Parlaimint|pharlaimintigh]]. Mar sin féin, baineadh an bonn ón gcáil a bhí air mar cheannaire an [[Náisiúnachas|náisiúin]], dar le daoine áirithe toisc go raibh sé eascairdiúil le gluaiseacht na g[[ceardchumann]] a bhí ag teacht chun cinn, dar le daoine eile toisc go raibh sé i gcoinne na láimhe láidre (nó foréigean) mar bhealach le saoirse na hÉireann a bhaint amach, agus i gcoinne nasc na hÉireann le [[Monarcachtas in Éirinn|Coróin na Breataine]] a bhriseadh.
 
Ós rud é gur mheasc sé an [[daonlathas]] agus an [[Eaglais Chaitliceach Rómhánach|Caitliceachas,]] agus go raibh suim aige i gceisteanna polaitíochta ar fud na hEorpa agus ar fud an domhain, ceaptar go forleathan gur réamhtheachtaí de cuid an [[Daonlathaithe Caitliceacha|Daonlathais Chríostaí]] a bhí ann.<ref>{{Lua idirlín|url=https://www.facebook.com/UCDSchoolofLaw/posts/2673168686040772|teideal=UCD School of Law|language=ga|work=www.facebook.com|dátarochtana=2020-04-13}}</ref>